Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

mailís

115 toradh in 81 doiciméad

  1. #266135

    Deirtear go mbeidh téamaí coitianta Shakespeare - miodóga agus mailís, fuil agus foréigean, grá agus gráin -  le feiceáil go sonrach ar an léiriú seo freisin.

  2. #397566

    Bhí an teachta ag tagairt do dhlíodóir Choimisinéir an Gharda Síochána ag rá le Coimisiún O'Higgins gur le teann mailíse a ghníomhaigh an Sáirsint McCabe ag sceitheadh eolais nach raibh fabharach don Gharda Síochána.   Mhaígh ceannaire Shinn Féin go raibh pátrún soiléir ann ina bhfacthas droch-cháil á caitheamh ar sceithirí agus fonóid déanta do theachtaí dála a thacaigh leo.

  3. #397913

    Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Nóirín O'Sullivan, nár tugadh treoir ariamh dá foireann dlí droch-chlú a tharraingt ar an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe.  Dúirt an Coimisinéir nár iarradh ariamh ar na dlíodóirí a rá le Coimisiún Fiosraithe O'Higgins gur le teann mailíse a sceith an Sáirsint McCabe eolas.

  4. #1388759

    Mar a deir Cóheilit sa Bhíobla: "Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.

  5. #1970932

    Ní shílfeá go mbeadh an oiread sin mailíse istigh i gcroí dhuine den teaghlach chéanna go dtarraingeodh sé náire ar chailín ar bith ar an dóigh sin.'

  6. #1019882

    CROBHINGNE:TAR ÉIS na gcéadta míle bliain de dhúnmharú, de choscairt, chéasadh, bhreabadóireacht, mhailís, chruálacht, chreachadh, chaimiléireacht agus pé eireaball fada d’imeachtaí neamhdheasa an tsaoil, is é is iontaí go mbeadh ionadh ar dhaoine maidir le sléacht Anders Behring Breivik atá ar a thriail in Oslo faoi láthair.

    Oileán eile – Alan Titley

  7. #1057371

    Duine aduain é Feardorcha, duine arb í an mhailís is smior smeara dó, duine barbartha dorcha ainmhíoch a ghéilleann go ró-réidh dá nádúr nuair a bhruitheann na tréithe sin aníos ann; duine, i ndáiríre, atá ar aon dul le marfóirí ar nós Charles Manson nó Fred West an lae inniu.

  8. #1102849

    É chomh háthasach díchreidmheach céanna go raibh an stuaire seo le folt fionn agus súile glasa niamhracha ag iarraidh bheith ina theannta, go ndearna sé dearmad ar an bpointe boise ar mhailís agus ar éad na bhfear óg eile.

  9. #1138352

    Sheas Drury lena raibh scríofa agus dúirt go mba í a thuairim ionraic féin a bhí tugtha aige agus cé go bhféadfadh soiniciúlacht a bheith ag baint leis nach raibh aon mhailís ann agus nach raibh aon fheachtas ar bun aige féin in aghaidh O’​Brien.Bhásaigh Paul Drury ar an 8 Márta 2015.

  10. #1152445

    Tá an tsiléig, an mhístuaim, an neamhshuim, an chluas bhodhar agus an cur ar an méar fhada i bhfad níos contúirtí ná an mhailís mar gur deacra iad a aithint ná a leigheas agus gur aicídí eagraíochtúla iad nach léir don té atá ina lár agus é plúchta ag 50,000 cás práinne.

  11. #208355

    B’fhéidir nár le mailís é, ach chaithfeadh sé fanacht taobh amuigh de gheata tosaigh an tí ar feadh daichead a cúig nóiméad go minic sula scaoilfeadh a iarbhean chéile na leanaí amach chuige.

  12. #630260

    Nuair a tháinig colún reatha Michael Brennan isteach go deisceart na Gaillimhe le luíochán a dhéanamh ar an mbóthar idir Baile Locha Riach agus Port Omna, dúirt Brennan: ‘I had been warned that we could trust nobody around there as they were all so terrified by the Black and Tans that they wouldn’t hesitate to convey a warning to save themselves from reprisals.’ Cúis eile ná mailís nó díoltas.

  13. #630280

    Nuair a tháinig colún reatha Michael Brennan isteach go deisceart na Gaillimhe le luíochán a dhéanamh ar an mbóthar idir Baile Locha Riach agus Port Omna, dúirt Brennan: ‘I had been warned that we could trust nobody around there as they were all so terrified by the Black and Tans that they wouldn’t hesitate to convey a warning to save themselves from reprisals.’ Cúis eile ná mailís nó díoltas.

  14. #632391

    In amhrán i gConamara cuireadh ina leith go raibh sé ‘ag cur daoine ag marú a chéile’, go raibh sé meata, ‘a cur a chosa uaidh’, agus ‘istigh i scailp dó féin.’ Bhí fuath ag an bhfile freisin do na poblachtánaigh go ginearálta: ‘Ná trustaidh san oíche iad nó amach i lár an lae.’ Sna campaí géibhinn: ‘Our nightly conversations had the inevitable effect of continuously recharging the batteries of hate.’ D’fhág básuithe poblachtánigh i gceantar Áth Cinn ‘embittered’ go háirithe nuair a bhí dímheas nó mailís le feiceáil tar éis don bheart a bheith curtha i gcrích.

  15. #1057396

    Fíor-dhraíocht agus fíor-chumhacht an tsaothair seo ná an bealach a theagmhaíonn bua Bhenignus agus mailís Fheardorcha ar shaol Shorcha agus Iarla, agus na leannáin óga faoi bhriocht a chéile le teann grá agus dóchais.

  16. #1168456

    Fiosróidh an Breitheamh Peter Charleton líomhaintí a rinne an t-iarCheannfort in Oifig Preas na nGardaí Dave Taylor, faoin reachtaíocht maidir le nochtadh eolais faoi chosaint, inár mhaigh sé gur iarr an t-iarChoimisinéir Martin Callinan agus an leas-Choimisinéir san am Nóirín O'Sullivan, air a rá leis na meáin gur mailís agus díoltas a ba chúis leis an Sáirsint Maurice McCabe a chuid líomhaintí a dhéanamh agus nach raibh bunús ar bith leo.

  17. #1582388

    Ar ndóigh, ní le mailís a chumtaí na hamhráin cháinte i gcónaí, ach le teann spraoi agus siamsaíochta, cé go bhféadfadh go raibh an ‘spontaneous overflow of powerful feelings’ a luann Wordsworth leis an bhfilíocht, i gceist an oíche úd freisin (Finnegan, 1977: 31).

  18. #1699075

    “Is minic é cluinte agam ach níor chuala mé riamh cé a scríobh é.” “Ní fios cé a chum,” a d’fhreagair an t-aire, agus í ag cuimilt sú dá smiog le cúl a doirn, “ach ar nós go leor eile de na dánta atá curtha síos do *ní fios cé a chum*, is *Brit* inteacht a scríobh – mac mioscaise inteacht a bhí ag iarraidh mailís a chothú i measc fheirmeoirí na hÉireann.

  19. #1821051

    Ní caimiléireacht ná mailís ba chúis leis an bpraiseach a deineadh den scéim fuinnimh inathnuaite do ghnólachtaí ach easnaimh agus botúin, a deir tuarascáil an fhiosraithe poiblí a sheol cathaoirleach an fhiosraithe, an t-iarBhreitheamh Sir Patrick Coghlin, in Stormont inniu.