#483333
Tá geansaithe olla (sea, na cinn a chaitheann tú amach sa bhruscar gach Nollag!) ag teacht ar ais i mbliana, go háirithe le mórshiopa na Sualainne, H&M.
Tá geansaithe olla (sea, na cinn a chaitheann tú amach sa bhruscar gach Nollag!) ag teacht ar ais i mbliana, go háirithe le mórshiopa na Sualainne, H&M.
Seans maith nach mbeifeá róthógtha leo, ach is féidir cuma thuaisceartach/Nordach a chur le chéile le geansaí olla bán/gorm, jíons dubha agus bróga bána ar nós Converse nó a leithéid.
Tugtar Grindstone air, é ina mhacalla d’fhaisean na gcaogaidí le geansaithe olla (ar nós na nÍoslannach, ach gan bheith ildaite), léinte agus cultacha leathfhoirmiúla, agus scairfeanna dúghorma.
Abraigí slán leis na bioráin chniotála agus cuirigí fáilte roimh chathaoir luasctha a chniotálann hata breá olla agus tú ag luascadh siar agus aniar!
Déanann Máire seálta olla, ruganna, múrealaíne agus scarfanna den cuid is mó agus bíonn an-éileamh orthu, go háirithe i measc na dturasóirí a thagann le linn an tsamhraidh.
Iomaíocht idir an dá chontae?” Tharraing Aoife caipín olla anuas ar a cluasa.
Cúpla snáth olla a bhí i gceist, a fuarthas snaidhmthe ar an gcasóg a bhí ar Oscar ar lá a bháis.
D’fhéadfadh dlíodóir a mhaíomh gur ghreamaigh na snáthanna olla ó gheansaí Dhonncha d’éadaí Tessa, mar shampla, agus gurbh as sin a chuaigh siad ar chasóg Oscair?
Bhí geansaí gorm olla ar na bioráin aici do Danny agus é chóir a bheith réidh ach amháin an muineál a chur ann agus na muinchillí.
“Le chéile anois, uair amháin eile, amach os ard,” a d’ordaigh an t-oide, fear óg caol-ard i ngeansaí glas olla agus biorán airgid ina chluais.
Bhí gníomhairí ann chun an olla a dháileadh agus dul faoi dhéin na n-earraí cniotáilte in áiteanna éagsúla ar fud na tíre.
Bhí sí ag sníomh snáth olla ansin agus ní raibh sa teach ach í féin agus máthair an phríosúnaigh ar feadh an lae.
Bhí níos mó ar a n-intinn ina dhiaidh sin, áfach, nuair a thug Sasana iarracht cosc a chur ar thrádáil olla na Éireann.
D’fheicfeá na caoirigh sa tsráidbhaile freisin, iad bailithe ina meall faoi vearanda siopa nó ar seachrán ar an tsráid, a gcuid olla ina slámáin ar mhurláin agus ar ráillí.
Ba mhinic a dhúisigh sé agus na caoirigh timpeall na leapa, á scrúdú le súile mánla, stothóg olla os cionn na srón caol uasal.
Ní raibh rian ar bith de na caoirigh air; bhí gach slámán olla glanta de dhealga an cheoil.
Agus tréimhse na gcóisirí faoi lán seoil, tá na sráideanna siopadóireachta ar fud na tíre dubh le daoine i gcótaí móra, hataí olla agus miotóga teolaí.
Tharraing sé an púitse beag plaisteach amach as an bpóca a bhí taobh istigh dá sheaicéad olla.
Ní raibh aon chlóca traidisiúnta air ach cóta olla fada trom, in ainneoin an aimsir a bheith cineálta.
In aois 15 bliana dó bhí sé ag obair i Muilte Olla Chill Chainnigh; bhí baint aige leis an Réalt agus le Conradh na Gaeilge sa chathair.
Agus thagadh iarchéimithe inealltóireachta as Corcaigh go Leeds i ngeall ar na muilte olla, rud a thugadh deis dó Gaeilge a labhairt leo.
Seo cuid dár scríobh sí i dtaobh an dua a bhain leis an olla: ‘They sold some of the wool in Kenmare which is about 20 miles from Ardgroom.
Geansaí álainn olla ar a dtugtar Roxen ó Barbour a choinneoidh duine deas teolaí ar chostas €85.00.
Tháinig an giolla Éamonn chomh fada linn ar dtús, fearín tanaí crua a raibh caipín olla air agus seanchlóca paistithe, agus maide mór draighin ina ghreim aige.
Chuaigh Lúcás timpeall an bhoird agus shuigh in aice leis an bhfile caol buíleicneach a raibh seircín olla air ar an nós Gaelach agus léine bhuí faoi.
Seo é an geansaí do dhaoine nach mbíonn aon imní orthu faoin sparán nó faoin gcárta creidmheasa – ‘Deborah’ a thugtar ar an dearadh seo, geansaí álainn olla ar €320 ó Acne Studios.
