#1888520
Táthar ag tuar go mbeidh gálaí agus séideáin ghaoithe idir 130 agus 150km/hr sa chontae ón 9pm inniu go dtí mean lae amárach. Deirtear san fholáireamh chomh maith go mbeidh farraigí thar a bheith garbh fosta. Tá foláireamh stádais bhuí fearthainne eisithe don chondae chomh maith. Deirtear go dtitfidh idir 25 agus 35mm fearthainn ó thráthnóna inniu go dtí 6pm amárach. Tá Gardaí ag moladh do thiománaithe gan a bheith ag taisteal inniu muna bhfuil géarghá leis agus iarrtar ar an phobal fanacht sa mbaile le linn na stoirme.
Agóid a eagrú
Tá agóid a eagrú ag cur i gcoinne an chinnidh maidir le deireadh a chur leis na seirbhísí réamhbhreithe agus gínéiceolaíoch in Otharlann an Chlocháin Léith. Shocraigh grúpa daoine a tháinig le chéile aréir in Oifig an Chomhairleora Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbaig go n-eagrófaí agóid ag geataí na hotharlainne De hAoine ar a 1pm. Dúirt Micheál Cholm Mac Giolla Easbaig nach nglacann sé leis gur socrú sealadach atá i gceist mar nár thug Padraig Rooney, Leas Bhainisteoir Otharlann Leitir Ceanainn, an deimhniú sin dó nuair a labhair sé leis faoin cheist.
Achomharc á lorg ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Tá sé tugtha le fios ag Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil achomharc á lorg acu maidir leis an phionós a gearradh ar Shaun Kelly, as Bun Crannacha i nDún na nGall a phléadáil ciontach as tiomáint chontúirteach a ba chúis le bás ochtar.
Gearradh téarma príosúin 4 bliana ar Shaun Kelly i mí na Nollag agus chuir an breitheamh John O' Hagan 2 bhliain den phionós ar fionraí.
Chuir sé cosc tiomána 10 mbliana ar Kelly chomh maith.