#266243
Dúirt sé freisin go bhféadfadh Fianna Fáil agus Fine Gael cuntas a thabhairt ar cad as a bhí a gcuid airgid ag teacht, go raibh comhartha ceiste faoi mhaoiniú páirtithe polaitíochta eile.
Dúirt cúlbhinseoir eile de chuid Fine Gael, Martin Heyden go raibh paramíleataigh i ndiaidh a gcuid airm a dhíchoimisiúnú ach nár deineadh díchoimisiúnú ar a bpearsanra.
Dúirt an Seanadóir Paul Coghlan, Cathaoirleach an Choiste gurbh fhiú na céadta milliúin na gníomhaíochtaí seo gach bliain.
Mar fhreagra, dúirt an Comhalta Comhthionóil do Shinn Féin, Barry McElduff gur thug Coimisinéir na nGardaí le fios do Shinn Féin, i scríbhinn, nach raibh aon fhaisnéis i seilbh na nGardaí a thabharfadh le fios go raibh struchtúr an IRA fós sa tsiúl nó go raibh aon bhaint acu le smuigleáil nó sciúradh breosla.
Dúirt sé freisin go gcáineann Sinn Féin a leithéid de ghníomhaíochtaí go cinnte dearfa.
Scrúdaigh baill Chomhthionóil Páirliminte na hÉireann agus na Breataine, atá ag céilliúradh 50 bliain inniu, ceantracha na teorann fad a bhí an tuairisc á réiteach acu.