Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 5 dhoiciméad

  1. #1731906

    Ionas go bhfeidhmeoidh an chosaint i gcásanna ina bhfuil níos mó ná dlínse amháin i gceist, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh i gcásanna ina bhfuil an t-údarás inniúil forchurtha smachtbhannaí nó an t-údarás ionchúisimh i ndlínse nach bhfuil i ndlínse an údaráis iomaíochta a bhfuil an cás á leanúint aige, ba cheart d'údarás iomaíochta náisiúnta na dlínse den údarás inniúil forchurtha smachtbhannaí nó den údarás ionchúisimh na teagmhálaithe is gá eatarthu a áirithiú.

    In order to allow the protection to function in situations where more than one jurisdiction is involved, Member States should provide that in cases where the competent sanctioning or prosecuting authority is not in the same jurisdiction as the competition authority that is pursuing the case, the necessary contacts between those authorities should be ensured by the NCA of the jurisdiction of the competent sanctioning or prosecuting authority.

    Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  2. #1732176

    Mura gcomhlíontar coinníoll an chomhair leis an údarás ionchúisimh inniúil, féadfaidh an t-údarás sin leanúint den imscrúdú.

    If the condition of cooperation with the competent prosecuting authority is not fulfilled, that competent prosecuting authority may proceed with the investigation.

    Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  3. #3053651

    Openbaar Ministerie (Údarás Ionchúisimh na Sualainne), C-625/19 PPU, ECLI:EU:C:2019:1078, agus Openbaar Ministerie (Ionchúisitheoir Poiblí sa Bhruiséil), C-627/19 PPU, ECLI:EU:C:2019:1079;

    Openbaar Ministerie (Swedish Prosecution Authority), C-625/19 PPU, ECLI:EU:C:2019:1078, and Openbaar Ministerie (Public Prosecutor in Brussels), C-627/19 PPU, ECLI:EU:C:2019:1079;

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Scórchlár Ceartais AE 2023

  4. #444392

    23.—(1) Más rud é, ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, go ndéanfar duine a thriail ar díotáil agus a éigiontú i gcion, féadfaidh an Stiúrthóir, más é nó más í an t-údarás ionchúisimh sa triail, nó an tArd-Aighne de réir mar is cuí, faoi réir fho-alt (3) agus alt 24, achomharc a dhéanamh i gcoinne an éigiontaithe i leith an chiona lena mbaineann ar cheist dlí chun na Cúirte Uachtaraí.

    23.—(1) Where on or after the commencement of this section, a person is tried on indictment and acquitted of an offence, the Director, if he or she is the prosecuting authority in the trial, or the Attorney General as may be appropriate, may, subject to subsection (3) and section 24, appeal the acquittal in respect of the offence concerned on a question of law to the Supreme Court.

    AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL 2010

  5. #444393

    (2) Más rud é, ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, go ndéanfar ciontú duine i gcion ar díotáil a neamhniú de thoradh achomhairc ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil agus nach ndéanann an Chúirt sin aon ordú chun an duine a atriail i leith an chiona, féadfaidh an Stiúrthóir, más é nó más í an t-údarás ionchúisimh sa triail, nó an tArd-Aighne de réir mar is cuí, faoi réir fho-alt (3) agus alt 24, achomharc a dhéanamh i gcoinne bhreith na Cúirte Achomhairc Choiriúil gan atriail an chiona lena mbaineann a ordú ar cheist dlí chun na Cúirte Uachtaraí.

    (2) Where on or after the commencement of this section, a person’s conviction of an offence on indictment is quashed on appeal by the Court of Criminal Appeal and that Court makes no order for the re-trial of the person in respect of the offence, the Director, if he or she is the prosecuting authority in the trial, or the Attorney General as may be appropriate, may, subject to subsection (3) and section 24, appeal the decision of the Court of Criminal Appeal not to order a re-trial of the offence concerned on a question of law to the Supreme Court.

    AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL 2010

  6. #444475

    (b) go ndeimhníonn an Chúirt Achomhairc Choiriúil nó an tArd-Aighne in aon chás nó, más é nó más í an t-údarás ionchúisimh sa ní, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, go bhfuil ponc dlí lena ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil i gceist sa ní agus gurb inmhianaithe, ar mhaithe le leas an phobail, go dtabharfadh an duine achomharc chun na Cúirte Uachtaraí.”,

    (b) the Court of Criminal Appeal or the Attorney General in any case or, if he or she is the prosecuting authority in the matter, the Director of Public Prosecutions, certifies that the matter involves a point of law of exceptional public importance and that it is desirable in the public interest that the person should take an appeal to the Supreme Court.”,

    AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL 2010

  7. #706837

    D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaithe, cumhachtaí ceartaitheacha agus pionóis, agus cumhachtaí údaraithe agus comhairliúcháin, go háirithe i gcásanna gearán ó dhaoine nádúrtha, agus gan dochar do chumhachtaí na n-údarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

    In order to ensure consistent monitoring and enforcement of this Regulation throughout the Union, the supervisory authorities should have in each Member State the same tasks and effective powers, including powers of investigation, corrective powers and sanctions, and authorisation and advisory powers, in particular in cases of complaints from natural persons, and without prejudice to the powers of prosecutorial authorities under Member State law, to bring infringements of this Regulation to the attention of the judicial authorities and engage in legal proceedings.

    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  8. #1322775

    (d) imeachtaí coiriúla i gcoinne an fhostóra, atá ar siúl nó á mbagairt nó á mbeartú, a ndearna an fostaí, nó ar bheartaigh nó ar bhagair an fostaí go ndéanfadh sé, i ndáil leo gearán nó ráiteas leis an údarás ionchúisimh nó le haon údarás eile a bhfuil baint nó gabháil aige le hionchúiseamh na n-imeachtaí nó a raibh an fostaí ina fhinné nó ar dóigh dó bheith ina fhinné iontu.

    ( d ) criminal proceedings against the employer, whether actual, threatened or proposed, in relation to which the employee has made, proposed or threatened to make a complaint or statement to the prosecuting authority or to any other authority connected with or involved in the prosecution of the proceedings or in which the employee was or is likely to be a witness,

    Uimhir 10 de 1977: AN tACHT UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH, 1977

  9. #1732175

    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar stiúrthóirí, bainisteoirí agus baill foirne reatha agus iarstiúrthóirí, iarbhainisteoirí agus iarbhaill foirne eile de chuid iarratasóirí chuig údaráis iomaíochta ar dhíolúine ó fhíneálacha, go ndéanfar iad a chosaint ar aon smachtbhannaí arna bhforchur in imeachtaí breithiúnacha coiriúla, i ndáil lena rannpháirtíocht sa chairtéal rúnda a chumhdaítear leis an iarratas, maidir le sáruithe ar dhlíthe náisiúnta lena saothraítear na cuspóirí céanna leis na cuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 101 CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus go gcomhoibreoidh siad go gníomhach leis an údarás ionchúisimh inniúil.

    Member States shall ensure that current and former directors, managers and other members of staff of applicants for immunity from fines to competition authorities are protected from sanctions imposed in criminal proceedings, in relation to their involvement in the secret cartel covered by the application for immunity from fines, for violations of national laws that pursue predominantly the same objectives to those pursued by Article 101 TFEU, if they meet the conditions set out in paragraph 1 and actively cooperate with the competent prosecuting authority.

    Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))