#1718448
Ach, dar ndóigh, tá an dá bhrí leis an fhocal *spochadh *agus dá mbeadh fáil agam ar mo mhian bheadh spochadh go leor ar siúl agam.
Ach, dar ndóigh, tá an dá bhrí leis an fhocal *spochadh *agus dá mbeadh fáil agam ar mo mhian bheadh spochadh go leor ar siúl agam.
Léiríonn an mílitriú sa teideal an dóigh a mbíonn daoine abhus ag spochadh as a gcanúint.
Ghlaodh sé orm maidin Luain i ndiaidh droch-chailliúint i gcoinne Chiarraí agus deireadh sé, ‘Tá sé ceart go leor agatsa agus tú ag tiomáint timpeall sa veain, ach níl cosaint ar bith agamsa anseo sa siopa!’ Bíonn an-chraic ann, leaideanna Chiarraí ag spochadh asainn agus muide ag spochadh astu ach ní mór duit a bheith réidh dóibh!” Ar a laghad tá an chuma ar an scéal go bhfaigheann Máirtín beagán faoisimh sa bhaile.
Tagann múinteoir eile suas leo agus tosaíonn sé ag spochadh astu mar gheall ar a gcuid geáitsíochta.
Ní stopann an cúpla buachaill sin sa rang ag piocadh orm agus ag spochadh asam agus bím chomh gortaithe sin.
‘Ag na siopaí tá mé ag ceapadh,’ arsa mise ag spochadh as, ‘b’fhéidir gur mhaith leat gúna a chur ort féin freisin!’
Chomh maith leis sin, is sa tríú pearsa a thagraíonn siad do na daoine a bhfuil seilbh glactha acu ar a gcolainn, agus ní bhíonn aon leisce orthu spochadh astu.
D’aithin Eachann sin agus ba mhaith leis go mór go stadfadh sé de bheith ag spochadh an amhráin.
Anois sula dtosaíonn tú ag spochadh asam as luach a chur ar phictiúr i leabhair, déarfainn leat go gcuireann na pictiúir leis an scéal agus an stair a insítear sa dá leabhar.
“Tá sé in am do lucht a cháinte éirí as an spochadh agus deis a thabhairt dó,” a dúirt Seán Ó hArgáin le Tuairisc.ie.
“I keep fit by running twice around Tip O’ Neill every day,” a dúirt an tUachtarán am eicint a raibh O’ Neill ag spochadh air.
Ach bhí guithín á spochadh freisin chun iarraidh isteach uirthi, go mb’in mar ba cheart aige mar léachtóir: caint, comhairle agus aithne a chur ar a mhic léinn.
Spochadh as aontachtaithe, cleas chun aird a lucht leanúna féin a chasadh ón drochbhail eacnamaíochta nó iarracht dhaonlathach chun ainm oifigiúil na cathrach a athrú ó Londonderry go Derry?
Murach go raibh sé ina chodladh, agus go ndeirtear liom gur babaí beag soineanta atá ann, déarfainn gur le teann spochadh a rinne sé é.
Bhí idir litreacha ó lucht a úsáidte, ghearáin ó lucht eaglasta agus ailt i nuachtáin áitiúla agus náisiúnta a dhéanadh spochadh agus magadh faoin ‘mbus mallaithe’.
Bítear ag spochadh fós as an mír áirithe sin ina raibh fear a bhí i bhfad níos sine ná Bart Simpson ag déanamh aithrise ar ghlór an charachtair cháiliúil.
“Ba dheas liom iarracht cheart a fheiceáil, tá an chuma ar FLIUCH gur jóc atá ann nó gur ag spochadh as an seánra atáthar.
Ní ag spochadh astu sin ná ag magadh fúthu atá mé sa leabhar nua sin, ní mar sin a bhíonn cainteoirí Gáidhlig.
Úsáidtear aoir le spochadh as na carachtair uilig go bunúsach, agus le biorra a chur faoin ghreann.
Ag spochadh as über-cheartaiseacht pholaitiúil Mheiriceá a bhí sé ag tús an jóc seo, rud a thuigtear go hidirnáisiúnta, agus a thuill moladh beirte ann féin do Tim Elliott.
Shíl mé go raibh siad ag spochadh asam ar dtús, ach dearbhaíonn siad liom go bhfuil siad lán dáiríre.
Easpa cairde, uaigneas, spotaí, grá agus grá leatromach, spochadh, náire… agus anois an t-idirlíon ag cur leo ar fad.
