Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

108 toradh in 67 doiciméad

  1. #1671129

    Deir Feidhmeanach Taighde Margaíochta agus Eolais Bhord Iascaigh Mhara, Richard Donnelly: "I gcás na scadán a easpórtáiltear chuig an Éigipt, ní dhéantar ach brabús de €10 nó €20 in aghaidh an tonna.

  2. #1959720

    Agus cad a dhéanfá dá mbeifeá i gcampa teifeach ar chupán uisce sa lá agus tú id scadán i mbairille san oíche?

    An Modh Coinníollach – Alan Titley

  3. #2007348

    Tá bádaí móra ag déanamh slad ar iascaireacht scadán i Loch Feabhail faoi láthair, agus caithfear cosaint a thabhairt dona hiascairí beaga cois cósta, a dúirt an Comhairleoir Contae Terry Crossan.

  4. #154926

    ‘Yeah, yeah, a dheaid,’ a deir na gasúir amhail is gur tógadh in aois na gcloch mé, ‘cosnocht agus ocrach,’ ach níl ann ach spraoi eadrainn, an bheirt leaids ag éirí aníos sna sála ar a chéile, an cailín beag ar an ealaín chéanna, iad ar fad sínte faoi na frathacha maidin Shathairn mar a bheadh bosca scadán ar salann.

  5. #262583

    Mhaígh sé ar ócáid amháin gur ceithre thonna scadán a bhí tugtha ar an bport aige, cé gur léirigh cáipéisí díolacháin gur os cionn daichead tonna a bhí i gceist.  Ghabh na Gardaí é tar éis dóibh cuardach a dhéanamh ar a theach cónaithe agus ar Chomharchumann Iascairí na Gaillimhe agus Árann i Samhain 2004.

  6. #325518

    Tá impleachtaí eile nach eol dúinn fós má bhronntar stádas bunreachtúil ar an gclásal nua seo. Ní haon scéal thairis nó ‘scadán dearg’ ba chúis leis an mbreithiúnas a tugadh an tseachtain seo féin i gcoinne Bhácús Asher i mBéal Feirste nó an bhagairt atá á déanamh ar Beulah Print i nDroichead Átha.

  7. #583879

    Faraor géar dóite, is mór an t-athrú é ó aimsir an phota mhóir miotail agus na ciseoige saileánaigh a bhíodh go buinne béil i lár an urláir le fataí plúracha agus bairnigh, faochain, sleamhcán, scadán caoch, iasc, mangach, ballach, ronnach mar anlann leo mar aon le scalach breá leamhnachta nó fothramán breá bláthach úr agus, dar m’anam, gur bheag an locht.

  8. #734576

    In aistí eile anseo, in áit na foinsí a fhí le chéile chun insint nua a sholáthar, is í an tráchtaireacht a thagann chun tosaigh agus, mar is dual don Chíobhánach i ngach a scríobhann sé, braithimid an t-údar agus é ar bís le pointí eolais a roinnt linn, léargais, léaspairtí, braistintí (agus cé go bhfuil gliomaigh go leor aige dúinn, gabhtar riar mhaith scadán dhearg ina chuid eangach chomh maith!).

  9. #835173

    Bheadh breall air, ámh, mar tharla a leithéid d’eachtra, agus an té ar mhaith leis a toradh a fheiceáil dó féin ní gá dó ach tabhairt faoin gcladach agus aithne a chur ar dhá fhaoileán mhóra atá fairsing go maith in Éirinn, an faoileán scadán, Larus argentatus agus an droimneach beag, Larus Fuscus.

  10. #842410

    An saol atá ann, tá na mílte daoine i gcomhar le chéile achan áit; agus an té atá leis féin ní hionadh má mhothaíonn sé meáchan mór an tsaoil ar a chroí mar bheadh cnoc ina luí ina mhullach.’ Mheáfainn nach mór againne – scríbhneoirí – nárbh ansa linn a bheith in ann ár mbeatha a chaitheamh chomh filiúnta céanna, cinneadh a dheimhneodh ná beimis inár ‘scadán eile’ i dtaoidí na beatha, d’acmhainn againn slí bheatha a bhaint amach as an gcumadóireacht.

  11. #862997

    Agus moltar an scadán le daonnacht na Meánaoiseanna i véarsaí eile anseo: in ionad bheith míshásta go bhfuil air feoil a shéanadh go ceann daichead lá, is amhlaidh a chuireann an file anaithnid fáilte croíúil roimh an iasc umhal seo mar athrú aiste.

