Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

pluc

116 toradh in 100 doiciméad

  1. #1795284

    Tháinig Máire isteach arís agus rinne sí gáire nuair a chonaic sí na pluca dearga a bhí ar an triúr a bhí roimpi.

  2. #1796306

    Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile agus fiú agus í ina codladh, ba léir go raibh an dá shúil sáite thiar ina ceann.

  3. #1986874

    Smaoinigh sí ar a aghaidhín beag, ar a shróinín beag, ar a phluca beaga dearga agus chaoin sí uisce a cinn.

    Deartháir Olga

  4. #1003518

    Dúirt sé – agus ní ag caint ó na fiacla amach a bhí sé, ná ní raibh a theanga ina phluc aige – nárbh fholáir léarscáil an Mheánoirthir a tharraingt as an nua arís!!!

    Mo leithscéal don Nollaig – Alan Titley

  5. #1023453

    NÍL A FHIOS AGAM an raibh a theanga ina phluc aige nó nach raibh ach is cosúil nach mbeadh ról ar bith ag an bhfile sa stát idéalach a shamhlaigh Platón.

    Tá cuid againn ag iarraidh maitheas éigin a dhéanamh – Gabriel Rosenstock

  6. #1687690

    Is iomaí uair a phioc mé mé féin suas ón talamh, mo phluc ag cur fola nó mo chuid brístí stróicthe.

  7. #1797357

    Ní raibh Tadhg ina shuí i gceart gur thit sé thart agus a phluc buailte ar ghualainn Shiobháin.

  8. #1983463

    Chuaigh sé chun na scoile den chéad uair in aois a cheithre bliana gan focal Béarla ina phluc aige.

    ‘Daoine nach gcoinneochadh comhrádh chúig bhomaite leis an mháthair a d’oil mé’

  9. #861575

    Beartaíodh freisin nach gcaithfí an vóta go lár an tsamhraidh seo chugainn nuair a bheadh, mar a dúirt fear seoigh éigin eile, scata turasóirí ag crochadh thart is gan focal Gaeilge ina bpluca acu.

  10. #1999291

    Tuairimí faoi mhúineadh na Gaeilge, foghlaim na Gaeilge, labhairt na Gaeilge, maoiniú na Gaeilge, agus cibé-cén-rud eile na Gaeilge a bhí a nochtadh go tiubh agus go tréan ar feadh an lae agus an deis á tapú ag cainteoirí Gaeilge agus daoine gan focal ina bpluc acu araon cúrsaí teanga na hÉireann a chur ina gceart, mar dhea.

  11. #1999317

    Tuairimí faoi mhúineadh na Gaeilge, foghlaim na Gaeilge, labhairt na Gaeilge, maoiniú na Gaeilge, agus cibé-cén-rud eile na Gaeilge a bhí a nochtadh go tiubh agus go tréan ar feadh an lae agus an deis á tapú ag cainteoirí Gaeilge agus daoine gan focal ina bpluc acu araon cúrsaí teanga na hÉireann a chur ina gceart, mar dhea.

  12. #758398

    Bhí mná freastail aici a chabhraíodh léi a cuid éadaí a chur uirthi ar maidin agus iad a bhaint tráthnóna, nó dá mbeadh sraoth uirthi thugaidís naipcín póca síoda di, nó dá dteastódh púdar uaithi dá pluca chuiridís púdar uirthi.

  13. #759002

    Bhí an bhean istigh inti á nochtadh féin, dubh os cionn na súl, luisne dhearg ar na pluca, púdar anuas ar an luisne, agus beoldath dearg na fola ar na liopaí, agus ba í sin an bhean a dhéanfaí di an chuid eile dá saol.

  14. #977650

    B'fhearr go mbeadh Taoiseach agus Airí Rialtais againn a mbeadh cúpla focal de theanga éigin acu gan trudaireacht agus plobaireacht pluc agus go mbeadh rud éigin seachas cúr úr an bhéil bháin ar sileadh óna gcab.

    Ar n-uachtaran – Alan Titley

  15. #993001

    Ba ghreannmhaire gur thug sé go binbeach faoi Enda dhá bhliain ó shin toisc gur scríobh sé siúd litir chun an Aire Dlí agus Éigirt ag fiosrú faoi chás dlí eile; agus, gan amhras, tá Enda breá sásta an comhar a dhíol leis gan aon lua ar ar dhein sé féin, agus gan imir rua náire ar bith a theacht ina phluca.

