#1889938
Stailc Teanga
Deir an Feisire Eorpach, Seán Kelly, Fine Gael, nach dtuigeann se céard atá i gceist ag an bhFeisire Liadh Ni Riada, Sinn Féin, leis an stailc teanga atá i gceist a bheith aici tabhairt faoi sa pharlaimint sa Bhruiséil le linn seachtain na Gaeilge an mhí seo chugainn agus mar sin nach mbeidh sé ag tabhairt tacaíocht dí.
Seans ann go mbeidh agóidí i gCill Airne Dé hAoine
Táthar ag tuar go mbeidh roinnt agóidí go hairithe ag daoine atá i gcoinne na dtáillí uisce lasmuigh de chomhdháil bhliantiúil Pháirtí an Lucht Oibre a thosnóidh san Ionad Comhdhála in Ostán Ghleann an Iolair i gCill Airne tráthóna Dé hAoine seo chughainn.