#1861149
Dúirt Farrell go raibh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas ag iarraidh “dalladh púicín” a chur ar mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge.
Dúirt Farrell go raibh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas ag iarraidh “dalladh púicín” a chur ar mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge.
Chuaigh fear a raibh púicín á chaitheamh aige isteach i siopa Centra ag bun phríomhshráid Leitir Ceanainn ar 1.20 ar maidin, agus lorg sé airgead ón fhreastalaí.
Tháinig fear a raibh gunna a iompar aige agus púicín a chaitheamh aige isteach san oifig poist agus rinne sé bagairt ar an fhoireann oibre ann.
Spéisiúil go leor níl bheith istigh ag púicín, pusachán ná cealtair ar an masc aghaidhe cé go mbíonn a lán clamhsán faoin masc ag Gaeil.
Beidh cléir na gceacht gan púicín Ag úrmhaíomh an Éin-Mhic chóir, Is éigse cheart ag tabhairt síos Gach fonn-laoi go néata i gcló; An tréad do threascair dubhach sinn Gan lionntaí, gan féasta ar bord, Is Gaeil go seascair súch síoch ’Na ndúthaíbh go séanmhar sóil.
Deir Gardaí gur imigh an fear, a raibh púicín á chaitheamh aige isteach san ionad ag meánlae agus gráin-ghunna ina sheilbh aige. Dúirt sé le daoine a bpócaí a fhollmhú agus ghoid sé a gcuid airgid, eochracha agus gluaisteán den déanamh Fiat Panda. Bíonn an t-ionad ag plé le soiscéalachas. Tá na Gardaí ag iarraidh cabhrach ón bpobal.
Tá fainic curtha ar an duine masc nó púicín a chur suas nuair a bheas sé ag dáileadh na mburlaí ar fhaitíos go dtiocfadh an deannach sna scamhóga agus go mbeadh taobh na bpoll os a chionn, ach níl trácht ar bith ar bhó bhocht a tholgadh.
(Cad is féidir leo a dhéanamh ansin, ach slí nua a ráite a tharraingt chucu agus dalladh púicín éigin a chur ar an seansmaoineamh traochta i dtreo is nach n-aithneofaí go ró-fhurasta é.)
Is léir ón dán ‘Nach aoibhinn do Bhanba!’ nach mórán measa a bhí aige ar iarrachtaí Garrett Fitzgerald agus Margaret Thatcher aimsir an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i lár na n-ochtóidí, agus léirítear dímheas ar na daoine ‘a chreid sa pháirtpholaitíocht’ sa dán ‘Púicín’.
Tá a’s agat nach aon chílí í Sylvia.’ ‘Tá Sylvia beagnach scór bliain d’aois agus í maith i ndán bob a bhualadh orainn chomh nádúrtha is a chuirfeadh sí dalladh púicín ar a tuistí.
Nuair a d’fhág na fir ghunna an carr i bpáirc níor chuir siad trí thine é agus caitheadh gunnaí agus mála ina raibh púicín agus lámhainní in aice láimhe; stór ollmhór d’fhianaise fhóiréinseach, a deir iarphóilín sa scannán.
Nó, meas tú an fearr an misty mountain leis an urban obsession?’ Tá faitíos mór orm gur galar tógálach atá ann agus ní ghabhfaidh mé isteach sa teach chuici níos mór mura mbíonn púicín orm óir ceapaim gur trí na súile a tholgann tú é.
Dá bhrí sin, nuair a tháinig sé ar ais go hÉirinn le freastal ar Chomhdháil Dhroim Ceat le bheith ina eadránaí idir ríthe Uladh agus a gcuid filí, chaith sé púicín le linn dó a bheith ina thír dhúchais.
Léimid ar a shaothar díomá an té ar baineadh dalladh púicín na soineantachta de agus a fhéachann siar go cráite ar an bhflaitheas, dar leis, a chaill sé; ach is duine é chomh maith a fhéachann gan stríocadh ar smionagar na réabhlóide nár tháinig ann di lena linn, an ghlanchontrárthacht idir suarachas an tsaoil in Éirinn mar atá, dar leis, agus an t-idéalachas atá á ídiú, ar nós na habhlainne a thit as lámha na dtréan agus atá á creimeadh ag na lucha.
Léimid ar shaothar Uí Dhireáin go mion minic díomá an té ar baineadh dalladh púicín na soineantachta de, agus a fhéachann siar go cráite ar an bhflaitheas, dar leis, a chuaigh amú air.
Nuair a d'oscail sé an doras, chonaic sé fear a raibh púicín air agus a dhírigh gránghunna air. Thug an fear na cosa leis ansin. Creideann na póilíní gur coirpigh áitiúla a bhí freagrach as an eachtra agus go raibh sé i gceist an bhfear an póilín a chaitheamh agus a mharú.
Ní hamháin go dteastódh láimhseáil an-chúramach go deo le comparáid a dhéanamh idir tionscadal anaithnid Mháire, Robert Schumann agus Jenkinson, mar shampla, ach is cuid den spraoi a bhaineann le saothar Jenkinson é go bhfuil mar a bheadh púicín orainn.
Lig Gordon O Ruarke, as na Criogáin in Indreabhán, ar féin gur fuadaiodh é agus gur cuireadh iallach air an taisceadán a raibh an t-airgead ann sa siopa a oscailt agus cé gur facthas ar an gceamara slándála fear a raibh gunna aige agus púicín air ag bagairt ar Ghordon O' Rourke fritheadh amach ina dhiaidh sin gur beart é a bhí socraithe ag an mbeirt acu leis an airgead a ghoid.
'Dalladh púicín agus ceileatram' is ea an saol ina maireann sé ach turas níos anróití atá roimhe anois, turas ionsar a aiceantacht féin a dhéantar a léiriú de réir mar a leanann na línte leo i dtéarmaí turas siar ar shonraí meafaracha Chorca Dhuibhne, faoi 'bháisteach' agus faoi 'cheo' go dtí go ngeallann lastall den anró sléibhte na samhlaíochta.
Mar a dúirt sé féin: Bhí orm roinnt mhaith blianta a chaitheamh i Londain i measc daoine léannta, chun go mbainfí an dalladh púicín díom.
Sinn Féin Tá ráite ag an Teachta Dála Shinn Féin Mairéad Farrell gur iarracht atá sa dréacht-chlár rialtais atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas púicín a chur ar mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge.
An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (1 Iúil 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’ 2 An Claidheamh 1 Iúil 1916 Mura Púicín É Beidh gleo againn ar ball má thugtar Hóm Rúil [Rialtas Dúchais] d’Éirinn, nó do dhá thrian féin den tír – gleo i dtaobh na Gaeilge.
Dallamullóg Drualusa De dhíth: bosca uachtar reoite, dhá phúicín, dhá spunóg – Déan iarracht spunóg uachtar reoite a chothú don duine eile agus púicín nó dallóg ort.
Bain díot an púicín Go mbeidh gach Tríocha Céad In aon fheacht Linn Fuil, An fhuil.
Bíonn muid a’ rá nuair a bhíonns muid ag déanamh púicín: ‘A phúicín , a phúicín má fhaighim greim ort, béarfaidh mé ort agus sáfaidh mé síos in mo phóca thú.’ Brighid Ní Chonceanainn (fuair sí an t-ábhar óna hathair) Ceathrú an Teampaill Inis Meáin Co na Gaillimhe 11 Aibreán 1941