#1902935
Uisce na Ceathrún Rua
Tá an Ghníomhaireacht um Chosaint Chomhshaoil, le hUisce Éireann a thabhairt chun cúirte mar gheall ar chóras uisce na Ceathrún Rua. Thug oifigeach sinsearach ón EPA an méid seo le fios don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Tá toghairm cúirte curtha chuig Uisce Éireann de bharr nach raibh an obair a bhí ceaptha dóibh déanta acu ar chóras uisce an cheantair faoin 9ú lá de Mheán Fómhair 2014, an spriocdháta a leagadh síos dhóibh. Pléifear an cas i gcúirt chathrach Bhaile Átha Cliath ar an 23ú lá den chéad mhí eile.
Eolas faoi chonradh aeir
Tá sé deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta go mbeidh soiléiriú le déanamh ag Oifig an tSoláthair Phoiblí faoin mbreosla a bheas le n-úsáid don tseirbhís aeir go hÁrainn. Cé go bhfuil breosla ar leith luaite sa bpróiseas tairisceana, tá sé deimhnithe inniu ag an Roinn go mbeidh soiléiriú le cur ar fáil sa bpróiseas tairisceana ag míniú go nglacfar le cineálacha éagsúla breosla. Bhí daoine den tuairim gur mó a bhainfeadh an breosla a bhí luaite le héileacaptar seachas eitleán. Tugadh an t-eolas seo ag ócáid a d'eagraigh Roinn na Gaeltachta do lucht na meán chumarsáide in oifigí na Roinne sna Forbacha inniu. Dheimhnigh siad freisin gur mar gheall ar choimhlint leasa a socraíodh nach mbeadh aon ionadaí ó oileáin Árann ar an gcoiste a thabharfadh breithiúnas ar an tairiscint. Dúradh go gciallaíonn an focal "díomhaoin" atá luaite sa gcáipéis go gcaithfidh ineall na seirbhís aeir a roghnófar a chasadh as an fhad is a bheas paisinéirí ag dul isteach inti nó amach aisti. Mheabhraigh lucht na Roinne gur ardaigh an ráta boilsithe 30% sna blianta ó 2002 agus 2013, ach nár cuireadh ach ardú 2% ar na táillí aeir do lucht na nOileán sna blianta ó 2002 agus 2016. Deimhníodh arís eile inniu nach bhfuil sé i gceist an tairiscint is deireanaí don chonradh aeir go hÁrainn a tharraingt siar.