Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

138 toradh in 19 doiciméad

  1. #685261

    Mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta a bheidh le déanamh, ba cheart go n-áiritheodh an tAontas go ndéanfaí na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”) agus, go háirithe, Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge (“Moladh 16 de chuid FATF”), agus an nóta léirithe athbhreithnithe maidir lena chur chun feidhme a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú nó neamhréiteach ann idir íocaíochtaí náisiúnta laistigh de Bhallstát, ar thaobh amháin, agus íocaíochtaí trasteorann idir Ballstáit, ar an taobh eile.

    By reason of the scale of the action to be undertaken, the Union should ensure that the International Standards on Combating Money Laundering and the Financing of Terrorism and Proliferation adopted by FATF on 16 February 2012 (the ‘revised FATF Recommendations’), and, in particular, FATF Recommendation 16 on wire transfers (the ‘FATF Recommendation 16’) and the revised interpretative note for its implementation, are implemented uniformly throughout the Union and that, in particular, there is no discrimination or discrepancy between, on the one hand, national payments within a Member State and, on the other, cross-border payments between Member States.

    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) 

  2. #685269

    Tugtar dá n-aire i Straitéis Athbhreithnithe FATF Athbhreithnithe go ndéanann gach ball de FATF agus gach ball d'eagrais réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF measúnú ar bhonn rialta ar chur chun feidhme na Moltaí Athbhreithnithe, agus go bhfuil cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme tábhachtach dá bhrí sin.

    It is noted in the Revised Strategy that implementation of the revised FATF Recommendations by all FATF members and members of FATF-style regional bodies is assessed on a regular basis and that a common approach to implementation by Member States is therefore important.

    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) 

  3. #1677584

    liostaíonn an FATF an tríú tír mar dhlínse ardriosca neamh-chomhoibríoch;

    the third country is listed as a high-risk and non-cooperative jurisdiction by the FATF;

    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

  4. #1720082

    Is baill de FATF iad roinnt de na Ballstáit nó tá ionadaíocht acu ar FATF trí chomhlachtaí réigiúnacha.

    Several Member States are members of the FATF or are represented in the FATF through regional bodies.

    Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

  5. #1914520

    I gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil, go háirithe Ráitis Phoiblí FATF a rinneadh le déanaí, doiciméid FATF “Feabhas a chur ar Chomhlíonadh Domhanda AML/CFT: Ráiteas maidir le Próiseas Leanúnach”, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta maidir leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849.

    In line with the criteria set out in Directive (EU) 2015/849, the Commission takes into account the recent available information, in particular recent FATF Public Statements, FATF documents ‘Improving Global AML/CFT Compliance: Ongoing Process Statement’, and FATF reports of the International Cooperation Review Group in relation to the risks posed by individual third countries, in accordance with Article 9(4) of Directive (EU) 2015/849.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  6. #2304903

    I gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil, go háirithe Ráitis Phoiblí FATF a rinneadh le déanaí, liosta FATF de “Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu”, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta maidir leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849.

    In line with the criteria set out in Directive (EU) 2015/849, the Commission takes into account the recent available information, in particular recent FATF Public Statements, the FATF list of ‘Jurisdictions under Increased Monitoring’, and FATF reports of the International Cooperation Review Group in relation to the risks posed by individual third countries, in line with Article 9(4) of Directive (EU) 2015/849.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  7. #2304949

    Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn suntasach a rinne an Bhotsuáin, Gána agus Oileán Mhuirís maidir le feabhas a chur ar a gcórais AML/CFT agus thug FATF dá aire gur bhunaigh an Bhotsuáin, Gána agus Oileán Mhuirís an creat dlíthiúil agus rialála chun na gealltanais ina bplean gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a bhí sainaitheanta ag FATF.

    The FATF welcomed significant progress made by Botswana, Ghana and Mauritius in improving their AML/CFT regime and noted that Botswana, Ghana and Mauritius have established the legal and regulatory framework to meet the commitments in their action plans regarding the strategic deficiencies that the FATF had identified.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  8. #2722186

    I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuireann an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe Ráitis Phoiblí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de “Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu”, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith.

    In line with Article 9(4) of Directive (EU) 2015/849, the Commission takes the recent available information into account, in particular recent Financial Action Task Force (FATF) Public Statements, the FATF list of ‘Jurisdictions under Increased Monitoring’, and FATF reports of the International Cooperation Review Group in relation to the risks posed by individual third countries.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  9. #2835734

    Mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta a bheidh le déanamh, ba cheart don Aontas a áirithiú go ndéanfaí na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 agus ar a rinne sé athbhreithniú ansin an 21 Meitheamh 2019 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”), agus, go háirithe, Moladh 15 de chuid FATF maidir le teicneolaíochtaí nua, Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge, agus na nótaí léirithe athbhreithnithe maidir leis na moltaí sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú nó neamhréiteach ann idir íocaíochtaí náisiúnta nó aistrithe sócmhainní fíorúla laistigh de Bhallstát, ar thaobh amháin, agus íocaíochtaí trasteorann nó aistrithe sócmhainní fíorúla trasteorann idir Ballstáit, ar an taobh eile.

