#2625953
ag meabhrú rannchuidiú an bheartais chomhtháthaithe maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun tionchar diúltach phaindéim COVID-19 a mhaolú agus chun go bhféadfar an cistiú 2014-2020 atá ar fáil a atreorú go mear chuig na hearnálacha is mó atá thíos leis agus simpliú suntasach a mholadh (Tionscnaimh CRII agus CRII+ do 2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain 179 gClár Oibríochtúil úsáid as na Tionscnaimh sin chun tacú le cúram sláinte, le gnólachtaí beaga agus le hoibrithe, arbh fhiú EUR 12,9 billiún iad (EUR 6,2 billiún in 2020 agus EUR 6,7 billiún in 2021); ag tabhairt dá haire gur chuir na Tionscnaimh CRII agus CRII+ le cur chun feidhme chistí CSIE agus gur rannchuidigh siad le laghdú an RAL;
Recalls the contribution of cohesion policy in providing support to Member States to alleviate the negative impact of the COVID-19 pandemic and allow for a rapid re-direction of the available 2014-2020 funding to the most severely affected sectors and proposing considerable simplifications (CRII and CRII+ Initiatives for 2020); notes further that 179 Operational Programmes used these Initiatives to support healthcare, small businesses and workers which amounted to EUR 12,9 billion (EUR 6,2 billion in 2020 and EUR 6,7 billion in 2021); takes note that CRII and CRII+ Initiatives have accelerated the implementation of the ESIF funds and contributed to reducing the RAL;