Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

81 toradh in 63 doiciméad

  1. #1802898

    Sa deireadh, buíochas le Dia, d'éirigh na vótálaithe, iad siúd i lár Shasana fiú, breán de Voodoo Economics, agus na tréimhsí de bhorradh agus meathlú.

  2. #1959291

    Ina dhiaidh sin cromadh ar ‘an domhan faoi fhorbairt’ a thabhairt orthu, fág nach ag forbairt ach ag meathlú a bhí go leor díobh.

    An chéad domhan eile: Tá 6 billiún duine anois a bhfuil léamh agus scríobh acu – Alan Titley

  3. #328427

    Dúradh sa leagan a foilsíodh in 2012 go ndearnadh iarracht ‘na claochluithe atá ag titim amach ó thaobh struchtúir ghramadaí na teanga a aithint ach gan ligean d’athruithe áirithe, ar meathlú iad de dheasca thionchar tréanmhór an Bhéarla mar theanga uilíoch ar an nGaeilge, na struchtúir sin a chur as a riocht’.

  4. #726577

    Tháinig cuid mhór de theoiricí an fin de siècle le chéile sa léacht sin: an náisiúnachas cultúrtha, an meathlú, díothú na gciníocha, an cros-síolrú agus meascadh na fola—agus iad ag múnlú idé-eolaíochtaí na hAthbheochana.

  5. #874296

    Tá ton tomhaiste an dea-oideachasóra le haireachtáil sa leabhar, agus is maith sin toisc go bhfuil sé mar aidhm ann ábhar a chur ar fáil don mhac léinn atá ag plé le meathlú theangacha dúchasacha na cruinne.

  6. #1052753

    Bhí pobal uile na hÉireann cloíte ag na Sasanaigh ar deireadh tar éis na gcéadta blian mar a mheasadar, nó gur tháinig Pádraic Mac Piarais, agus bhí sé i ndán do siúd tús a chur le meathlú na himpireachta ba mhó ar domhan.

  7. #1067726

    Ba dhlúthchuid den imní faoin meathlú gurbh iad na cathracha lárionaid na ndrochnósanna, agus bhí tionchar ag an tuiscint gur bhain an mheatacht ach go háirithe le saol na cathrach leis an phictiúr idéalach a bhíodh á chur chun cinn ag Conraitheoirí de mhuintir na Gaeltachta.

  8. #1111865

    Is é an géarchor creidmheasa - nó an ‘meathlú eacnamaíochta’ mar a bheirtear air anois agus daoine cráite cheana féin ag an téarma eile - atá ag cur as do phobal na tíre agus iad ag ullmhú don Nollaig ach an bhfuil séasúr an cheiliúrtha intarrtháilte?

  9. #1218546

    Cuid d’ollphlean, b’fhéidir, le fáil réidh leis an fharasbarr sa daonra: ach an meathlú ón tsaíocht, ón daonnacht, á léiriú, i gcaimeonna: gnéas mar tháille ar bhia; dúnmharú; ainmhithe sa treis (francaigh ach go háirithe); canablacht (focal nach bhfuil in de Bhaldraithe); brúidiúlacht; péidifilia (focal eile nach bhfuil ag de B.

  10. #1466537

    Scéal áirithe ar fad é ‘Gadaithe’ faoi bhás scéalaí i gceantar Gaeltachta ach is scéal é a bhfuil go leor ag broidearnach ann seachas sin … bás na scéalaíochta traidisiúnta Gaeilge – éagann an scéalaí i lár an scéil atá sé a insint dá gharmhac – cruachás na Gaeilge agus meathlú na teanga sin i gceantar éigin i gCúige Mumhan, uair sin na cinniúna nuair a chastar ar an mBéarla d’aon oghaim.

  11. #1581259

    I mórshaothar sochtheangeolaíoch a d’fhoilsigh Bríd Ní Mhóráin sa bhliain 1997, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá: Meath na Gaeilge in Uíbh Ráthach (An Sagart 1997), d’aithin sí an meathlú tubaisteach a bhí tagtha ar an nGaeilge in Uíbh Ráthach ag an am.

  12. #1710201

    Bhuel, b’fhéidir go raibh a fhios acu go raibh meathlú geilleagrach ar an bhealach.Cha dtug mise aird ar bith orthu roimhe seo, ach bhí aeróstaigh á bplé ag mo dheirfiúr agus cara liom tamall ó shin.

  13. #1712150

    *CMA: Tá eagla ar dhaoine go mbeidh an meathlú seo chomh dona leis an ghéarchéim sna hochtóidí; go bhfuil dífhostaíocht agus imirce i ndán dúinn agus go n-imeoidh an t-airgeadas poiblí ó smacht.

