Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

69 toradh in 53 doiciméad

  1. #993881

    “Mar Árannach, ” a deireadh sé, “d’aithnigh mise láithreach cén scabhaitéir a bhí ciontach ….faoileán a bhí tar éis rud suimiúil a fheiceáil san abhainn amuigh agus a thug aníos go dtí an fhuinneog chun scrúdú níos géire a dhéanamh air”.

    Iománaithe ar an chlaí – Seán Ó Héalaí

  2. #1109071

    B’é Barra Liath amuigh ag íor na spéire ceann scríbe ár suime agus dá leagfá beagán ó dheas uaidh sin, chífeá uait dhá mhíle dhéag amach nó mar sin an t-ollstocán carraige ar dhealramh triantáin chomhshleasaigh gur dhóigh leat ná mairfeadh an faoileán féin inti.

  3. #1122469

    Chomh maith leis na leabhair atá luaite thuas scríobh sé: Irish for the People, 1966; trí úrscéal, An Faoileán Bán, 1975, Cnoc na hUamha, 1978 agus Roth an mhuilinn, 1980; Tart na Córa, 1963 (leabhar ar scríbhinní Shéamuis Uí Chonghaile); Jemmy Hope: an chéad sóisialaí Éireannach, 1985; Mé féin is an gairdín, 1986; Henry Joy agus véarsaí eile, 1992.

  4. #1133493

    Thar aon ní eile b’​é Nuabhéarsaíocht a thug Seán Ó Ríordáin ar an saol mar fhile áitithe, dhá bhliain sarar foilsíodh an chéad chnuasach, Eireaball spideoige (1952) ...’​ Chomh luath le 1943 agus 1947 bhí dánta i gcló aige in Comhar ach níor foilsíodh a chéad chnuasach go dtí 1962, Faoileán na Beatha, leabhar a roghnaigh an Club Leabhar.

  5. #1188222

    Maidir le hainm oifigiúil an éin de réir lucht éaneolaíochta - Gavia stellata - thug Plinias Mór gavia (‘faoileán’) ar an lóma rua ina shaothar Historia Naturalis 2,000 bliain ó shin beagnach nó is cosúil gur thóg sé an lóma rua ar son sórt faoileáin.

  6. #1243277

    Agus mo shúile dírithe fós ar chearnóga an éadaigh bhoird, tharlódh gur géire mo chluasa agus iad á mbodhrú anois ag tormáil teasairí agus glagarnach gréithre, ag geonaíl faoileán agus ag gáire ghligín.

  7. #1300276

    B’éigean d’fhoireann an bháid tarrthála in Árainn Mhór ócáid ómóis a fhágáil luath leis an míol mór a fhiosrú Dé hAoine seo caite nuair a chonaic oileánach slua faoileán ag bailiú timpeall ar an ainmhí san fharraige.

  8. #1327961

    Bhí samhlaíocht agus tathag leis i gcuid de na cláir a deineadh faoi chúrsaí litríochta agus cúrsaí ealaíne mar Concerto Caitlín Maude, Ó Pheann an Phiarsaigh, Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga, Faoileán Árann, clár faoi Bhreandán Ó hEithir, agus Harry Clarke – Dorchadas i Solas a bhain le saothar an ealaíontóra gloine.

  9. #1348433

    Agus scéal chailleach an uafáis/mhadra na n-ocht gcos déanta den ndrochaimsir, tá daoine dulta bán agus gach snap acu ar bhollóga aráin, fé mar a bheadh scata faoileán timpeall ar bhairille baoite.

  10. #1365876

    Bhí puirtís beaga deasa á mbronnadh orthu, bratacha beaga Briotanacha á gcroitheadh os a gcomhair, agus buíon polaiteoirí agus iriseoirí ag bolaithíl timpeall orthu fé mar a bheadh scata faoileán os cionn bairille baoití.

  11. #1413208

    ‘Anois a leaids, tá roinnt gearán faighte againn, beidh orm sibh a bhogadh ar aghaidh, is féidir dul síos go Merchants Quay nó thall chuig an mbrú ach ní féidir libh fanacht anseo, tá sibh ag cur isteach ar na turasóirí.’ Agus d’fhéachamar thart, ón áit a rabhamar suite ar an mbinse ar an mboardwalk agus bhí na suíocháin ar fad in aice linn folamh seachas faoileán dúr.

  12. #1449424

    Ach piocadh suas iad, ach go háirithe, ach sular piocadh suas iad, gan dabht, is beag an bia a bhí acu, ní raibh aon uisce acu, agus nuair a cailleadh ceann des na mairnéalaigh tháinig faoileán á phiocadh, agus chuireadar an teitheadh air, ach tháinig sé thar n-ais arís agus mharaíodar é, agus d’óladar a chuid fola, agus sin é a choimeád beo iad.

  13. #1700084

    Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.

  14. #1027699

    Tá scata faoileán amuigh ar an teiscinn a phiocfadh amach is a shlogadh focail gan bhrí.

    Ko Un - bolcán fuinnimh na filíochta ón gCóiré – Gabriel Rosenstock

  15. #1038922

    Níl éinne againn slán." "Tá an ceart ag Pilí," arsa Fearsaí Faoileán.

    Na huibheacha a bhí ag Pia – Gan údar

  16. #1038942

    "Tá Iógaí chun an fharraige go léir a ól!" arsa Fearsaí Faoileán leis.

    Na huibheacha a bhí ag Pia – Gan údar

  17. #1552057

    (Agus, sea, dán faoin fhilíocht féin.) Ní bheadh deacracht ar bith ann ach an oiread an dán, Faoileán Drochmhúinte, a chur in oiriúint do shaol ár linne: ‘Coinnigh do phráib agat féin,/A éin an chraois bhradaigh,/Is le do mharthain arís/An file seo ná salaigh.’ Ag caint faoi fhaoileán a chac air a bhí an fhile ach bheadh cathú ort, ar laethanta seo an idirlín, an dán a ghreamú de do scáileán agus é a sheoladh ar líne gach aon uair a scaoileann amadán gan ainm ‘féirín’ ort.