Is é is cuspóir do na staidéir sin tréithriú a dhéanamh ar éadulaingt agus corrlach leordhóthanach sábháilteachta a bhunú trí úsáid a bhaint as an mbealach/na bealaí tabhartha a mholtar.
The purpose of these studies is to characterise signs of intolerance and to establish an adequate margin of safety using the recommended route(s) of administration.
#2049773
Sainaithneofar na staidéir lena mbaineann, na dáileoga ag ar tharla an éadulaingt, agus na speicis agus na póir lena mbaineann.
The studies concerned, the dosages at which the intolerance occurred, and the species and breeds concerned shall be identified.
#581399
Le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 leagtar amach rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil faoi chomhábhair atá i ngach bia, lena n-áirítear bia nach bhfuil réamhphacáistithe, amhail comhábhair ina bhfuil glútan, a bhfuil sé cruthaithe go heolaíoch go bhfuil éifeacht ailléirgeach nó éadulangach acu, chun go bhféadfaidh tomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhfuil ailléirge nó éadulaingt bhia acu amhail daoine atá éadulangach ar ghlútan, roghanna eolasacha a dhéanamh a bheidh slán dóibhsean.
Regulation (EU) No 1169/2011 sets out rules on information to be provided for all food, including non-prepacked food, on the presence of ingredients, such as gluten-containing ingredients, with a scientifically proven allergenic or intolerance effect in order to enable consumers, particularly those suffering from a food allergy or intolerance such as gluten-intolerant people, to make informed choices which are safe for them.
#581407
Ar mhaithe le soiléire agus le comhsheasmhacht, ba cheart bunú rialacha maidir le ráitis lena sonraítear neamhláithreacht nó láithreacht laghdaithe lachtóis i mbia a rialáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1169/201, agus Tuairim Eolaíoch an Údaráis an 10 Meán Fómhair 2010 maidir leis na tairsí lachtóis in éadulaingt lachtóis agus i ngalactóiséime á cur san áireamh.
For the sake of clarity and consistency, the establishment of rules on the use of statements indicating the absence or reduced presence of lactose in food should be regulated under Regulation (EU) No 1169/2011, taking into account the Scientific Opinion of the Authority of 10 September 2010 on lactose thresholds in lactose intolerance and galactosaemia.
#1735801
Cuirfear achoimre ar fáil d’aon chomhartha d’éadulaingt a tugadh faoi deara le linn na staidéar a rinneadh, de ghnáth le sainfhoirmle dheiridh, sa spriocspeiceas i gcomhréir le ceanglais Chuid 4, Caibidil I, Roinn B. Sainaithneofar na staidéir lena mbaineann, na dáileoga ag ar tharla an éadulaingt agus na speicis agus na póir lena mbaineann.
A summary shall be provided of any signs of intolerance which have been observed during studies conducted, usually with the final formulation, in the target species in accordance with the requirements of Part 4, Chapter I, Section B. The studies concerned, the dosages at which the intolerance occurred and the species and breeds concerned shall be identified.
#2034304
Ba cheart go dtacódh an Clár le gníomhaíochtaí maidir le gach cineál idirdhealaithe, ciníochais, seineafóibe, afrafóibe, frith-Sheimíteachais, frithghiofógachais, fuath i leith Moslamacha gus cineálacha uile éadulaingte, lena n-áirítear homafóibe, défóibe, trasfóibe idirfhóibe agus éadulaingt bunaithe ar fhéiniúlacht inscne a chosc agus a chomhrac, ar líne agus as líne, chomh maith le héadulaingt in aghaidh daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus an t-il-idirdhealú á chur san áireamh.
The Programme should support actions to prevent and combat all forms of discrimination, racism, xenophobia, afrophobia, anti-Semitism, anti-Gypsyism, anti-Muslim hatred, and allforms of intolerance, including homophobia, biphobia, transphobia, interphobia and intolerance based on gender identity, both online and offline, as well as intolerance of persons belonging to minorities, taking into account multiple discrimination.
#2049879
Is é is cuspóir do staidéir ar shábháilteacht na spriocainmhithe tréithriú a dhéanamh ar éadulaingt agus corrlach leordhóthanach sábháilteachta a dhéanamh amach trí úsáid a bhaint as an mbealach/na bealaí tabhartha a mholtar.
The purpose of target animal safety studies is to characterise signs of intolerance and to establish an adequate margin of safety using the recommended route(s) of administration.
#3223787
I gcás ina gcuirtear aon substaint nó táirge eile is cúis le hailléirgí nó éadulaingt le táirge fíona cumhraithe roimh an mbuidéalú, cuirfear i láthair iad i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
Where any other substances or products causing allergies or intolerances are added to an aromatised wine product before bottling, they are to be presented in accordance with Article 21(1) of Regulation (EU) No 1169/2011.
#3223801
Chun críocha na chéad fomhíre, pointe (b), i gcás ina soláthraítear liosta na gcomhábhar trí mheán leictreonach, beidh na téarmaí sin le feiceáil uair amháin ar an bpacáiste freisin nó ar lipéad a bheidh i gceangal leis, tar éis an fhocail ‘tá’ mar aon le léiriú aon substaintí nó táirgí eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí nó éadulaingt agus a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge fíona chumhraithe.
For the purposes of the first subparagraph, point (b), where the list of ingredients is provided by electronic means, those terms shall also appear once on the package or on a label attached thereto, following the word ‘contains’ along with the indication of any other possible substances or products causing allergies or intolerances used in the production of the aromatised wine product.