  14. #1718769

    Labhair mé le gairid le Gaillimheach eile, an Dr Simon Kelly, faoin taighde atá déanta aigesean ar an cheangal idir caitheamh tobac agus daille ag baint le haois nó meathlú matánach bainteach le haois (AMD sa Bhéarla).

  15. #1724155

    Is beag deis atá le fáil sa lá atá inniu ann i réimse an bhéaloidis ach bhí cúrsaí ní ba mheasa arís ag tús na n-ochtóidí – bhí meathlú geilleagrach sa tír agus daoine go fóill ag bailiú leo thar lear ag lorg oibre.

  16. #1732269

    "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.

  17. #1757226

    Tá 25 bliain imithe tharainn ó bhí meathlú i gceist sa tír seo agus dá gcaithfeá an iomarca ama ag léamh na nuachtán agus ag breathnú ar thuairiscí teilifíse, shílfeá nach raibh dóchas ar bith i ndán dúinn.

  18. #1757232

    Mar gheall air seo – agus mar gheall ar an gcúlú sa mhargadh tithíochta agus tógála; an ráta boilscithe; na rátaí úis; an euro láidir agus an géarchor creidmheasa – tá gach cuma ar an scéal go mbeidh meathlú tromchúiseach i gceist sa tír seo gan mhoill.

  19. #1759037

    Agus an tír i meathlú millteanach, níl aon dara rogha ag an rialtas ach airgead a fháil ar iasacht chun íoc as cúnamh dífhostaíochta, scéimeanna sóisialta, cogaí, seirbhísí poiblí, agus gach rud eile a mbíonn rialtais freagrach as.

  20. #1765003

    Bhí m’athair ag léachtóireacht sa choláiste san iriseoireacht faoin am sin.” Nuair a d’fhág Natasha an coláiste ag deireadh na n-ochtóidí bhí an meathlú geilleagrach go dona in Éirinn agus bhí suas le 70,000 duine ag dul thar lear go bliantúil ag lorg oibre.

  21. #1776460

    BrúghrúpaíIs ar éigean go raibh an dúch triomaithe ar Thráchtaireacht Ráithiúil Eacnamaíochta na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) – a rinne an tuar go mbeadh meathlú geilleagrach againn den chéad uair ó bhí 1983 ann – ná go raibh brúghrúpaí agus gníomhaithe ag spalpadh tuairimí faoi nithe conspóideacha a bhí ag dó na geirbe acu le fada.

  22. #1798929

    Ní bheidh deireadh tobann leis na taiscí, meastar, ach ina áit sin, tiocfaidh meathlú de réir a chéile, agus as sin amach beidh tíortha ar fud an domhain in iomaíocht lena chéile, iad ar tóir acmhainne a bheidh ag éirí níos gainne in aghaidh na bliana.

  23. #1987999

    Baineann téamaí A Christmas Carol, scéal a rinne iarracht aird a tharraingt ar fhadhbanna na sochaí, go mór le téamaí na n-úrscéalta Cormac Ua Conaill (Ó Duinnín 1901) agus Grá agus Crádh (Ní Fhaircheallaigh 1901), úrscéalta a phléigh meathlú moráltachta na hÉireann (fch Ó Conchubhair 2009).

    Spriocphobail na spiorad atá imithe: Spléachadh ar na leaganacha Gaeilge de A Christmas Carol

  24. #1712190

    An gcuirfidh an meathlú brú ar Éire cúl a thabhairt don euro?* DMW: Is dóigh liom gur chóir i gcónaí smaoineamh ar gach rogha nó, ar a laghad, gur chóir gach rogha a scrúdú go hintleachtúil.

  25. #1111989

    Tá an Tíogar ag fulaingt cibé ar bith!” “Cé go bhfuil sé réidh le bás a fháil, sílimse féin go mbeidh athbheochan ann, agus beidh luach níos láidre ar an Euro ná mar atá ar an phunt roimh mhí an Mhárta seo chugainn.” “Tá cinnte, is ionann Éire agus gach tír eile sa domhan; tá meathlú domhanda i ndán dúinn agus ní bheidh aon difear in Éirinn” “Ní cheapaim go bhfuil, tá geilleagar an tSaorstáit láidir go leor chun maireachtáil i ré an ghéarchoir creidmheasa.” “Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é” Ag tarraingt ar an Nollaig atá muid, cuireann sé seo i gcuimhne dúinn gur cuma cén saghas éide a chuirtear ort, ní athraítear do phearsantacht.

  26. #1774048

    Is é sin arís, níos loime le bheith soiléir: Mar a bhí: 2006 fás 6.3% agus ráta dífhostaíochta 4.4%Tuartha: 2009 fás 4.6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.