#772822
Seilí ar mo bhaithis.
Seilí ar mo bhaithis.
Thug Tainá póigín ar a bhaithis dó.
“Tá tú an-te freisin,” a dúirt sí go himníoch agus a láimh ar a bhaithis.
Balcaire teann téagartha é an tUasal Ó Scriosta le folt liathdhubh ar bhaithis a chinn.
Dhearg éadan Fhiachra ó bhaithis go smig.
Táim Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos.
Ghlan an feilméara an t-allas dá bhaithis.
Bhí roic ina bhaithis ag an strainc a bhí ar Ailfí.
Thug mé faoi deara braoiníní allais ar a bhaithis.
a d’fhiafraigh Toirealach Ó Conchúir dhe, agus an dá mhala crochta thar a bhaithis aige.
Tharraing sé a hata ar ais anuas thar a bhaithis.
Chuaigh Lúcás síos ar a ghogaide agus bhronn póigín ar bhaithis Honóra.
A mhéara ar mo bhaithis, ar chúl mo láimhe nó trí ghruaig mo chinn.
Mar sin féin, tharraing sé an hata feilte anuas thar a bhaithis.
Chuaigh creathadh tríom ó bhaithis go bonn.
Ach anois tá marc na seaimpíní ar bhaithis na nÉireannach.
Táim Gaelach ó mo bhaithis go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos.
Níor fhág sé ach poll beag bídeach ina bhaithis.
Ar an urlár faoin bhfuinneog, droim le balla, shuigh mé agus an gunna le mo bhaithis.
Ó bhaithis go bonn.
Mhothaigh mé an teannas ag tabhairt fuarallais amach trí mo bhaithis.
Seasaim sa doras ag breathnú amach, braoiníní allais ag sileadh anuas ar mo bhaithis.
Bhíomar inár suí sa scáth, ár ndroim i gcoinne bhalla na n-árasán nár críochnaíodh riamh, ach fiú ansin bhí aibhneacha allais ag sileadh ónár mbaithis.
Chuaigh sí anonn chuig Dia agus phóg go bog éadrom ar an mbaithis é. D’fhliuch a bhaithis allasach a beola, á bhfágáil fliuch.
Ach, agus an troid ag teacht chun críche, bhuail Suero Seán isteach ar an mbaithis lena chloigeann.
Nuair a rugadh thú, más cuimhin leat, bhí paiste bog lag i mbarr do chinn ar a dtugtar loigín na baithise.
Deir na Hopi gur trí loigín na baithise a tháinig an bheatha ón gCruthaitheoir an chéad lá.
Murach go bhfuair mé iarraidh de chamán isteach ar an mbaithis an lá sin, cá bhfios cén t-ualach trófaithe a bheadh ar mo chuid seilfeanna inniu?
“Magadh atá tú?” ar seisean agus roic iontais i gclár a bhaithise.
Féach ormsa,’ agus d’ardaigh sé a hata chun a phlaitín maol ar bharr a bhaithise a thaispeáint dóibh.
Bhí sí féin ag luascadh ina seasamh, gan ach brú na síleála ar a baithis á coinneáil in áit.
Thit a tost uirthi ar feadh cúpla nóiméad; tháinig roic ina baithis lena linn agus bhí a beola rósdearga ag cogarnach i bhfocail dhothuigthe.
Bhí an criú uile feistithe ó bhonn go baithis in éadaí dubha agus bhí spéaclaí gréine ar gach uile dhuine acu.
Chuala Dainéil an steall agus chas timpeall chun Marius a fheiceáil ina shuí i lár an tseomra, fliuch báite ó bhonn go baithis.
Is mar gheall ar éileamh ón bpobal gur cuireadh an ‘féinín’, an ‘bos le baithis’ agus an ‘searradh guaillí’ leis na straoiseoga nua.
‘CUIDIGH LIOM, impím ort!’ a chaoin sé agus é ag croitheadh ó bhonn go baithis.
Bhí sé gléasta ó bhun go baithis in éadaí ildaite, cleite ina hata aige agus píb fhada chaol ina ghlac.
Chuir sé drithlíní éigin tríom ó bhonn go baithis mé nuair a léigh an máistir Pádraig Ó Súilleabháin os ard dúinn é sa Mhainistir Thuaidh fadó.
Bhí sé ina shuí ar an taobh thall den bhord, sú sméar ó smig go baithis air agus súite isteach i gcraiceann a mhéarachaí.
Is saghas machnaimh ann féin é féachaint ar a ghnúis agus fiafraí díot féin cad as don suaimhneas sin a shníonn tríd ó bhonn go baithis.
Bhí hata dubh feilt anuas ar a baithis le eangach dubh anuas ós comhair na súl agus mar a bheadh damhán alla anseo is ansiúd san eangach.
Nuair a bhí mé feannta ó bhonn go baithis b’éigin dom an scríbhneoireacht a fhágaint ansin agus tine a chur síos.
‘Agus cén chaoi a bhfuil Leathshúil inniu?’ a d’fhiafraíodh sé di nuair a thiteadh dlaoi gruaige anuas thar a baithis.
Fágadh soilse an tí ar siúl is ghlac sé tamaillín orm sleamhnú isteach i ndomhan buile Teach Damhsa ach nuair a shleamhnaigh, chuas faoi go baithis.
Dá mbeinn maislithe le pianta ó bhonn go baithis, tá dochtúirí sa Daingean a mhíneodh gach iomard dom as glan-Ghaelainn.
‘Tá mé sách cinnte de.’ ‘Hmmm,’ a deir sí agus tháinig roic ina baithis agus an printéir á scrúdú arís aici.
Gabhann Arabach mná thar bráid i bhfeisteas dubh ó bhonn go baithis, gan le feiscint ach gealacán na súl.
Eithne ag déanamh iontais cé chomh glan is a bhíonn an *kandoura*a chaitheann na fir, an chulaith-léine a chlúdaíonn ó bhonn go baithis iad.
Ansin chuir sí Kati ina seasamh fad a láimhe uaithi agus scrúdaigh sí an bhean óg ó bhonn go baithis.
D'amharc an bhean eile uirthi ó bhonn go baithis, agus rug sí greim ar Chití, á tarraingt isteach.