Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

13 toradh in 6 dhoiciméad

  1. #3054468

    Rinne an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach iniúchadh ar sholáthar poiblí in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta.

    The Internal Audit Service performed an audit on public procurement in the Directorate-General for Informatics.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022

  2. #2632027

    Maidir leis an ról atá ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta mar sholáthraí seirbhíse do réimse na n-acmhainní daonna, thángthas san iniúchadh ar roinnt laigí suntasacha maidir leis an mbealach ina mbíonn caidreamh ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta leis na hArd-Stiúrthóireachtaí/seirbhísí sin.

    As regards the role played by the Directorate-General for Informatics as service provider to the human resource family, the audit found a number of significant weaknesses in how it interacts with those Directorates-General/services.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021

  3. #1995250

    Beidh Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta freagrach as an mbonneagar teicneolaíoch a chur ar fáil chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

    The Directorate-General for Informatics shall be responsible for providing the technological infrastructure to implement this Decision.

    Cinneadh (AE) 2021/2121 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2020 maidir le bainistíocht taifead agus cartlanna

  4. #1997268

    Soláthraíonn Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta oibríochtaí agus seirbhísí slándála TF don Choimisiún agus ní mór dó roinnt catagóirí sonraí pearsanta a phróiseáil chun:

    The Directorate-General for Informatics provides IT security operations and services to the Commission and needs to process several categories of personal data in order to:

    Cinneadh (AE) 2021/2243 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus le srian a chur ar chearta áirithe dá gcuid i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha shlándáil chórais faisnéise agus chumarsáide an Choimisiúin

  5. #1997266

    Chun slándáil TF a áirithiú, is é sin caomhnú a dhéanamh ar rúndacht, sláine, agus infhaighteacht córas cumarsáide agus faisnéise agus ar na tacair sonraí a phróiseáiltear leo, a mhéid a bhaineann le daoine, le sócmhainní agus le faisnéis, tá bearta déanta ag an gCoimisiún, go háirithe trí Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta, dá bhforáiltear i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 agus i gCinneadh C(2017) 8841 final.

    In order to ensure IT security, meaning the preservation of confidentiality, integrity and availability of communication and information systems and the data sets that they process, as regards people, assets and information, the Commission, notably through its Directorate-General for Informatics, has taken measures as provided for in Decision (EU, Euratom) 2017/46 and in Decision C(2017) 8841 final.

    Cinneadh (AE) 2021/2243 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus le srian a chur ar chearta áirithe dá gcuid i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha shlándáil chórais faisnéise agus chumarsáide an Choimisiúin

  6. #1997291

    Chun teagmhais slándála TF a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 15 de Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46, féadfaidh Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta faisnéis a mhalartú le Foireann Freagartha do Chibirionsaithe na hArd-Stiúrthóireachta atá freagrach as Acmhainní Daonna agus Slándáil.

    For the purpose of handling IT security incidents, as referred to in Article 15 of Decision (EU, Euratom) 2017/46, the Directorate-General for Informatics may exchange information with the Cyber Attack Response Team of the Directorate-General responsible for Human Resources and Security.

    Cinneadh (AE) 2021/2243 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus le srian a chur ar chearta áirithe dá gcuid i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha shlándáil chórais faisnéise agus chumarsáide an Choimisiúin

  7. #2632019

    Sa chéad iniúchadh a rinneadh ar bhainistíocht agus faireachán i dtaca le comhlíontacht léiríodh chomh mór is a bhí an cion oibre a bhí idir lámha agus na dúshláin a bhí os comhair Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta i leith iallach a chur ar na hArd-Stiúrthóireachtaí uile a gcomhlíontacht a thuairisciú toisc uimhir an-ard de rialuithe slándála faisnéise a bheith ann, agus toisc aghaidh a bheith á tabhairt acu ar roinnt mhaith tosaíochtaí eile go háirithe.