  12. #973915

    Tá seasamh ar bith inchosanta ag polaiteoir ar bith - "Is ea, is fíor go bhfuilimid ar son na síochána, ach idir an dá linn ní foláir dúinn cúpla céad míle duine a mharú," nó "Is ea, is Eorpaigh sinn go léir ach ní fhágann sin nach gaire do Bhoston ná do Bheirlin sinn," - ionas gur féidir leat a rá gan bhréag ar domhan go bhfuil an bhuatais ar an mbróg eile agus go bhfuil an scadán dearg ina mhoncaí práis.

    Aon vota amhain – Alan Titley

  13. #1051487

    Suígí anseo cois fuinneoige agus bígí ag faire farraige agus faoileáin.’ Bhí a chuid scadán, fillte i nuachtán, ina ghlaic ag an Athair Pádraig agus iad á bhfógairt féin lena gcumhracht sainiúil féin, ach fágadh aige iad.

  14. #1188157

    An t-amhrán mór Muimhneach ‘Aisling Gheal’ fonn mall eile atá ann, agus cluintear uirlis nach mothaítear go rómhinic, feadóg íseal in A, ar ‘Bádaí na Scadán’, fonn a fuair sé ó amhránaíocht Eithne Ní Uallacháin.

  15. #1209372

    Chonacthas scoileanna móra scadán timpeall ar dhá nó ar thrí mhíle ó Oileán Árainn Mhóir agus ó Oileán Uaighe ó Mheitheamh go Meán Fómhair agus amach ó Ghabhla ó Iúil go Meán Fómhair ach nach raibh gléas ar na daoine breith orthu; bhí na báid ró-bheag agus cha raibh trealamh ann.

  16. #1227420

    (Murray, 1938:98) Agus nuair a bhí sé i gcarcair Ard Mhacha, ag fuireach lena chás cúirte, tá sé canta go ndúirt sé an rann seo fá dtaobh de scadán a tugadh dó mar dhinnéar: Grádh mo chroidhe an scadán Nár gabhadh ’riamh i gcoisir Ach ’gha phléitín ar maidin gus ’a ghabháil tráthnóna.

  17. #1295813

    faoi láthair, agus go bhfuil tionscail na ronnachaí agus na scadán i mbaol.  'Bheadh níos mó deiseanna ann an tionscail a fhorbairt dá mbeadh céibh dhomhain mhara ann - mar go mbeadh níos mó bád in ann iasc a thabhairt i dtír i Ros A Mhíl' a deir sé.

  18. #1309276

    Deir siadsan go mbeidh sé deacair orthu agus ar mhonarchana eile atá ag plé le scadán ach go háirithe coinneáil ag imeacht mar gheall ar an laghdú mór atá tagtha ar chuótaí don iasc sin.  Is í Comhairle na nAirí Iascaigh sa mBruiséil a shocraíonn na cuótaí.

  19. #1505975

    I mí Mheán Fómhair na bliana 1900 dhéantaí 6,000 bairille scadán a shailleadh- an chuid is mó de le dul chuig an Rúis agus an Ghearmáin.’ Go deimhin bhí an oiread sin iascaigh agus easpórtáil éisc ar siúl sna Dúnaibh gur beag nár stad an imirce uile thart ar thús an chéid seo caite.

  20. #1532093

    Má bhíonn na daitheacha fiacaile ag plé leat, tá a leigheas ag na gasúir seo – scadán goirt a ithe maidin lá Nollag agus féadfaidh tú a bheith ag cangailt arís go tráthnóna gan pian gan anó!

  21. #1562983

    Tá sé ráite ag lucht feachtais sa tír seo, áfach, nach bhfuil aon aird tugtha sa chomhaontú ar chomhairle eolaíochta ná ar mholtaí le deireadh a chur le ró-iascach eascann, trosc agus scadán.

  22. #1894838

    Dúirt Cathal Grennell, atá ina Stiúrthóir Bainistíochta ar an gcomhlacht Iasc Mara i Ros a' Mhíl freisin, gur míníodh do na feisirí chomh maith, an díoma atá orthu faoin gcuma atá ar iascaireacht scadán ar chósta an iarthair faoi láthair, nuair nach bhfuil cead aon cheann a thógáil, de bharr nach bhfuil aon chúóta ann lena n-aghaidh.