#1621851
Rialaigh breitheamh go raibh baint ag John Downey as Dún na nGall leis an ionsaí agus go raibh freagracht air de réir an dlí shibhialta Éistfear cás eile amach anseo atá á thabhairt in aghaidh John Downey i dtaobh damáistí.

Níor deimhníodh riamh céard ba thrúig bháis di. Ciontaíodh Martin Conmey ina dúnorgain i 1973 agus gearradh téarma príosúin trí bliana air. Cuireadh an ciontú ar ceal in 2010 agus dhearbhaigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil in 2014 gur iomrall ceartais a bhí ann. Deimhníodh san Ard-Chúirt inniu go bhfuil an Stát le damáistí cúitimh a íoc le Martin Conmey. Ciontaíodh fear eile i ndúnorgain Úna Lynskey freisin ach d'éirigh leis an achomharc a rinne sé ag an am. Chreid cuid de mhuintir Lynskey go raibh baint ag an tríú fear - Martin Kerrigan - le marú Úna.