Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

233 toradh in 193 doiciméad

  1. #330056

    Mar is eol do go leor faoi seo, tá an díbirt thar tír amach á déanamh uirthi, a deirfiúracha agus a dtuismitheoirí.

  2. #865283

    Sroicheann an t-agallamh beirte seo buaic sna véarsaí deireanacha: tá dílseacht an fhile dá dhúchas go mór i gceist sa bhrón a léiríonn sé as briseadh agus as díbirt na nGael.

  3. #986761

    Is cosúil gur cuma anois leis na cumhachtaí oideachais cad as a dtángamar, nó cá bhfuilimid ag dul, mar tá idir stair agus gheograif le díbirt ó chroíchuraclam na meánscoileanna.

    Fearann cogaidh na staire – Pomuiri

  4. #986764

    Is é is brí le díbirt na staire agus le deoraíocht na geograife ná gur leor an aimsir láithreach agus an fód seo ar a mairimid anois.

    Fearann cogaidh na staire – Pomuiri

  5. #988229

    B’í an díbirt a dhein saighdiúirí phoblacht na hÉireann ar arm Shasana an chéad stróiceadh i mbrat mór righin impireacht na Breataine go gairid dá héis.

    Giap, saoirse agus sinne go léir – Alan Titley

  6. #1007230

    Sin iad go díreach na daoine nach bhfuil le ligean isteach acu, nó níos measa fós, le díbirt.

    I ngan fhios dúinn – Alan Titley

  7. #1009628

    Bhí tráth ann go gcuireadh an díbirt óm dhúichí sinseartha féin uaigneas orm, nó ar a laghad fonn filleadh orm.

    Cursa siuil – Gan údar

  8. #1029439

    Giúdaigh, Giofóga, Gayanna, is mór eatarthu ar fad maidir lena ndonas le haimhleas, agus is mór idir díbirt an lae inné agus creachadh an lae inniu.

    Na Giúfódaigh – Alan Titley

  9. #1029448

    B’fhearr leo iad a dhíbirt go dtí Ifreann nó go dtí Oirthear na hEorpa, mar tá an díbirt níos daonna agus níos saoire.

    Na Giúfódaigh – Alan Titley

  10. #1031754

    Ina láimh bhí litir a thug le fios di go raibh sí le díbirt ó mhaidin inné as a teach cónaithe.

    Cárta dearg Cantona don easpa dídine – P.J. Mac Gabhann

  11. #1099764

    Arís agus arís eile d’fhógair na coilínigh féin gur cogadh a bhí ann; cogadh a chríochnaigh le díbirt agus díshealbhú na mBundúchasach.

  12. #1120309

    In 1633-4 chum Fear Dorcha Ó Mealláin an dán ‘An díbirt go Connachta’​ (‘In ainm an Athar go mbuaidh’​ an chéad líne) (i gcló in Nua-dhuanaire 1, 1971).

  13. #1120452

    Ach le díbirt Sir Nioclás b’​éigean dó aistriú go bothán i dTonn Tóime in aice le Caisleán na Mainge.

  14. #1263976

    Mhaígh sé go raibh an Conradh ag éirí “too strong for the ‘National cause’ agus go raibh sé féin, an tAthair Mícheál Ó hIceadha agus Eoin Mac Néill le díbirt ón eagraíocht.