Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

75 toradh in 57 doiciméad

  1. #664731

    Leanfaidh bó na leathadhairce —agus is bó fhionn chluasdearg leathadhairce acrannach í bó na filíochta, seachas Friesian — leanfaidh sí uirthi ag tál pé chaoi a gcaitear léi, mar is den chineál sin í.

  2. #730172

    B’fhearr ‘fónta’ tar éis ‘rud’ ach sin an tslí is fusa a chím chun an fhadhb a réiteach.’ ‘Tá tú sásta an tatú breise a dhéanamh tú féin, go dtí ‘Tál samhlaíochta gach rud.’ ‘Sin an réiteach is símplí a chím.’ ‘Cuirfidh mé fios ar Aoife láithreach mar sin.

  3. #974141

    Tá an ceart ar fad ag an Rialtas an falla cosanta seo, an falla cosanta a dheimhneoidh nach mbeidh na sluaite anoir ag creimeadh agus ag tál ar ár gcuid seirbhísí leasa sóisialaigh.

    Sluaite anoir – Alan Titley

  4. #1045998

    Is mó de thuiscint fós a bheadh ag muintir na Gaeltachta s’againne don scéal ‘Ag Bailiú Ruairidh ’ic ’Ain Óig.’ Is maith a thuigfeadh an seandream i nDún Chaoin nó san Oileán Tiar féin, dá mba ann dóibh, an míthrócaire agus neamhscrupall a bhain leis an mbailitheoir béaloideasa Meiriceánach, Kraderson, agus an drochthoradh a bhí ann do Ruairidh bocht, a bhí chomh fial san ag tál a chuid seanchais air.

  5. #1233284

    Ar an sconsa le m’ais bhí bean ag tál ar a leanbh agus í ag gabháil fhoinn os íseal, Seoithín seó uil leo leo seoithín seó is tú mo leanbh, agus chuimhníos ar an saol a bhí ann taobh amuigh dhen reisimint is den armáil is den chogadh ina raibh mná ag beathú páistí, fir ag buachailleacht bó agus seandaoine ag fiannaíocht cois teallaigh, agus mo mháthairín féin sa mbaile agus Murchadh beag, dílleachtaí mo dhearthár, ag lámhacán faoina cosa.

  6. #1276585

    I láthair na huaire tá muintir an tuaiscirt ag baint an-adhmad as an ráchairt atá ar Game of Thrones, tá The Quiet Man fós ag tál airgid ar mhuintir Mhaigh Eo/na Gaillimhe agus tá muintir Iarthar Duibhneach ag rith le brothall don tríú babhta le 50 bliain (Ryan’s Daughter, Far and Away agus Star Wars).

  7. #1329143

    Ach ní friotal atá chomh tanaí le liathuisce ná an nua-aois a chuireann an t-aos óg ag pramsáil ó leaba go leaba is mó atá á mealladh ar ais i dtreo an chultúir ach na goití a bhíos ar Shéamas Mhicil Tom agus an saibhreas a bhíos ag tál as béal leithéid Thaidhg Uí Dhireáin.

  8. #1335206

    Bhí ról an oileáin sa dara gála d’athbheochan Star Wars ina ábhar allagair le fada ach ní dóigh liom go raibh aon choinne ag éinne go mbeadh an oiread sin i gceist agus go mbeadh na míreanna a bhain leis an Sceilg/Ciarraí Thiar chomh cinniúnach, íocónach sin: seanfhondúir uaine caithiseach á fheiceáil arís, seanfhondúir eile ag imeacht ar shlí na fírinne (b’fhéidir), ag iascaireacht de léim chuaille, créatúir aite ag tál bainne uaine ar Skywalker, ‘airígh’ chiotrúnta, sheoigh, agus an t-oileán lárnach sa chríoch mhothúchánach.

  9. #1403039

    B’ainmhí ar leith dó achan bhó díobh, cairdeas pearsanta ann idir é féin agus í, eolas aige fúithi, faoina tréithe agus faoina nósanna, faoi na gamhna a saolaíodh di, faoin tál bainne a bhí aici.

  10. #1494559

    Feictear tagairtí do cholainn na máthar agus an linbh sa dara véarsa; ‘an bhroinn’, ‘óm chom’, ‘conradh cíche’, agus ‘lúb do bheoil’, chomh maith le tagairtí d’eilimint an uisce ‘abhainn’ agus ‘sáile’, ‘lánlinn’, ‘sruth’ agus briathra céadfaíocha a thagraíonn don chothú ón chíoch; ‘ól’, ‘súigh’, ‘súfad’, ‘tál’.

  11. #1522808

    Thosódh sé leis an gcrann a leagan, thabharfadh sé cuairt ansin ar an muileann adhmaid i Mainistir na Buaille agus abhaile leis ansin chuig a chuid seanuirlisí – an ‘greymare’, an tál (adze), an tua, an scian (drawknife) agus an spócphlána (spokeshave).

  12. #1959867

    Ní hé go mbeadh air luí ar thralaí ar feadh seacht n-uaire fichead - óir is dócha go bhfaigheadh sé fábhar nó dhó - ach toisc gan aon fhuil ghorm a bheith againn le tál air.

    An Tadhall Ríoga: Samhlaigh fuilaistriú ón ochtapas ar feadh nóiméad – Alan Titley

  13. #1960516

    Ní móide go mbíodh sheikheanna saibhre na ngaineamhlach ag tál na milliún ar son pas na tíre tráth dá raibh, nó go mbeadh éileamh chomh dian sin ar fhoirmeacha ar son an phais chéanna ar Bhóthar na Seanchille féin.

    Cad iad na prionsabail a bhaineann le saoránacht a bhaint de dhuine?: Nárbh fhearr go mór prionsabal leathan a leagadh síos a bheadh réasúnta agus inchurtha i bhfeidhm? – Alan Titley

  14. #1996612

    Cé gur tógáil Ghaeltachta a bhí agus atá againn, agus muid fáiscithe as teaghlach bhfuil an Ghaeilge ag tál aisti gan dealú, bhfuil muide in ann 'cainteoirí dúchais Gaeltachta' a thabhairt orainn féin, cé gur tógadh muid sa nGalltacht?Cé hé an cainteoir dúchais Ghaeltachta sa lá atá inniú ann?

  15. #1996734

    Cé gur tógáil Ghaeltachta a bhí agus atá againn, agus muid fáiscithe as teaghlach bhfuil an Ghaeilge ag tál aisti gan dealú, bhfuil muide in ann 'cainteoirí dúchais Gaeltachta' a thabhairt orainn féin, cé gur tógadh muid sa nGalltacht?Cé hé an cainteoir dúchais Ghaeltachta sa lá atá inniú ann?

  16. #746996

    Déantar codarsnacht dhúshlánach idir ‘tál tairgiúil a cíoch’ agus gníomhartha mailíseacha Dé: ní theastaíonn uaidh sin aon fhaoiseamh ón bhfulaingt a bheith ar fáil do na daoine, ach bronnann sise faoiseamh an bháis orthu nuair a thugann sí síolta diaga le hithe dóibh – rud nach dtaitníonn lena hathair: ‘Ó!

  17. #880803

    Tá méar Joe Steve ar chuisle an tsaothair seo: ‘Nuair ba saibhre a bhí an teanga Ghaeilge ag tál as béal na ndaoine, bhíodh cainteoirí líofa a ndeirtí ina dtaobh go mba fhilíocht gach focal agus cor cainte dá dtagadh amach as a mbéal.