Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

smuigleáil

115 toradh in 83 doiciméad

  1. #1720897

    Thug an FRU cead dó gunnaí a smuigleáil go tuaisceart na hÉireann ón Afraic Theas chun sochair an UDA - agus bhí luach ar a shaothar.

  2. #1752185

    Scríobh Ann Gillespie chuig an Teachta Coughlan i mí Bealtaine ag cur a díomá in iúl, ach ní raibh aon ghá an litir a smuigleáil amach an iarraidh seo.

  3. #1760029

    Is iomaí duine a bhfuil cuimhne aige ar an smuigleáil a chuaigh ar aghaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda trasna na teorann.

  4. #1760037

    Mura mbeadh difear idir praghas na hola ó dheas agus an praghas ó thuaidh, ní bheadh smuigleáil ar bith ann.

  5. #1760046

    Níl mé ag rá, dar ndóigh, nach ann don smuigleáil phoblachtánach ach is cuid de cheist chasta í.

  6. #1896330

    Smuigleáil Daoine Gabhadh fear ina chuid daichidaí as oirthear na hEorpa i Leitir Ceanainn tráthnóna inné, ar chúiseanna a bhaineann le smuigleáil daoine sa bhaile.

  7. #1382939

    Duine é a chuir Del Boy ón tsraith Only Fools and Horses i gcuimhne dom: ní raibh rud ar bith a bhí uait nach bhféadfadh sé a eagrú ar an bpraghas ceart - teach ar cíos, gineadóir leictreachais, déantúis seanda smuigleáilte ón Chongo, tacsaí, cóta in aghaidh fhuacht an gheimhridh nó tú a chur in aithne do na daoine a d'fhéadfadh doiciméid is cáipéisí a sholáthar níos tapúla ná na bealaí oifigiúla.

  8. #1715269

    Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an *Connswater* anois air.

  9. #1224303

    Is maith, áfach, atá an t-údar in ann gnó na smuigleála a mhíniú dúinn trí shúile an linbh, nár thuig ach a leath – go mbíodh lucht custaim agus discoverers ag feidhmiú timpeall faoi dhlí Shasana.

  10. #1279690

    Beidh sé deacair sa bhfadtéarma cloí leis an seasamh sin, mar is léir nach n-oibreoidh sé.  Tá sé admhaithe ag leithéidí Vince Cable ó na Daonlathaigh Liobrálacha agus iarghobharnóir Bhanc Shasana, Mervyn King, go mbeadh aon teorainn in Éirinn ró-éadaingean agus gur bronntanas do lucht smuigleála a bheadh ann.

  11. #1896337

    Is iad na Gardaí i Leitir Ceanainn atá i mbun an fhiosrúcháin seo, i gcomhair le Aonad Smuigleála Daoine an Gharda Síochána, Údaráis na Rómáine, an Roinn Dlí agus Cirt agus roinnt rannóga stát.

  12. #264687

    Níor chaith sé aon am sa phríosún mar go ndearnadh an t-ionsaí sular cuireadh Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm i 1998.  Chomh maith le smuigleáil tobac agus alcóil, tá na hÉireannaigh á gceistiú ag na póilíní sa Spáinn faoi sciúradh airgid.

  13. #266242

    Bhí O'Donovan ag caint le linn díospóireachta Comhthionóil Páirliminte na hÉireann agus na Breataine faoi thuairisc ar smuigleáil agus ar sciúradh breosla.  Thug TD Luimnigh le fios go raibh Sinn Féin ag baint leasa as na gníomhaíochtaí seo.

  14. #273134

    Dúirt sé freisin le rá go bhfuil buíonn amháin coireachta a meastar €71m bheith tuillte acu ó smuigleáil ó thíortha na hAifrice chuig an Eoraip i mbliana amháin.  -- Ar lean le scéal na dteifeach, thug údaráis na hUngáire cead taistil do na mílte teifeach ar maidin óna príomhchathair Búdaipeist.

  15. #273151

    Ghabh póilíní na Tuirce ceathrar as an tSiria agus iad faoi amhras gur smuigleáil siad teifigh ón Tuirc go hoileán Dogan na Gréige ar bhád a chuaigh go grinneall agus as ar báthadh 12, leanbh óg ina measc.

  16. #274381

    Scaoileadh saor inniu fear sna daichidí as oirthear na hEorpa a ghabh na Gardaí i Leitir Ceanainn inné ar chúiseanna a bhaineann le smuigleáil daoine.  Gabhadh an fear nuair a chuardaigh Gardaí armtha árasáin ar an mbaile. Thóg na Gardaí roinnt teileafón póca agus ríomhairí ó na hárasáin freisin.

  17. #1120660

    Bhí baint aigesean, agus ag a dheartháir, leis an smuigleáil tamall ach anois bhí dualgas air stop a chur leis agus siúl a choimeád chomh maith ar an liostáil a bhí ar siúl don Fhrainc agus don Spáinn.

  18. #1279650

    Dhá mhí ó shin tháinig póilíní agus oifigigh chustam ar lastas mór drugaí, cócaon agus cannabas chomh maith le seodra an-luachmhar nuair a rinne siad cuardaigh i dtaca le smuigleáil i mbailte fan na teorann i dTuaisceart Éireann.

  19. #1563547

    Baineann seo le fiosrúchán atá ar bun faoi bhuíon coirpeach i gceantar na teorann a bhíonn ag smuigleáil toitíní agus earraí bréige.  Tuigtear go bhfuil baill de ghrúpaí easaontóirí poblachtánacha sa ghrúpa seo.

  20. #1619676

    Deir tarlóirí i Sasana go bhfuil na bealaí a bhfuiltear ag smuigleáil daoine i leoraithe níos sofaisticiúla anois ná riamh agus go bhfuil an-imní ar thiománaithe faoi na cleasa is deireanaí atá ag buíonta coirpeach.