    The first audit on managing and monitoring compliance revealed the magnitude of the task at hand and the challenges faced by the Directorate-General for Informatics to get all Directorates-General to report on their compliance with the very high number of information security controls, particularly when they are faced with many other priorities.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021

  8. #2632020

    Cé go raibh na huirlisí corparáideacha a raibh gá leo curtha ar bun ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach cheanglais slándála na teicneolaíochta faisnéise ar fud an Choimisiúin, bhí laigí sonracha in 2 réimse i gcónaí:

    Although the Directorate-General for Informatics had put in place the necessary corporate tools to support the effective implementation of information technology security requirements across the Commission, significant weaknesses remained in two areas:

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2021

  9. #3054467

    Tá ról ceannaireachta ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta sna nósanna imeachta soláthair a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, a chumhdaíonn ní hamháin an Coimisiún Eorpach ach freisin institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

    The Directorate-General for Informatics has a leading role in the procurement procedures related to information and communication technology, covering not only the European Commission but also other EU institutions and bodies.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022

  10. #3054509

    Tá ról lárnach ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta maidir le tacú agus le comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme Straitéis Dhigiteach an Choimisiúin, i dteannta roinnt snáitheanna teicniúla a sheachadadh, i gcomhar le ranna eile an Choimisiúin, ar snáitheanna iad atá fíor-riachtanach chun digitiú an Choimisiúin a chur chun cinn.

    The Directorate-General for Informatics has a central role in supporting and coordinating the implementation of the Commission’s Digital Strategy, in addition to delivering, in collaboration with the other Commission departments, several technical strands which are essential in promoting the digitalisation of the Commission.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022

  11. #3054511

    Baineann an laige sin leis an treoraíocht agus leis an tacaíocht a chuir Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta ar fáil do ranna an Choimisiúin chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh digitiú próisis a chur chun feidhme, le haghaidh gníomhaíochtaí gaolmhara an phlean nuachóirithe um réitigh dhigiteacha agus le haghaidh múnla seachadta digiteach, agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme gach ceann acu.

    It concerns the guidance and support provided by the Directorate-General for Informatics to Commission departments to prepare and monitor the progress in implementing process digitalisation, the related actions of the digital solutions modernisation plan, and a digital delivery model.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil bhliantúil chuig an Údarás um Urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022

  12. #3057726

    A mhéid a bhaineann le modh bainistíochta indíreach, in 2022 d’fhorbair Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta sreabhadh oibre uathoibrithe an mheasúnaithe colúin d’fhonn próiseas measúnaithe colúin na n-eintiteas atá ag obair faoi bhainistíocht indíreach leis an gCoimisiún a uathoibriú.

    As far as indirect management mode is concerned, in 2022 DG Budget and DG Informatics also developed the pillar assessment automated workflow with the aim of automating the pillar assessment process of entities working under indirect management with the Commission.

    TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG AN gCÚIRT INIÚCHÓIRÍ Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta Bhuiséad an Aontais Eorpaigh - Bliain Airgeadais 2022

  13. #2628454

    ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as réiteach slán ríomhphoist (SECEM) a chuireann an Coimisiún ar fáil chun tarchur slán faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe a áirithiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an Ghníomhaireacht na moltaí slándála uile arna n-eisiúint ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta de chuid an Choimisiúin agus ag an bhFoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire de chuid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéid a bhain le córas bainistithe inneachair gréasáin “DRUPAL” a úsáid, an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá digitiú nósanna imeachta inmheánacha na Gníomhaireachta; á thabhairt chun suntais gur trí fheidhm a bhaint as acmhainní daonna inmheánacha a rinneadh aistriú na Gníomhaireachta chuig néalseirbhísí in 2020, agus go raibh coigilteas EUR 350000 dá bharr;

    Notes that the Agency used a secure e-mail solution offered by the Commission, SECEM, to ensure secure transmission of sensitive non-classified information; notes, furthermore, that the Agency followed all security recommendations issued by the Commission’s Directorate-General for Informatics and the Computer Emergency Response Team for the Union’s institutions, bodies and agencies relating to the use of the web content management system ‘DRUPAL’, the technology used for the Agency’s website; notes the importance of digitalising the Agency’s internal procedures; highlights the fact that the Agency transitioned to using cloud services in 2020 using internal human resources, which resulted in savings amounting to EUR 350000;

    Rún (AE) 2022/1804 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2020