Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4,230 toradh in 1,899 doiciméad

  1. #353465

    Déanaimse amach gur mó an seans gur dhá véarsa a chum sé féin [Raiftearaí] ach gur chuir daoine eile véarsaí leis le himeacht aimsire.” Ceist eile a phléitear sa leabhar atá thar a bheith spéisiúil ná an scéal atá laistiar den dán Mise Raiftearaí an File, is é sin gur dán magúil é a chum file darbh ainm Seán de Búrca le Raiftearaí a mhaslú, agus go ndearna file eile – Seághan Ó Cealla – athscríobh air.

  2. #670408

    File nua-aimsireach ina ré féin í Máire, ach sílimse gur fhás a ginias go díreach ón dtraidisiún dúchais, a fáisceadh as pobal a mhair ar an tuiscint gurbh idirghabálaí é an file idir an saol seo agus an t-alltar, tuiscint a fréamhaíodh i bhfad siar sa chianársaíocht (féach Dáithí Ó hÓgáin — An File.