Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhdháil

páirtí

páirtigh

135 toradh in 117 doiciméad

  1. #376083

    Ní lagmhisneach agus ceann faoi a bhí ar na toscairí ag comhdháil an pháirtí ag an deireadh seachtaine; bhí siad lán le muinín agus iad ar fad i mbun cosanta ar an méid a d’éirigh leo a bhaint amach agus iad mar pháirtí sóisearach ag bord an Rialtais.

  2. #973553

    Dúirt Leas-Stiúrthóir na Comhdhála, Adelaide Nic Chárthaigh, gur deis a bhí sa tóstal ligean do phobal na Gaeilge "a dtuairimí ar réimsí éagsúla a nochtadh agus a n-aontú le go gcuirfí faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla iad chun go ndéanfaí freastal orthu mar chuid dílis dá gcláir sna chéad toghcháin eile".

    Tostal 2004 – Gan údar

  3. #1759056

    Fodhream de chuid an Pháirtí Phoblachtaigh is ea cácas an Tea Party, agus is crá croí ceart é do pholaiteoirí lárnacha an pháirtí sin, mar Cheann Comhairle na Comhdhála, John Boehner, atá ag iarraidh comhréiteach éigin a eagrú leis na Daonlathaigh chun reachtaíocht a chumadh a chuirfidh ar a chumas Mheiriceá airgead a fháil ar iasacht ó fhoinsí eile sula dtiteann córas airgeadais Mheiriceá as a chéile ar fad.

  4. #1864264

    D'iarr leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin ar na baill glacadh leis an margadh comhrialtais a rinne sí féin agus ionadaithe eile an pháirtí le Fianna Fáil agus Fine Gael Dé Luain seo caite.  Tá baill an pháirtí ag vótáil ar an gcomhaontú agus tá an toradh le fógairt seachtain ó amárach.  Agus í ag labhairt leis na baill ag comhdháil speisialta ar líne, dúirt Catherine Martin gurbh fhiú seans a thabhairt don chomhrialtas agus gur uair sna naoi n-airde a fhaightear deis dá leithéid.   Bhí 2,600 ball cláraithe don chomhdháil.

  5. #379642

    Tá muintir Chloch Shiurdáin spréachta faoin sceanairt a rinneadh ar an gcontae i ndearadh na dtoghcheantar.  Bhí iarrthóir as Corcaigh ansin againn atá ag seasamh do Chomhdháil an Phobail – dream nach páirtí iad ach gluaiseacht ar mian leo na saoránaigh a chur ag socrú polasaithe in áit páirtithe atá níos cosúla le clubanna príobháideacha rúnda lena gcuid aoirí agus rialacha.

  6. #1040512

    "Is í aidhm na comhdhála na páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun a gcuid saineolais a roinnt lena chéile agus leis an bpobal chun moltaí praiticiúla don ghearrthéarma agus don mheántéarma a bheachtú." Labhróidh An tOllamh David Little, Ollamh Comhlach le Teangeolaíocht Fheidhmeach, ar an ghá le Curaclam Comhtháite Teangacha sa chomhthéacs ilteangach agus Eorpach.

    Tir ilteangach – Gan údar

  7. #1289038

    D’fhógair Comhdháil Bhunreachtúil Mercia, ceantar trí chontae i lár Shasana, a neamhspleáchas in Birmingham in 2003, agus tá polaiteoir tofa amháin ag an  bpáirtí polaitíochta Wessex Regionalists, a éilíonn rialtas dúchais do Wessex.

  8. #1337907

    Beidh cosa an Trumpaigh nite má éiríonn leis an bPáirtí Daonlathach móramh a bhaint amach i gComhdháil na Stát Aontaithe an lá sin – nó sin atá á thuar ag mórchuid tráchtairí polaitíochta i Meiriceá.

  9. #1508887

    Bhí an feisire comhdhála Gael-Mheiriceánach ina measc siúd a bhí luaite ag leithéidí an tráchtaire aitheanta Niall O’Dowd ar dhuine de na daoine a ghlacfadh ceannas ar na bpáirtí tar éis na dtoghchán lár téarma faoi Shamhain seo chugainn.

  10. #1671942

    Tá deighilt mhór ar an gceist i bPáirtí an Lucht Oibre, gan aon agó, ach beidh an cheist ar an gclár oibre ag a gcéad chomhdháil náisiúnta eile, a reáchtálfar i mí na Nollag i mbliana.

  11. #1671949

    Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh.

  12. #984062

    Eolas: 048-90232444 nó caoimhe@niftc.co.uk • Tionólfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár lae san Óstán Alexander, Baile Atha Cliath, Dé Máirt 27ú Feabhra, chun éilimh phobal na Gaeilge a chloisteáil agus a gcur faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla.

    Plean forbartha – Gan údar

  13. #1673169

    Má tharlaíonn sé sin fágfar an Chomhdháil gan tromlach ar thaobh ar bith.Córas dhá pháirtí Níl ach dhá pháirtí polaitíochta i Meiriceá, rud a chuireann iontas ar Eorpaigh, a fheiceann cúig nó sé cinn de mhórpháirtithe ina bparlaimintí féin, ach ní ar mhúnla na dtíortha Eorpacha a bunaíodh daonlathas Mheiriceá.