Iris aoire é Charlie Hebdo a bhíonn magúil faoi agus ag spochadh as go leor grúpaí ach a raibh dúil ar leith i Moslamaigh acu de réir cosúlachtaí.
Casadh seanbhean as Gaeltacht Thír Chonaill orm i gcathair Dhoire a raibh a saol caite sa gcathair sin aici agus bhí muid ag spochadh as a chéile.
Ba é buaic Mháirtín a bheith ag spochadh as Máirtín Beag d’fhonn stropa eascainí nó brúcht gáirsiúlachta a bhaint as.
D’ordaigh siad do na spioraid dul ag piocadh ar na haingle agus a bheith ag spochadh astu de shíor.
Bhídís ag spochadh as Réamonn le linn dá chontae siúd, Gaillimh, bheith ag imirt i gcluichí móra.
Bhí an bheirt acu ag spochadh as a chéile, agus bhí muidne gafa i lár báire.”
Bhí leaids na háite amuigh agus iad ag spochadh as Arm na Breataine thuas an bóthar, chan anseo.
Thosaigh sé ag spochadh as a lucht faire ar an bpointe: “Is fada ó chodail mé chomh maith i leaba liom féin.
‘Céard atá i gceist agat?’ a d’fhreagair Aibhistín agus aoibh air, ag ceapadh gur ag spochadh air a bhí sé.
‘Céard atá contráilte leis is feictear duit?’ arsa Liam mar a bheadh sé ag spochadh air.
Ní bheadh cathú air, ná an diabhal ag spochadh chomh mór sin air is go n-íosfadh sé é!
Gan Micil ag breathnú díreach air ach ag spochadh go friochanta sa luaith le gob a mhaide,rud a chuir barr nimhe ar an sagart.
Agus chreid mé féin go raibh Liam á rá sin go dáiríre seachas mar spochadh as an bhfear eile.”
Is go fíordhrogallach a chuaigh Nóra ‘faoi chuing an phósta’ ar an gcéad dul síos, deirtear linn, agus anois tá ‘daol’ an choimhthís ‘ag spochadh léi’ níos mó ná riamh.
Bhí an comhluadar ag spochadh aisti faoi na fir a bhí luaite léi, ach bhí sí sách ábalta dóibh.
Lean sí uirthi leis an spreagadh is an spochadh agus an saighdeadh gléis nó go raibh sé ina spior spear aige is a bhís neartaithe.
Ba nós liom a bheith ag spochadh as agus a rá gurbh amhlaidh nárbh ‘ionann dul go tigh Mhíchíl Uí Cheárna agus teacht as’.
Eisean an foghlaí anois, agus é ag spochadh as an gcreach a bhí aimsithe gan choinne aige.
Ní raibh sé ach ag magadh ach cheap daoine éagsúla go raibh sé ag spochadh asam, nó, iomlán dáiríre agus ag éirí craiceáilte.
‘Caithfidh gur cat mara ceart í, má tá eagla ar Aodán cróga roimpi,’ arsa Gilly ag spochadh as Aodán mar a rinne Fánaí agus Liam chomh maith.
Istigh i siopa chuala oibrithe sna luathdhéaga ag cadráil agus ag spochadh as a chéile i dteanga eachtrannach.
Mórshaothar ar bheagán tairbhe a deir siad, ach níl de thoradh ar an spochadh seo go léir ach go bhfuilim éirithe fíorghlic go deo.
Is imreoir den scoth é Keegan ach bíonn sé ar tinneall i gcónaí agus é imithe thar fóir cúpla uair ag spochadh as imreoirí.
Níor tugadh mórán níos mó airde ar an ngeábh seo ná mar a deineadh cheana cé is moite d’aontachtaithe a mheas go rabhthas ag spochadh astu.
Bainim pléisiúr nach beag as a bheith ag spochadh as lánúineacha leamha ag ceannach teidithe beaga dá chéile.
Bhí spochadh faoin chapall a bheadh againn ach cé go raibh rogha mhór ann, ní raibh aon tásc ar an gcapall ar an mbord s’againne.
Ní fada ó bhí Gregory Campbell, MP don DUP, ag spochadh as an Ghaeilge lena chuid cainte faoi “curry my yoghurt”.
Deir sé, agus é ag spochadh as a lucht aitheantais, go ndéanann siad dearmad dá lá breithe.