Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

103 toradh in 54 doiciméad

  1. #212646

    D’iniúch an paiteolaí, An Dochtúir Michael Hickey, an lipéad a bhí ceangailte den mhála, bhain, agus chuir i leataobh i dtaisce é. Osclaíodh an mála, baineadh an braillín bán den chorp, agus sheiceáil an paiteolaí an dara lipéad a bhí feistithe den bhurla féin.

  2. #212710

    – Táim den tuairim, Jack, arsa an paiteolaí ar scor ón obair, go bhfuil an bhean óg seo sna fichidí luatha marbh idir dhá uair an chloig déag agus fiche ceathair.

  3. #1919782

    Rinne oifigeach Paiteolaí an stáit Marie Cassidy scrúdú iarbháis ar a chorp agus tá sé fógraithe anois ag na Gardaí go bhfuil fiosrúchán dún mháraithe ar siúil acu.

  4. #171149

    Níorbh í Laoise a bhí ina luí ar chlár istigh sa phuball, soilse láidre ar lasadh timpeall uirthi, agus an paiteolaí stáit ina seasamh taobh léi, ag cur a cuid uirlisí ar ais ina mála.

  5. #212663

    Bhí rianta doimhne fágtha ag an téip ar an gcorp nocht ar dhath marún agus buídhonn, mar a dhéanfadh driseacha ar fheoil bheo, agus an paiteolaí á baint anuas ar an dá thaobh.

  6. #275756

    Scaoil siad saigheada Taser leis an bhfear chun é a cheansú.  Fuair siad bean sa teach agus tugadh ise agus an fear chun an ospidéil, áit ar deimhníodh go raibh sí básaithe.  Tá an Paiteolaí Stáit an Dr Marie Cassidy le scrúdú iarbháis a dhéanamh ar chorp na mná níos deireanaí tráthnóna.   Tá fear 33 bliain d'aois gafa ag na Gardaí agus á cheistiú faoi alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.

  7. #305769

    Bhain dódh den dara grád de chorp Jolene Brogan, nimhiú aonocsaíd charbóin agus bhí baint ag meascán d’alcól, cocaine agus an druga Zopiclone lena bás fosta, a dúirt an paiteolaí an Dr.

  8. #594327

    Mheas an paiteolaí gur brúdh mála an chorpáin isteach i spás cúng – árthach nó bosca nó tobán de shórt éigin, dar léi – ionas go raibh na glúine brúite suas in aghaidh na smige.

  9. #797972

    Ní raibh bád beag ná héileacaptar ábalta dul i dtír ar na carraigeacha, agus don chéad scrúdú, b’éigean an Cróinéir, an Paiteolaí is an fhoireann iniúchta a scaoileadh síos ón bhfaill ar théada.

  10. #893098

    Dúirt Paiteolaí an Stáit, an tOllamh Marie Cassidy gur léirigh an scrúdú a chuir sí ar chnámharlach McKee, a fritheadh i gCo na Mí anuraidh, gur fear óg idir 16 agus 18 bliain a bhí ann agus gur caitheadh sa gcloigeann é.

  11. #977489

    Labhair sí le bleachtaire sna Gardaí, le paiteolaí an Stáit, an Dochtúir Marie Cassidy, le Cróinéir Iarthar Chorcaí, an Dochtúir Colm Quigley, agus le comhordaitheoir fhoireann tarrthála sléibhte le go mbeadh blas mar ba cheart ar an insint.

    Bláthú tobann úrscéal – Anna Heussaff

  12. #1295269

    Tá na Gardaí den tuairim gurbh as Oirthear na hEorpa ó dhúchas dó.  Tá siad den tuairim freisin gur sádh é áit éigin eile, agus ansin, gur aistríodh a chorp chuig an láthair ar a dtángthas air.  Tá an láthair caomhnaithe ag na Gardaí agus tá an paiteolaí stáit curtha ar an eolas.

  13. #1720066

    In ainneoin nach bhféadfadh an Paiteolaí Stáit, an Dr John Harbison, aon fhianaise a aimsiú maidir le conas a bhásaigh an leanbh a fuarthas ar an bhfeirm, dúirt an giúistís gur léir gur thacht Joanne an leanbh agus go raibh sé i gceist ag an teaghlach an leanbh a thabhairt chuig an Daingean agus é a chaitheamh isteach san fharraige, ach gur athraigh siad a n-aigne.

  14. #895251

    Cuirfear comhad maidir leis an gcás chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.  Bhain gortuithe don bhuachaill ceithre mhí d'aois i dteach ar 28 Nollaig agus bhásaigh sé san ospidéal ar Lá Caille. Deir na Gardaí gur bás obann a bhí ann agus nach bhfuil aon mhíniú air fós.  Tugadh an buachaill go hOspidéal na hOllscoile, Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh ar dtús agus aistríodh ina dhiaidh sin é go hOspidéal Mhuire na Leanaí i gCromghlinn, mar ar cailleadh é.  Tuigtear gur léirigh scrúdú iarbháis a rinne an Paiteolaí Stáit ar chorp an linbh gur bhain gortuithe dá cheann.

  15. #1308275

    Davitt Walsh ag an gcoiste cróinéara inniu Cuireadh tús leis an gcoiste cróinéara faoin gcúigear a bhásaigh i mBun Cranncha inniu.  Thug an paiteolaí an Dr Caitríona Dillon le fios ag an gcoiste cróinéara nach bhféadfadh sí a rá cén chaoi go baileach a ndeachaigh an leibhéal alcóil a bhí i bhfuil Sheáin McGrotty i gcion air agus an carr á thiomáint aige.

  16. #1567965

    Dheimhnigh an Paiteolaí Stáit an Dr Marie Cassidy, a dúirt sé, go ndearnadh ionsaí brúidiúil ar Ana sa seomra ina bhfuarthas a corp.  Dúirt Brendan Grehan gur bhuail Buachaill B síos chuig teach Ana tráthnóna Dé Luain 14 Bealtaine 2018 agus go ndúirt sé léi go raibh Buachaill A ag iarraidh bualadh léi sa pháirc.