#1525680
—Leasaítear leis seo alt 3 (arna leasú le halt 8 den Acht Deocha Meisciúla, 1960 , agus le halt 3 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 ) d'Acht 1927, i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (i) agus (ii): [EN] “(i) i gcás áitreabh lena ngabhann ar-cheadúnas, idir leathuair tar éis a seacht a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog maidineacha dálach agus maidin Domhnaigh arb é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig é aon bhliain áirithe, agus [EN] (ii) i gcás áitreabh lena mbaineann eis-cheadúnas, idir a naoi a chlog agus leathuair tar éis a deich a chlog maidineacha dálach agus maidin Domhnaigh arb é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig é aon bhliain áirithe.”. [EN] Leasú ar alt 13 (díolúintí d'óstáin agus do bhialanna) d'Acht 1927. 4. —Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le halt 28 d'Acht 1988) d'Acht 1927 tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach san alt sin: [EN] “Ar choinníoll, más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha den alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, go mbeidh feidhm acu, ach amháin i gcás ceadúnais sé lá, maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”. [EN] Leasú ar alt 56 (tráthanna toirmiscthe i gclubanna) d'Acht 1927. 5. —(1) Leasaítear leis seo alt 56 (a cuireadh isteach le halt 26 d'Acht 1988) d'Acht 1927— [EN] (a) trí “i bhfo-ailt (1A), (2) agus (3)” a chur in ionad “i bhfo-ailt (2) agus (3)” i bhfo-alt (1), agus [EN] (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): [EN] “(1A) Más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha d'fho-alt (1) den alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, beidh feidhm acu maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”, [EN] agus [EN] (c) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2): [EN] “Ar choinníoll, más rud é aon bhliain áirithe gur Domhnach é an 23ú nó an 24ú lá de Nollaig, ansin, maidir leis na forálacha den fho-alt seo a bhaineann le dálach i rith tréimhse nach tréimhse ama samhraidh, go mbeidh feidhm acu maidir le Domhnach den sórt sin amhail is dá mba dhálach den sórt sin é.”. [EN] (2) (a) Chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1988, measfar, ar feadh na hidirthréimhse, rialacha club a bheidh cláraithe faoi na hAchtanna sin ar dháta rite an Achta seo a bheith ar comhréir le forálacha alt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927. [EN] (b) San fho-alt seo ciallaíonn “idirthréimhse” an tréimhse dar tús dáta rite an Achta seo agus dar críoch an tráth a éagfaidh an deimhniú cláraitheachta maidir leis an gclub a bheidh i bhfeidhm dhá mhí tar éis an dáta sin, nó, más túisce a tharlóidh sin, an dáta a chuirfear rialacha an chlub ar comhréir le halt 56, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1927. [EN]
1962, No. 21