#1448794
Deir eagarthóir Oideachais an Irish Times, Karl O’Brien:
Sna conspóidí timpeall ar ról na heaglaise i gcúrsaí oideachais is cuid suntais i gcomhthéacs na héiceolaíochta daonna a bhfuil le rá ag Joe Humphreys faoi ról na heaglaise i saol an phobail:
Spiorad na humhlaíochta a theastaíonn d’fhonn iontas na beatha agus na beithe faoi mar a aithníonn an t-eolaí William Campbell a bhuaigh Duais Nobel na heolaíochta i bpáirt lena chomhleacaí Satoshi Omura ón tSeapáin:
Umhlaíocht agus aigne linbh sin Campbell, is fada siar a théann sé i dtraidisiún na heolaíochta, an t-iontas sin Laudato Sí’, a fhaightear in Valerius Terminus Francis Bacon:
Agus suíonn an fealsamh clúiteach, William Desmond ó Ollscoil Chaitliceach na Lobháine, ceist na héiceolaíochta i réimse na freagrachta pearsanta:
Theastódh feoil agus craiceann a chur ar chomhráiteas na gceannairí eaglasta in Éirinn i mbliain seo comórtha Éirí Amach na Cásca 1916:
Ba dhóigh leat air sin gur ag cur fainic orainn a bhíodar agus más chun nach dtéimis thar fóir leis an dtóstal míleata, ba dhóigh leat go mbeadh sé d’fhadradharc acu éacht foilseacháin Desiderius, 1616; dúchas bhunú Chumann na Sagart, 1916; agus misneach bhunú an Maynooth Mission to China, 1916, a mheabhrú dúinn chomh maith céanna.