#261706
Níor briseadh aon duine as a bpost agus níor cuireadh aon duine ar fionraí. Tá fiosrúcháin eile ar bun ag forais rialála leighis.
Níor briseadh aon duine as a bpost agus níor cuireadh aon duine ar fionraí. Tá fiosrúcháin eile ar bun ag forais rialála leighis.
An Sáirsint Maurice McCabe, atá ag comoibriú le fiosrúcháin an Ombudsman, a chuir na liamhaintí faoina bráid.
Dúirt Liam Twomey go dteastaíonn tuilleadh fiosrúcháin faoin dóigh ar láimhseáil an Coiste um Chuntais Phoiblí an cheist mar go bhféadfadh impleachtaí a bheith aige do choistí Dála amach anseo.
Chuir GSOC foireann fiosrúcháin chuig an láthair tar éis do ghardaí an eachtra a chur in iúl dóibh.
Tá foireann theicniúíl na hOllscoile i mbun fiosrúcháin anois, agus deir an Ollscoil go bhfuil an an tsonraiocht ar fad sa chóras daingnithe acu.
Tá roinnt ball foirne, a bhfuil an mhí-úsáid líomhnaithe ina leith, curtha ar fionraí go dtí go mbeidh na fiosrúcháin curtha i gcrích.
Tá póilíní Queensland i mbun fiosrúcháin. Fuaireadh coirp na bpáistí in aois idir 15 mí agus 15 bliana i dtigh i Manoora, bruachbhaile Cairns.
Tá fiosrúcháin ar bun ag na seirbhísí dóiteáin agus éigeandála féachaint céard ba chionsiocair leis an bpléascadh.
Tá cúigear gafa ag póilíní i dTuaisceart Éireann atá i mbun fiosrúcháin maidir le luach os cionn €100,000 de chalaois tobac, a deirtear a tharla i gceantar na teorann.
Tá Gardaí i mbun fiosrúcháin dúnmharaithe i mBaile Bhailcín in iarthar chathair Bhaile Átha Cliath i ndiaidh eachtra lámhaigh inar maraíodh fear sna 60í aréir.
Tá cosaint déanta ag an dTaoiseach ar chinneadh an Rialtais Coimisiún Fiosrúcháin fén IBRC a bhunú anois seachas cúpla mí ó shin nuair a bhí an freasúra á éileamh.
Dúirt an Taoiseach nach féidir spriocdháta a leagan síos do thuarascáil dheiridh an Choimsiúin Fiosrúcháin i dtaca leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc, an IBRC.
Dúirt an tAire Airgeadais Michael Noonan sa Dáil inniu gurb é an tIarbhreitheamh Ard Chúirte Daniel O'Keefe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún nua Fiosrúcháin do idirbhearta bhanc an IBRC.
Deir an Taoiseach go bhfuil súil ag an Rialtas go dtiocfaidh léargas ón gCoiste Fiosrúcháin Baincéireachta faoi na cúiseanna leis an tubaiste ionas nach ndéanfar aithris ar na botúin chéanna arís.
Tá Gardaí i mbun fiosrúcháin i gContae Lú théis dóibh theacht ar chorp mná ar bhain droch-ghortaithe dá ceann.
Is é an Banc Ceannais a nocht an botún seo i ndiaidh dó dul i mbun fiosrúcháin.
Tá cigirí ón Aonad Fiosrúcháin Timpistí Aeir agus saineolaí ó Údaras Eitleoireachta na hÉireann le taisteal chuig an Éigipt inniu chun a bheith páirteach sa bhfiosrúchán faoin timpiste aeir ansin Dé Sathairn.
Tá an chomhairle dlí a thug an Breitheamh Brian Cregan don rialtas maidir leis na deacrachtaí dlíthiúla a bhaineann leis an gCoimisiún Fiosrúcháin i dtaobh an IBRC agus Siteserve foilsithe trathnóna.
Ag labhairt dó ar maidin dúirt an Seanadóir Darragh O' Brien, Fianna Fáil go raibh sé doghlactha go bhfuil bac ar an gcoimisiún fiosrúcháin seo.
Tá an Taoiseach Enda Kenny tar éis scríobh chuig ceannairí an fhreasúra lena dtuairimí a fháil maidir le leanacht le hobair Choimisiún Fiosrúcháin bhanc an IBRC.
Ag cruinniú éigeandála de choiste feidhmiúcháin Chumann na bhFeirmeoirí inniu, aontaíodh téarmaí tagartha fiosrúcháin atá le déanamh ar chúrsaí tuarastail san eagraíocht.
Tháinig an cás ó chlár teilifíse a rinne Aonad Fiosrúcháin RTÉ faoin ionad i mBéal Átha na Muice.
Tá Coimisiún Fiosrúcháin O'Higgins ag fiosrú conas mar a láimhseáileadh 9 fhiosrúchán coiriúlachta idir 2007 agus 2009 i gceantar an Chabhán-Muineacháin.
Dúirt feidhmeannacht na Comhairle nach bhféadfaí an comhairleoir O’Donnell a chur ar fionraí fad is bheadh próiséas fiosrúcháin inmheánach ar bun faoi.