  21. #1619855

    Tá fear amháin, Maurice Robinson - 25 bliain d'aois - as Craigavon i gCo Ard Mhacha cúisithe i ndúnorgain agus i smuigleáil daoine i measc coireanna eile.  Tá sé le tabhairt os comhair cúirte i Londain arís ar 25 Samhain.  Tá triúr eile a gabhadh scaoilte saor ar bannaí.

  22. #1619955

    Deir na póilíní in Essex i Sasana gur labhair siad ar an teileafóin le Rónán Hughes, duine de bheirt dheartháireacha as Co Mhuineacháin a theastaíonn uathu a cheistiú faoi bhás 39 duine a bhfuarthas a gcoirp i leoraí an tseachtain seo caite.  Tá na póilíní in Essex ag iarraidh teacht ar Rónán Hughes, 40 bliain d'aois, agus a dheartháir Christopher, 34 bliain, agus amhras ina leith faoi dhúnorgain agus smuigleáil daoine.

  23. #1619986

    De réir an eolais atá á chur amach ag áisíneacht nuachta i Vítneam, atá faoi smacht an rialtais ansin, deir na póilíní go bhfuil siad le feachtas a bhunú chun deireadh a chur le smuigleáil daoine atá ag iarraidh dul chun na Breataine.

  24. #1619988

    Ceapadh roimhe sin gur de bhunadh na Síne iad.  Tá na póilíní thall ag iarraidh teacht ar bheirt fhear as Co Mhuineacháin - Rónán Hughes, 40 bliain d'aois, agus a dheartháir Christopher, 34 bliain - agus amhras ina leith faoi dhúnorgain agus smuigleáil daoine.

  25. #1620276

    Gearradh 9 mbliana príosúin ar Éireannach as 60 gunna láimhe a smuigleáil isteach sa Ríocht Aontaithe.  Stopadh Robert Keogh, 37 bliain d'aois as Baile Átha Cliath ag Calafort Dover ar an 2ú Lúnasa agus fuarthas na gunnaí láimhe a bhí clúdaithe le plaisteach ina ghluaisteán Volkswagen Passat.  Bhí na gunnaí láimhe déanta sa Tuirc agus fuarthas iad sa charr taobh le ceithre irisleabhar, miotóga laitéise agus páipéarachas de chuid na Tuirce.  Bhíothas le £10,000 punt a dhíol le Robert Keogh as an turas.

  26. #1623260

    Ní hionann agus go leor úrscéalta eile atá lonnaithe i scoileanna, is ag ‘déileáil le heachtraí móra’ a bhíonn mic léinn Chluain Éanna: ‘gadaíocht, smuigleáil, fuadach, buamaí adamhacha agus bagairtí idirnáisiúnta ar shaoirse na hÉireann’ (123).

  27. #1674128

    Meastar gur as an Albáin breis is 8,000 de striapacha na hIodáile, a bhfuil 30% acu faoi 18; tagann roinnt acu seo chun na tíre ar víosa saoire ach déantar go leor acu a smuigleáil trasna Mhuir Aidriad.

  28. #1708071

    Tá roinnt mhaith dá bhfuil le fáil ann ráite cheana i gconarthaí idirnáisiúnta eile a bhaineann le cearta an duine, ach chomh maith leis sin pléann an conradh seo le cúrsaí comhoibrithe idir stáit maidir le malartú eolais, ceist na himirce neamhrialta agus smuigleáil is gáinneáil i ndaoine.

  29. #1711424

    Bhí sé suimiúil long ón tSeirbhís Chabhlaigh le brat na hÉireann ar foluain a bheith ag an Pier Head, cóngarach don áit inar tháinig na mílte i dtír 1845-52 agus áit a raibh na hÉireannaigh áitiúla ag smuigleáil gunnaí do Mhícheál Ó Coileáin i 1920.

  30. #1749573

    Nuair a thosaigh an t-oifigeach cabhlaigh Christopher Brownfield a sheal dualgais i mBagdad, ba bheag duine a shamhlaigh sé go mbeadh sé ag sárú an dlí go luath ina dhiaidh sin agus saothair ealaíne ón Iaráic á smuigleáil go dtí na Stáit Aontaithe aige.

  31. #1749585

    Ba dhúshlán é 100 canbhás a smuigleáil as an Iaráic trí chóras poist arm na Stát Aontaithe agus, lena chinntiú go dtiocfaidís ar fad slán sábháilte go Nua-Eabhrac, níor inis Brownfield an fhírinne iomlán agus é ag comhlánú na bhfoirmeacha custaim.

  32. #1752145

    Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur éirigh le Ann agus Eileen Gillespie, as an Bhun Beag, Gaoth Dobhair litreacha a smuigleáil ó sciathán speisialta i bPríosún Durham agus a chur faoi bhráid cheannairí an rialtais.

  33. #1760030

    Níl mé ag rá gurb ionann an cineál sin “coiriúlachta” agus a bhfuil ag titim amach i measc na bparaimíleatach, ach tá mé á lua mar chomhartha nár thosaigh an smuigleáil leis na Provies.

  34. #1760035

    Tá plé iontach suimiúil ar siúl mar gheall ar an smuigleáil ar leathanaigh Slugger O’Toole ([www.sluggerotoole.com](http://www.sluggerotoole.com)) ar an idirlíon ina bhfuil an ráiteas is fearr dar léigh mé le fada.

  35. #1766976

    Dá mba Phoblachtach éicint as Gluaiseacht na Poblachta a bhí ann is a bheadh ag iarraidh airm a smuigleáil tríd Aerfort na Sionainne, bheadh RTÉ ann go seasta gach lá ag taifeadadh le ceamara.