Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

161 toradh in 138 doiciméad

  1. #1077253

    Is é an sprioc atá leis an Straitéis ná go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil sula dtiocfaidh deiridh le tréimhse na Straitéise i gceann 20 bliain.

  2. #1347778

    “Tá titim 11% tagtha ar an méid daoine atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht, sin an tslat tomhais is tábhachtaí mar gheall ar an saghas cleachtas atá ag an Rialtas.

  3. #1372042

    Mhaígh sé nach bhfuil ach 500 páiste réamhscoile ag labhairt Gaeilge taobh amuigh den chóras scolaíochta agus ina fhianaise seo go bhfuil cinniúint na Gaeltachta ar forbhás.

  4. #1503463

    Mar a phléamar cheana, dá dtosóimis ag fiosrú faoin tuismitheoir nó a chúlra nó faoi cibé an raibh nó nach raibh sé ag labhairt Gaeilge lena pháiste, bheadh leithcheal á dhéanamh againn.

  5. #1529460

    An cheist a chuirtear ar thuismitheoirí i dtuaisceart na hÉireann ná, cad é teanga an tí?  Ní féidir ach teanga amháin a roghnú.  Shamhlófá mar sin gur teaghlaigh arb í an Ghaeilge príomhtheanga an tí a bheadh i gceist, teaghlaigh ina bhfuil an bheirt tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge.  Agus go deimhin sin an míniú a thug scata príomhoidí ó thuaidh dom ar an scéal: ‘Sea, tá an figiúr sin cruinn ach tá teaghlaigh eile sa scoil a bhfuil tuismitheoir amháin ag labhairt Gaeilge leis na páistí nach bhfuil san áireamh’.

  6. #1678016

    Ní raibh stad ná fuaradh leo; ach iad ag labhairt Gaeilge, ag ceol i nGaeilge, ag troid i nGaeilge, agus ag bromadh i nGaeilge bhinn bhlasta,” a chaoineann Balor Bocht.

  7. #1691473

    Bhí mise anseo i mBl’Áth Cliath nuair a thosaigh siad ag gigeáil agus ag labhairt Gaeilge, ag déanamh cláracha teilifíse agus bhí próifíl ard acub.

  8. #1702835

    Is cuimhin liom daoine ag tíocht anseo ar an Spidéal agus chloisfeadh siad daoine ag labhairt Gaeilge Tigh Hughes thimpeall orthub agus baineadh geit astub.

  9. #1704225

    Bhí mé i mo chónaí i Leamhcán agus bhí sé sin deacair, ní bheadh mórán daoine thart ag labhairt Gaeilge.

  10. #1704227

    Ní raibh mórán tacaíochta thart do dhaoine a bheadh ag labhairt Gaeilge, seachas scoileanna agus mar sin.

  11. #1724138

    Níor chuala mé aon duine eile riamh ag labhairt Gaeilge ó Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath.

  12. #1799892

    An cineál teanga a labhraíonn an triúr sin ó Choláiste na Trioblóide níl cuma Bhéarla na hÉireann uirthi, agus mar sin tá sé chomh maith le bheith ag labhairt Gaeilge.

  13. #1958870

    “Níl aon duine ag rá gur chóir go mbeadh 100 faoin gcéad den státseirbhís ag labhairt Gaeilge laistigh de cúig bliana, agus tuigeann daoine é sin.

    Aengus Ó Snodaigh: ‘Tá mé den tuairim gur féidir linn obair mhaith a dhéanamh’: Cathaoirleach nua-cheaptha an Comhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta ar an obair atá amach roimhe – Éanna Ó Caollaí

  14. #311746

    Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar dhuine de na daoine atá ag labhairt Gaeilge amháin i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo agus é ag coimeád dialainne dúinn faoina Thriail Cearta Teanga Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar dhuine de na daoine atá ag labhairt Gaeilge amháin i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo agus é ag coimeád dialainne dúinn faoina Thriail Cearta Teanga Idir neamhshuim agus ‘tacaíocht bhog’ a bhí le brath ar an gcéad lá don Triail Cearta Teanga atá ar bun agam féin agus triúr comhghleacaí liom i dTIthe an Oireachtais.

  15. #579516

    “Ach do chuaigh mé go dtí an Spidéal agus níor chuala mé aon duine ag labhairt Gaeilge.” Thiocfadh dhuit, ach tá cónaí ormsa ceathrú míle taobh thiar den Spidéal agus níor chuala mé aon fhocal Béarla ag muintir mo bhaile ariamh ná ag seanbhunadh an cheantair taobh thoir ná taobh thiar den Spidéal.