Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

70 toradh in 45 doiciméad

  1. #872945

    I bhfocail eile, ba chreideamh é a raibh drámaíocht agus uamhan lárnach ann, creideamh ar shíolraigh a chumhacht ón teannas síoraí sin idir an gnáthshaol mar a bhí agus an saol eile mistéireach osnádúrtha sin a bhraith na daoine de shíor i ngar díobh – na codarsnachtaí ba bhunúsaí a thiomáin saol na cosmhuintire – ollás agus taibhseacht na liotúirge i gcomparáid le suarachas an ghnáthshaoil laethúil, saol iarbhír an osnádúir a bhí follasach, nach mór, agus an bhrúidiúlacht a ghabh le streachailt laethúil na cosmhuintire chun an dé a choinneáil iontu féin.

  2. #983841

    Óir, ní féidir labhairt ar chearta daonna agus ar dhínit an duine de shíor is de ghnáth gan cuimilt bheag éigin teagmhála a bheith acu mar fhocail le himeall eachtrach an tsaoil iarbhír.

    Slobbó – Alan Titley

  3. #1034667

    B’é seo macasamhail mhí na meala agam, cúpla lá le haithne a chur ar an gcathair sara dtabharfainn aghaidh ar dhualgais an tsaoil mhóir, an saol iarbhír, an saol lasmuigh de shaol an mhic léinn, an saol a éilíonn smacht agus géilleadh agus cáin ar thuarasatail agus ainm agus sloinne ar bhosca poist.

    Ag dul sa seans leis an iompar poiblí – Ken Ó Donnchú

  4. #1429847

    En passant atá an méid sin á lua, áfach, agus níl i gceist anseo ach tuairisc a thabhairt ar fhiontar iarbhír an fhile seo agus ar thábhacht dar leis an athcheangail, nó mar a deir sé féin, an ‘snaidhmeadh’ atá sé a dhéanamh idir sinsearacht agus ‘nua-aois’ i dtreo gur DNA na teanga a bheidh ar a shaothar saoil.

  5. #1439132

    Tá de dheifear eatarthu faoi mar atá idir an domhan iarbhír agus an domhan fíorúil, agus sa mhéid sin bheadh an t-údar ar an intinn le Máirtín Ó Direáin san ómós a thugann sé d’fhealsúnacht George Berkely, esse est percipi (ní hann go braistint); is é sin le rá gurb é an taithí bun agus barr an scéil; nó, faoi mar a deir an Direánach ‘tú féin a chuaigh ar an domhain agus na móir úd a d’fhan le cladach.’ Chuige sin, measaim, Eliot sa ráiteas thuas.

  6. #1479413

    Seo é ‘pobal gan bhearna’ (‘An Ghné Oileánda’, Doineann agus Uair Bhreá, 27) na haontachta, an dúchais, na rúndiamhaireachta a mbíonn ‘aghaidh siar de shíor’ (‘Dúluachair’, Cion, 16) ag an bhfile air sa saol iarbhír agus i súil na hintinne.

  7. #1479420

    Seo é ‘pobal gan bhearna’ (‘An Ghné Oileánda’, Doineann agus Uair Bhreá, 27) na haontachta, an dúchais, na rúndiamhaireachta a mbíonn ‘aghaidh siar de shíor’ (‘Dúluachair’, Cion, 16) ag an bhfile air sa saol iarbhír agus i súil na hintinne.

  8. #1623278

    Má bhí teilgean i dtreo na simplíochta morálta faoin Seabhac agus faoin mBairéadach, is fiú dúinn a chuimhneamh gur cuid dhílis de chultúr na n-óg í an teilgean chéanna agus gur minic nach dteastaíonn ó údar, ó pháiste ná ó thuismitheoir dul i ngleic le tranglam mearbhlach na beatha iarbhír sa léitheoireacht.

  9. #1627454

    A luaithe a bhí sé ceaptha ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis deir Ó Torna go bhfeictear ‘plé agus cáineadh agus tuairimíocht réadúil i dtaobh shaol iarbhír na Gaeltachta i saothar dioscúrs[ach] an Phiarsaigh’ (184) agus ‘an cainteoir dúchais Gaeilge á cheangal le hÉireannachas agus le náisiúnachas [náisiúntacht?]’ (185).

  10. #1855471

    Tá ábhar áirithe sna freagraí sin ar fad, mar tá cuid de scéalta Eiriceachtaí chomh háibhéalta agus chomh spraíúil sin nach spreagtar muid le haon ráiteas faoin saol iarbhír a oibriú amach iontu.

  11. #1985599

    Maíonn Ó Torna (2005: 112) gur lonnaigh an tAthair Peadar tréithe an fhíor- Ghaeil i bpríomhcharachtar a úrscéil mar léiriú don lucht léitheoireachta agus éisteachta ar ghnáthcharachtar iarbhír na hÉireann, rud a d'áitigh sé féin nuair a foilsíodh críoch an scéil in The Cork Weekly Examiner sa bhliain 1901...

    "Tusa an t-oide, mise an mac léighinn": Comhairle teanga ón Athair Peadar Ó Laoghaire

  12. #1990956

    Áitíonn Hoare (2001) go mbíonn múinteoirí tumoideachais níos feasaí ar chúrsaí teanga mar thoradh ar a dtaithí iarbhír ar iarracht a dhéanamh cothromaíocht a aimsiú idir an tábhar agus an teanga sa teagasc.

    Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais

  13. #1436541

    Ní hin atá i gceist, ar ndóigh, ach iarracht díriú ar an saol anshocair iarbhír agus ar an aimsir fhrithchrosáideach, nó shaoráideach, ina mairimid, amhail sa dán as Corcach agus Dánta Eile (Coiscéim, 1999) ‘Leathscartha’ le Louis de Paor: Nuair a chonaic mé teideal an leabhair seo Thaidhg Uí Dhúshláine i dtosach shíl mé gur ‘teacht’ a bhí i gceist agus b’ionadh liom nárbh é ‘teacht na heala’ a bhí ann.

  14. #1445768

    Mar a deir Tom Hanson (1992: 21) ina alt ‘Reclaiming the Body: Teaching Modern Poetry’: Murab ionann is an fhilíocht thraidisiúnta, cuireann an nuafhilíocht an domhan iarbhír as a riocht, agus cuireann sí an teanga féin mar a mínítear í i bhfoclóirí agus i leabhair ghramadaí, agus dá réir sin i ranganna teagaisc ollscoile, as a riocht freisin.

  15. #891460

    ar feadh mo shaoil ní raibh uaim ach cneas a bhualadh línte cóc spíd is máirín am chur siar ó thuaidh fallaí folmha an tí ar cíos de shíor sna creathaibh le tiúnaibh Tá ról na teicneolaíochta sa saol iarbhír le feiceáil ar fud an chnuasaigh: ‘an físeán deiridh’ agus ‘Brabhsálaí Dhónaill: Físeáin ag treochtáil’.