Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

8 dtoradh in 5 dhoiciméad

  1. #2238016

    Measann Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhféadfadh, sa chás is measa, suas le 4 mhilliún duine teitheadh ón Úcráin.

    The United Nations (UN) High Commissioner for Refugees estimates that, under the worst-case scenario, up to 4 million people may potentially flee Ukraine.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach

  2. #674721

    Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí na mBallstát cosaint idirnáisiúnta agus réiteach buan a chur ar fáil ina gcuid críoch do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe atá sainaitheanta ag Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) mar dhaoine atá incháilithe le hathlonnú, amhail measúnú ar na riachtanais athlonnaithe agus na daoine lena mbaineann a aistriú chuig a gcuid críoch, d’fhonn stádas slán dlíthiúil a dheonú dóibh agus lena lanpháirtiú éifeachtach a chur chun cinn.

    The Fund should support the efforts made by Member States to provide international protection and a durable solution in their territories to refugees and displaced persons identified as eligible for resettlement by the United Nations High Commissioner for Refugees (‘UNHCR’), such as the assessment of the resettlement needs and transfer of the persons concerned to their territories, with a view to granting them a secure legal status and to promoting their effective integration.

    Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairleagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle

  3. #674832

    ciallaíonn “athlonnú” an próiseas trína ndéantar, ar iarratas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (“UNHCR”) bunaithe ar an ngá atá ag duine le cosaint idirnáisiúnta, náisiúnaigh tríú tíortha a aistriú ó thríú tír agus a shocrú i mBallstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus ceann amháin de na stádais seo a leanas acu:

    ‘resettlement’ means the process whereby, on a request from the United Nations High Commissioner for Refugees (‘UNHCR’) based on a person’s need for international protection, third-country nationals are transferred from a third country and established in a Member State where they are permitted to reside with one of the following statuses:

    Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht,lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairleagus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpaagus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle

  4. #1820208

    na Náisiúin Aontaithe trína gcuid oifigí ábhartha, gníomhaireachtaí ábhartha, eagraíochtaí ábhartha agus eintiteas ábhartha eile, go háirithe Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta agus an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta;

    the United Nations through its relevant offices, agencies, organisations and other entities, in particular the Office of the United Nations High Commissioner for Refugees, the Office of the High Commissioner for Human Rights, the International Organization for Migration, the United Nations Office on Drugs and Crime and the International Civil Aviation Organization;

    Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624

  5. #2195627

    Agus an anailís choiteann agus na nótaí treorach á bhforbairt, ba cheart don Ghníomhaireacht a thabhairt dá haire na Treoirlíne Incháilitheachta is déanaí ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) maidir le Measúnú ar Riachtanais Cosanta Idirnáisiúnta Iarrthóirí Tearmainn arb as tíortha tionscnaimh ar leith iad agus ba cheart di a bheith in ann foinsí ábhartha eile a chur san áireamh.

    When developing the common analysis and guidance notes the Agency should take note of the most recent United Nations High Commissioner for Refugees (UNHCR) Eligibility Guidelines for Assessing the International Protection Needs of Asylum Seekers from specific countries of origin, and it should be able to take into account other relevant sources.

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

  6. #2238020

    Chuir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe fáilte roimh an tacaíocht a léirigh roinnt Ballstát maidir leis an gcosaint shealadach dá bhforáiltear i Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú chun dídean láithreach sealadach a chur ar fáil san Aontas, agus chun é a dhéanamh níos éasca an fhreagracht as daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a roinnt i measc na mBallstát.

    The UN High Commissioner for Refugees welcomed the support expressed by many Member States for activating the temporary protection provided for by Directive 2001/55/EC in order to enable immediate and temporary refuge in the Union, and for facilitating the sharing of responsibility for people fleeing Ukraine among Member States.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach

  7. #2918707

    Mheas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil níos mó ná 5 mhilliún duine easáitithe laistigh den Úcráin agus go bhfuil cabhair dhaonnúil phráinneach de dhíth ar 17 milliún duine.

    The United Nations High Commissioner for Refugees estimated that more than 5 million people are displaced inside Ukraine and that over 17 million people are in need of urgent humanitarian assistance.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382

  8. #2918708

    I mí an Mheithimh 2023, i bhfianaise na staide reatha san Úcráin, d’athdhearbhaigh Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe an seasamh a bhí aige roimhe seo maidir le fillteacha ar an Úcráin, inar iarradh ar Stáit gan náisiúnaigh agus iar-ghnáthchónaitheoirí na hÚcráine a fhilleadh go héigeantach, lena n-áirítear iad siúd ar diúltaíodh dá n-éilimh ar thearmann.

    In June 2023, in view of the current situation in Ukraine, the United Nations High Commissioner for Refugees reiterated its previous position on returns to Ukraine, which called upon States not to forcibly return nationals and former habitual residents of Ukraine, including those who have had their asylum claims rejected.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382