Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

400 toradh in 282 doiciméad

  1. #1679439

    Chonaic mé roinnt bratach le rudaí gránna scríofa orthu.

  2. #1708033

    Bhí mise ar imeall an ollshlógaidh agus d’oscail duine éigin bratach thrídhathach.

  3. #1708343

    Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi!

  4. #1799009

    Cad é is fiú an díchoimisiúnú nuair atá an RUC agus bratach na hAontachta caillte agat?

  5. #1991449

    Cuireann sé lúcháir orthu beirt bratach na hÉireann a fheiceáil ag lúbarnaigh go glórmhar sa ghaoth.

    Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921)

  6. #273561

    bratach náisiúnta na hÉireann agus cóip d'Fhorógra na Poblachta le bronnadh ar gach bunscoil sa tír mar chuid de chlár comórtha 100 bliain Éirí Amach na Cásca.  Bronnfaidh Óglaigh na hÉireann bratach trí dhath lámhdhéanta agus cóip den Fhorógra ar os cionn 3,000 scoil náisiúnta idir seo agus mí an Mhárta seo chugainn.

  7. #384270

    Bhí brí shiombalach thar a bheith suntasach leis an mbratach mhór a taispeánadh sa halla i Luimneach toisc feachtas a bhí ar bun ag Maurice Quinlivan le cúpla bliain anuas chun bratach na hÉireann a ghabh fórsaí na Breataine ó ghrúpa reibiliúnaithe Poblachtánacha agus Éirí Amach na Cásca 1916 ag teacht chun críche, bratach atá ar taispeáint san Imperial War Museum i Londain le blianta fada, a thabhairt ar ais go hÉirinn in am do chomóradh 100 bliain 1916.

  8. #1072548

    In ‘Bratach’ díríonn an file súilaibí a rosc ar ghluaisteán de chuid na nGardaí Síochána, maisithe le bratach impiriúil an leoin dheirg agus é suite fé bhratchrann ar a bhfuil an trídathach ar foluain.

  9. #1074829

    Ag na Cluichí tionscnaimh, Cluichí Impireacht na Breataine, in Hamilton, Ontario, Canada, in 1930 bhí foireann ó Éirinn san iomaíocht, faoi bhratach ar tugadh Bratach Chúige Laighean uirthi — bratach dhúghorm agus cláirseach bhuí uirthi.

  10. #1731167

    Go hoifigiúil, is é Bratach an Aontais bratach oifigiúil an stáit ó thuaidh agus fiú le feidhmeannas ag comhoibriú ag *Stormont*, níl an chuma ar an scéal go bhfeicfidh muid arís é ach iompraítear go fóill é.

  11. #272405

    Don gcéad uair ó ré an chogaidh fuar, ardaíodh bratach Stáit Aontaithe Mheiriceá i Havana, príomhchathair Chúba.

  12. #282232

    Ba é inniu Lá an Fhorógra agus bhí searmanais speisialta ar siúl i scoileanna ar fud na tíre / nuair a léadh an Forógra agus ardaíodh Bratach na hÉireann.

  13. #283945

    Mar sin, le linn Chorn an Domhain 2014, ní mba údar iontais é go raibh níos mó bratach dubh-dearg-buí le feiceáil ná riamh cheana.