    Súile caocha an chine dhaonna – Alan Titley

  16. #1030101

    Shéid a phluca amach, chrom a bholg ar a bheith ar crith mar a bheadh glóthach ar dhruilire leictreach, d’imigh súil amháin isteach ina chloigeann ionas nach bhféadfadh corr éisc í a phiocadh amach fad is a bhí an ceann eile ina seasamh ar ghas i ngar dom, d’at a ghuaillí go dtína chluasa agus thosnaigh sé ar luascadh anonn is anall i dtreo is gur cheap mé go raibh sé ar tí mé a bhualadh.

    Ceap magaidh – Alan Titley

  17. #1030743

    Dhein an Gúm ceap magaidh díobh féin nuair a tharraing siad siar Fánaí le Seán Óg Ó Caomhánaigh ar bhonn abairt thall is abhus nach n-ardódh an luisne is lú ar phluca mná rialta faoina caille i bpríobháid a cille féin.

    Cinsireacht agus Lady Chatterley – Alan Titley

  18. #1185841

    Is bean í nach raibh focal Gaeilge ina pluc aici ach a thuig cuid mhór de na nósanna traidisiúnta sin a bhain le saol de chineál áirithe atá ag imeacht uainn go mear agus nach bhfuil ar eolas rómhaith ag bunús aos óg na linne seo, cé nach ag fáil locht ar bith orthu atá mé dá bharr sin.

  19. #1202377

    Ach bhí orm an dlúthdhiosca a mhúchadh go tobann nuair a thosaigh Aodh Mac Ruairí ag ceol (“deich mbliana a bhí tú a stóirín, nuair a scairteadh an saol orm féin; ó na flaithis atá mé do chosaint is le bród ag coimhéad gach céim’) mar go raibh mé buartha go mbeadh taisme agam féin leis na deora a bhí ag rith síos mo phluca.

  20. #1395761

    Bhí sé ina shuí go compordach in aice le leaba an othair, mar a bheadh dochtúir ann; é lán le cumhacht lena chóta mór álainn oscailte agus bolgaithe amach aige; nach dána an mhaise dó é; seans gur rud éigin mar sin a cheap an t-othar freisin, é ina luí ansin le luisne an fhiabhrais ar a phluca agus é ag breathnú air ó am go chéile.

  21. #1560191

    Go deimhin tá sé ríthábhachtach go dtarlódh sé seo ar mhaithe le go dtuigfimis nach cluiche é seo a bhuann tú, mar a mhaígh Arlene Foster lena teanga go daingean ina pluc, 5-0.

  22. #1689059

    Girseach atá inti atá múinte agus galánta ar fad, agus tá mé cinnte go raibh a teanga dingthe go maith ina pluc aici agus í á rá, agus nach raibh sí ag déanamh an rud tipiciúil Meiriceánach sin “tá achan rud níos mó agus níos fearr i dtír s’againne”, ach tchímse go bhfuil sé iontach na rudaí a fheiceann daoine bua iontu.

  23. #1833646

    Abhus, i bPáras, / Ag seasamh le beár Johnny Granville faoin Sacré Coeur, / Trí theanga buailte isteach agam le pluc na dáiríreachta, / Mé oidhre ar Íosa, / Ag ofráil croí adhmaid Cháit / Iompaithe go páipéar anseo.

  24. #1959069

    Ach cá bhfuil na feirmeoirí a chuirfeadh feoil le gach polasaí, na hadhlacóirí a chuirfeadh gach polasaí faoin bhfód, na fiaclóirí a labhródh ó na pluca amach, na búistéirí a chuirfeadh an scian ionainn, na haltraithe a leigheasfadh gach cneá, na fidléirí a bhainfeadh ceol as, na heacnamaithe leis an lámh seo agus leis an lámh eile, na garraíodóirí a bheadh ag potanálaíocht, na bobaidí a bhainfeadh greann asainn, na cócairí a chorródh an pota, na cailleacha dubha a shocródh gach rud go rialta, na siúinéirí a thuigfeadh an t-adhmad, lucht portaigh a thabharfadh treoir go fódúil, na táilliúirí a fhuálfadh suas gach poll, na péintéirí a chuirfeadh dath ar gach cáipéis, na fealsaimh (ach tá ceist fúthu sin)…?

    Aire! Airí ag trasnú: De cheal gúgal a bheith ag obair faoi láthair is i dtaobh lem sheanchuimhne atáim – Alan Titley