  14. #1792594

    An Eite Dheas Chráifeach agus an Páirtí Poblachtach ======= De réir *Theocracy Watch*, tá an Eite Dheas Chráifeach níos láidre ná mar a bhí riamh; tá éirithe leo líon na mball atá acu sa Pháirtí Poblachtach a mhéadú, agus tá tromlach ag an pháirtí sin anois in dhá Theach na Comhdhála agus uachtarán coimeádach curtha acu sa Teach Bán.

  15. #1927495

    Páirtí an Lucht Oibre Glacadh d'aon ghuth le rún ó Chraobh na Rosann de Pháirtí an Lucht Oibre ag Comhdháil Náisiúnta an Pháirtí i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine go ndéanfaí polasaí faoi leith a leagan do cheantair tuaithe agus Gaeltachta.

  16. #266491

    Dúirt Alan Kelly ag comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre ag an deireadh seachtaine, go gcuirfeadh  sé moltaí faoi bhráid an Rialtais faoina bhféadfadh tionóntaí cíosanna a shocrú le tiarnaí talún agus  faoina mbeadh cíosanna ceangailte le ráta an bhoilscithe.  Tá cuid de na harduithe atá tagtha ar chíosanna scannalach amach is amach agus caithfear deireadh a chur leis seo, a deir an tAire Kelly.

  17. #276938

    Beidh sé 67 bliain d'aois an mhí seo chugainn.  Beidh cinneadh Peter Robinson éirí as oifig faoi chaibidil ag comhdháil bhliantúil an DUP an deireadh seachtaine seo.  Meastar go mbeidh leascheannaire an DUP Nigel Dodds agus ball sinsearach eile Arlene Foster san iomaíocht do cheannaireacht an pháirtí nuair a éireos Peter Robinson as.

  18. #298231

    Thug Campbell le fios do chomhdháil an DUP, atá ar siúl in Óstán La Mon i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo, nach ngéillfeadh a pháirtí ‘go deo’ don éileamh ar Acht Teanga.

  19. #730254

    Ní fhaigheann an tUachtarán, ná a pháirtí, cead a gcinn go minic, agus go deimhin, ní raibh Comhdháil iomlán báúil ag an Uachtarán Obama fiú nuair a toghadh é i 2008, óir bhí Teach na nIonadaithe go maith i seilbh na bPoblachtánach, agus an Seanad idir dhá cheann na meá.

  20. #911140

    Céim shuimiúil ab ea freastal Eastwood ar chomhdháil an UUP agus seans gur chruthúnas é go n-oibreodh an dá pháirtí sin le chéile, go cruthaitheach i bhFeidhmeannas ar bhealach nár facthas ón DUP agus Sinn Féin le naoi mbliana.

  21. #911175

    Céim shuimiúil ab ea freastal Eastwood ar chomhdháil an UUP agus seans gur chruthúnas é go n-oibreodh an dá pháirtí sin le chéile, go cruthaitheach i bhFeidhmeannas ar bhealach nár facthas ón DUP agus Sinn Féin le naoi mbliana.

  22. #913336

    In agallamh a rinne Arlene Foster, ceannaire an DUP leis an Press Association roimh chomhdháil an pháirtí seachtain ó shin dúirt sí go seasfadh an DUP an fód in aghaidh an phósta comhghnéis agus go n-úsáidfeadh sí an veto chun stop a chur le moltaí ina fhabhar san Tionól.

  23. #1013138

    Maidir le Trimble é féin, b'fhéidir gurbh fhearr dá mba rud é nár dhúirt sé le comhdháil a pháirtí nach raibh sé ag iarraidh go mbeadh "every jot and tittle" curtha i gcrích ag poblachtaigh.

    Beart is briathar – Sean O Healai

  24. #1308209

    Tháinig an scéal aniar aduaidh ar go leor, cuid de mhuintir Ferris ina measc, a dúirt sí.  Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Toiréasa Ferris dá mbeadh baill Shinn Féin i gCiarraí sásta í a roghnú go mbeadh sí sásta a hainm a chur os  comhair an pháirtí ag comhdháil a bheas ar siúl ag tús na míosa seo chugainn.

  25. #1342138

    Is cinnte go bhfuil an bóthar réidh anois chun comhtháthú breise a dhéanamh ar an Aontas Eorpach mar gheall ar chinneadh chomhdháil Pháirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (SPD) dul i mbun cainteanna oifigiúla le comhrialtas eile a bhunú faoi cheannaireacht Angela Merkel.

  26. #1503330

    Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu, áfach, nach bhféadfaí seo dhéanamh agus go ndéanfadh an Rialtas cosaint láidir ar ar an gComhaontú.  Bhí cruinniú ag feisirí parlaiminte ón DUP le Príomh-Aire na Breataine Theresa May ag comhdháil an Pháirtí Chaomhaigh i mBirmingham inniu.