Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1998485

    Leis na Blianta Eorpacha a bhí ann roimhe seo, amhail Bliain Eorpach an Iarnróid 2021, Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, Bliain Eorpach na Saoránach 2013-2014 agus Bliain Eorpach na hOibre Deonaí 2011, tugtar taithí luachmhar ar cheart di a bheith mar bhonn eolais do na hiarrachtaí a dhéanfar sa todhchaí chun daoine óga a mhealladh agus a chumhachtú i dtaca lena dtodhchaí agus le todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

    Previous European Years, such as the 2021 European Year of Rail, the 2018 European Year of Cultural Heritage, the 2013–2014 European Year of Citizens and the 2011 European Year of Volunteering, offer valuable experience which should inform future efforts to engage and empower young people to shape their future and the future of Europe.

    Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2052542

    I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Iúil 2014 dar teideal Towards an integrated approach to cultural heritage for Europe [Cur chuige comhtháite a bhaint amach maidir leis an oidhreacht chultúrtha don Eoraip], ba cheart go n-áiritheofaí leis na beartais agus leis na hionstraimí ábhartha go mbeadh leagáid ag Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, lena ndearnadh an cultúr a phríomhshruthú go rathúil agus go héifeachtúil i réimsí beartais eile, go háirithe trí chur chuige maidir le rialachas rannpháirteach, i ndáil le luach fadtéarmach agus luach inbhuanaitheachta oidhreacht chultúrtha na hEorpa a tharraingt amach, trí chur chuige níos comhtháite a fhorbairt maidir lena caomhnú agus lena luacháil agus trí thacú le coimirciú inbhuanaithe, le hathghiniúint agus le hathúsáid oiriúnaitheach, agus le cur chun cinn, a luachanna, trí ghníomhaíochtaí méadaithe feasachta agus líonraithe.

    In line with the communication of the Commission of 22 July 2014 entitled ‘Towards an integrated approach to cultural heritage for Europe’, relevant policies and instruments should ensure the legacy of the 2018 European Year of Cultural Heritage, which successfully and efficiently mainstreamed culture into other policy fields, in particular through a participatory governance approach, in drawing out the long term and sustainability value of Europe’s cultural heritage, developing a more integrated approach to its preservation and valorisation and supporting the sustainable safeguarding, the regeneration, the adaptive reuse and the promotion of its values through awareness-raising and networking activities.

    Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)