#349671
Maidir le haon bhearta a mholfar amach anseo ar bhonn an Rialacháin seo, nó aon nósanna imeachta a bheidh le cur chun feidhme i ndáil le feidhmiú an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfaidís na prionsabail atá leagtha amach ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht an 7 Feabhra 2007 dar teideal "Creat Rialála Iomaíoch don Tionscal Gluaisteán san 21ú hAois".
Future measures proposed on the basis of this Regulation or procedures to be implemented in application of it should comply with the principles set out by the Commission in its Communication of 7 February 2007 entitled "A Competitive Automotive Regulatory Framework for the 21st Century".