Seo é an geansaí do dhaoine nach mbíonn aon imní orthu faoin sparán nó faoin gcárta creidmheasa – ‘Deborah’ a thugtar ar an dearadh seo, geansaí álainn olla ar €320 ó Acne Studios.
Is éard é cnagaire 16 acra (6.4752 heicteár) – gnáthmhéid gabháltais ‘a chothódh bó agus lao, capall, roinnt caorach le haghaidh olla, agus a thabharfadh a oiread fataí agus a bheathódh comhluadar amháin’.
D’fhreagair sé mé go béasach agus chas a phluid bréa olla timpeall orm fad a bhí mo chupán tae á ól agam.
Cóta fada olla uirthi, an chuma ar a cuid gruaige gur fhág sí gan dathú í ar bhonn prionsabail.
Bhain Cáit a scairf olla di agus chuir i bpóca a seaicéid í, seaicéad geimhridh gléineach buí a bhí Florence tar éis a thabhairt ar iasacht di.
Beidh neart imeachtaí eile ar siúl le linn na féile, ina measc sníomh olla, péinteáil aghaidhe, ealaín sráide chailce agus spraoi le móin, mar a mbeidh seodra á ndéanamh as móin.
D’fhás go leor olla ar a dhroim gach bliain ina dhiaidh sin le péire stocaí a chniotáil do gach uile laoch sna Fianna!
D’fhoghlaim Róise a cuid amhrán óna máthair, a bhíodh ag ceol agus í ag cardáil olla.
Is deacair an cóta traidisiúnta olla a shárú ach tá cótaí dúbailte deasa, cinn ‘ró-mhór’ agus meascán breá dathanna ar tairiscint faoi láthair.
Cóta olla ó COS ar €225 Leagan comhaimseartha den chóta traidisiúnta olla atá sa gceann seo le muineál cearnógach.
Is deacair geansaí deas cniotáilte olla a shárú an tráth seo bliana le duine a choinneáil te teolaí.
Is compordaí fós é más meascán d’olla agus de chaismír atá ann cé gur minic go mbíonn a leithéid beagán níos daoire.
Beidh scuab éadaigh mhaith uaim le haire a thabhairt do chótaí olla agus gheobhaidh mé ceann de na gléasanna beaga sin leis na bobailíní a bhaint de gheansaithe agus de chairdeagain.
Tá neart bannaí is ceoltóirí ag iarraidh gealltáin a mheallú fá choinne taifid de cheol traidisiúnta, tá cúpla leabhar idir fhicsean agus thráchtas acadúla agus thogra amháin olla.
Tá sé á ghléasadh féin chun bóthair: maide fada cuilinn ina ghlaic, hata stuacach os cionn an dá chluais, casóg olla air agus crios aniar faoina lár.
Tá achainní á dhéanamh ag Cumann Feirmeoirí Caorach agus Mairteola na hÉireann go mbunofaí bord olla chun féachaint ar mhargaí nua don dtáirge.
I mbliana de bharr géarchéim an choróinvíris, tá margaí olla na Síne agus na Breataine ionann is dúnta agus gan aon phraghas ar an olann do fheirmeoirí sa tír seo dá bharr.
Thug dhá ghrúpa againn cuairt ar an ionad eolais olla, an Sheep and Wool Centre ar an Líonán áit ar thug Séamus Kirwan taispeántas dúinn faoi stair na fíodóireachta.
Beidh uisce á fháil ag muintir Chloichir agus na Gráige as seo amach, ó Scéim Soláthair Uisce Bhaile an Fheirtéaraigh. Praghas olla Cé go raibh cúrsaí gnó réasúnta maith anuraidh, tháinig titim ar phraghas olla agus ar luach an phuint shasanaigh leis, toisc na breatimeachta, a chiallaigh go raibh titim sa bhrabús a dhein Comharchumann Uan Chiarraí toisc gur le comhlachtaí i Sasana a dhíolann siad na lomraí caorach.
Bhí seál olla á chniotáil aici, ach bhí seálta mór agus ní raibh aici ach an dá lámh.
'Nó bád ó Shasana?' Olann nó éadach olla a bhíos ar bord ag na Sasanaigh de ghnáth.
Ba chóir duit brat olla a chur thart air fosta, brat maith teann, sa dóigh go mbeidh an scáthán go daingean, socair istigh sa trunc mara.
I measc na n-earraí atá ar díol ansin faoi láthair, tá naomhóg agus súgán lámhdhéanta as adhmad, seodra álainn, priontaí agus bailiúchán hataí agus scaifeanna olla lámhdhéanta.
I measc na n-earraí atá ar díol ansin faoi láthair, tá naomhóg agus súgán lámhdhéanta as adhmad, seodra álainn, priontaí agus bailiúchán hataí agus scaifeanna olla lámhdhéanta.