#347587
Mar gheall air sin, ag gníomhú dóibh laistigh de Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha maidir le Gréasáin agus Seirbhísí Leictreonacha Cumarsáide (ERG) agus ina bhfreagairt ar an gcomhairliúchán poiblí faoin athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, d’iarr na húdaráis rialála náisiúnta ar an gCoimisiún athuair gníomhú ar leibhéal an Chomhphobail, maidir leis an Rialachán a fhadú ó thaobh ama de agus maidir le seirbhísí fánaíochta SMS agus seirbhísí fánaíochta sonraí a rialáil.
For this reason the national regulatory authorities, acting within the European Regulators Group for Electronic Communications Networks and Services (ERG), established by Commission Decision 2002/627/EC [4], in its response to the public consultation on the review of Regulation (EC) No 717/2007, once again called on the Commission to act at Community level, both as regards the prolongation of the Regulation and with regard to the regulation of SMS roaming and data roaming services.