Dúirt cathaoirleach an choiste fiosrúcháin nach aon eachtra amháin ba chúis leis an teip. Ag seoladh thuarascáil dheiridh an choiste tráthnóna, dúirt Ciarán Lynch go bhfuil an milleán le cur ar an gcóras baincéireachta féin, ar chúrsaí rialaithe, ar an Rialtas agus ar an Aontas Eorpach Deirtear sa tuarascáil freisin gur cheart clár praghsanna réadmhaoine tráchtála a bhunú. Fuair an coiste fiosrúcháin amach nach ndearnadh luacháil go minic ar réadmhaoin, fiú i gcás tograí móra forbartha. Tá 400 leathanach sa tuarascáil agus tá na mílte cáipéisí a fuair an coiste ó fhorais Stáit agus ó na bainc á bhfoilsiú freisin.
Dúirt cathaoirleach an choiste oireachtais, John McGuinness gur thacaigh sé leis an éileamh go mbunófaí Coiste Fiosrúcháin.
Dúirt an Taoiseach gur Coimisiún Fiosrúcháin an bealach ceart le dul i ngleic leis an uafás a tháinig chun solais sa teach altrama san oirdheisceart.
Inniu cuireadh tús le héisteachtaí maidir le hiarratas ó theaghlaigh na ndaoine a chaill gaolta sna buamálacha ag iarraidh ar chróinéar na cathrach sin na fiosrúcháin a bhunú go húr.
Tá iarrtha ag Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, arís go mbunófaí coimisiún fiosrúcháin faoi líomhaintí nua i dtaca leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bhainistíocht Sócmhainní, NAMA.
Tháinig an t-eolas seo ar fad chun solais tar éis d'Aonad Fiosrúcháin RTÉ scannánú rúnda a dhéanamh i mbungaló 3 san áras i mí na Samhna 2014.
Bhí sé ar cheann de na cásanna a scrúdaigh Coiste na nAchainíocha ar dhá thuras fiosrúcháin a thug siad ar an tír seo.
Tá pictiúr amháin ann nach ndéanfaidh éinne againn dearmad go deo air – ní de Bertie féin ach dá rúnaí príobháideach, Gráinne Carruth, na deora léi, agus í ag fágáil Binse Fiosrúcháin Mahon.
Tá na Gardaí i mbun fiosrúcháin faoi thimpiste bhóthair a tharla ar an mbóthar R336 idir Crosbhóthar Ros a’ Mhíl agus Casla i gConamara aréir.
Dúradh nach leor é chun tacú leis na fiosrúcháin ghnó atá idir lámha agus go gcaithfear an cheist seo a réiteach ar mhaithe le fás agus forbairt na Gaeltachta a chinntiú.
Ó chuaigh RTÉ go dtí iad trí seachtaine ó shin, tá na Gardaí, Feidhmeannacht na Seibrhíse Sláinte agus HIQA ar fad i mbun fiosrúcháin.
Dála an scéil, táimid freisin, den dara huair le deich mbliana, go mór faoi chomaoin ag aonad fiosrúcháin RTÉ.
Tá An Post fós i mbun fiosrúcháin maidir le cén chaoi a bhfuair Royal Mail na Breataine greim ar an litir a seoladh chuig an gCeathrú Rua.
Agus is léir do chách gur fearr téarmaí tagartha fiosrúcháin a phlé sara dtosaíonn an obair fiosraithe.
Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Údaráis do Tuairisc.ie go bhfuil 9 dtogra gnó ag teacht chun cinn as na fiosrúcháin sin.
Táthar anois i mbun fiosrúcháin féachaint conas a tharla an eachtra agus balcóiní eile an fhoirgnimh á scrúdú ag innealtóirí agus póilíní lena chinntiú go bhfuilid stóinsithe a ndóthain.
“Tá muid i ndiaidh réimse leathan a chlúdach le trí bliana anuas idir cheol, chearta teanga, scéalta pobail, scéalta dóchasacha, iriseoireacht fiosrúcháin agus sraitheanna siamsúla.
Chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil le Sky, UPC agus Saorview chun ceist na bhfotheideal roghnach a fhiosrú ach ní raibh aon toradh ar na fiosrúcháin sin.
Chuirfeadh an comhchoiste fiosrúcháin ar bun chomh maith chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, a deirtear.
Ní fiosrúchán coiriúil é seo ach tá ionadaithe as rannóg fiosrúcháin coireanna na nGardaí ar an láthair freisin.
Dúirt an Coimisinéir ina teistiméireacht don choiste inniu go gcaithfidh sí dhá ról a chomhlíonadh ina post: fiosrúcháin agus iniúchadh a dhéanamh; agus na teangacha oifigiúla a chur chun cinn.
Tá an phíblíne maidir le fiosrúcháin gnó nua láidir faoi láthair agus tacóidh an t-ardú sa soláthar caipitil seo leis na tograí sin a thabhairt chun aibíochta.
Deirtear sa tuarascáil ón gComhchoiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta nár ceapadh ‘barántas na mbanc’ in imeacht aon oíche amháin i mí Mheán Fómhair na bliana 2008.
Lean sé le cur síos a dhéanamh ar am-líne Choimisiúin Fiosrúcháin an iar-Bhreithimh O'Higgins.
Mar thoradh, dúirt an tOspidéal go raibh siad muiníneach as an bhfoireann fiosrúcháin agus creidtear go mbeidh a dtuairisc ullamh i mí Iúil.
Deir sé freisin gur cheart go GSOC athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear Gardaí ar an eolas faoin dul chun cinn atá fiosrúcháin a dhéanamh.