    By reason of the scale of the action to be undertaken, the Union should ensure that the International Standards on Combating Money Laundering and the Financing of Terrorism and Proliferation adopted by FATF on 16 February 2012 and then revised on 21 June 2019 (the ‘revised FATF Recommendations’), and in particular FATF Recommendation 15 on new technologies, FATF Recommendation 16 on wire transfers and the revised interpretative notes on those recommendations, are applied uniformly throughout the Union and that, in particular, there is no discrimination or discrepancy between, on the one hand, national payments or transfers of virtual assets within a Member State and, on the other, cross-border payments or transfers of virtual assets between Member States.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  10. #2835748

    Tugtar dá n-aire sa Straitéis Athbhreithnithe go ndéantar measúnú ar bhonn rialta ar an mbealach a dhéanann gach ball de FATF agus gach ball de chomhlachtaí réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF Moltaí athbhreithnithe FATF a chur chun feidhme agus go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme.

    The Revised Strategy notes that implementation of the revised FATF Recommendations by all FATF members and members of FATF-style regional bodies is assessed on a regular basis and that a common approach to implementation by Member States is therefore important.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  11. #2849708

    I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuireann an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe na ráitis phoiblí le déanaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith.

    In accordance with Article 9(4) of Directive (EU) 2015/849, the Commission takes into account recent available information, in particular the recent Financial Action Task Force (FATF) public statements, the FATF list of ‘Jurisdictions under Increased Monitoring’, and FATF reports of the International Cooperation Review Group in relation to the risks posed by individual third countries.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1219 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #2849739

    Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn mór a rinne an Chambóid agus Maracó maidir le feabhas a chur ar a gcórais AML/CFT agus thug FATF dá aire gur bhunaigh na tíortha sin creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag FATF a chomhlíonadh.

    The FATF has welcomed the significant progress made by Cambodia and Morocco in improving their AML/CFT regimes and has noted that these countries have established legal and regulatory frameworks to meet the commitments in their respective action plans on the strategic deficiencies identified by the FATF.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1219 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2997048

    Áirítear san fhaisnéis sin ráitis phoiblí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta maidir leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha aonair.

    Such information includes public statements from the Financial Action Task Force (FATF), the FATF list of ‘Jurisdictions under Increased Monitoring’, and FATF reports of the International Cooperation Review Group in relation to the risks posed by individual third countries.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2070 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 chun Camarún agus Vítneam a chur le liosta na dtríú tíortha ardriosca (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  14. #3188406

    I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuireann an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe na ráitis phoiblí le déanaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith.

    In accordance with Article 9(4) of Directive (EU) 2015/849, the Commission takes into account recent available information, in particular the recent Financial Action Task Force (FATF) public statements, the FATF list of ‘Jurisdictions under Increased Monitoring’, and FATF reports of the International Cooperation Review Group in relation to the risks posed by individual third countries.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/163 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le hOileáin Cayman agus an Iordáin a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn

  15. #3188412

    Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn mór a rinne Oileáin Cayman agus an Iordáin maidir le feabhas a chur ar a gcórais AML/CFT agus thug FATF dá aire gur bhunaigh na tíortha sin creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag FATF a chomhlíonadh.

    The FATF has welcomed the significant progress made by the Cayman Islands and Jordan in improving their AML/CFT regimes and has noted that those countries have established legal and regulatory frameworks to meet the commitments in their respective action plans on the strategic deficiencies identified by the FATF.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/163 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le hOileáin Cayman agus an Iordáin a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn

  16. #1708193

    Ba cheart gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais a chur ar chomhréim tuilleadh, nuair is cuí, leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac, ar ghlac FATF iad i mí Feabhra 2012 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”).

    The relevant Union legal acts should, where appropriate, be further aligned with the International Standards on Combating Money Laundering and the Financing of Terrorism and Proliferation adopted by the FATF in February 2012 (the ‘revised FATF Recommendations’).

    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

  17. #1914521

    I mí Dheireadh Fómhair 2019, shainaithin FATF an Mhongóil mar dhlínse a raibh easnaimh straitéiseacha AML/CFT aici, ar easnaimh iad a raibh plean gníomhaíochta forbartha ag an Mongóil le FATF ina leith.

    In October 2019, the FATF identified Mongolia as a jurisdiction having strategic AML/CFT deficiencies for which Mongolia had developed an action plan with the FATF.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  18. #1914525

    Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn suntasach a rinne an Mhongóil maidir le feabhas a chur ar a córas AML/CFT agus thug sé dá aire gur bhunaigh an tír sin an creat dlíthiúil agus rialála chun na gealltanais ina plean gníomhaíochta a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a bhí sainaitheanta ag FATF.

    The FATF welcomed significant progress made by Mongolia in improving its AML/CFT regime and noted that this country has established the legal and regulatory framework to meet the commitments in its action plan regarding the strategic deficiencies that the FATF had identified.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  19. #2722202

    I mí Dheireadh Fómhair 2022, rinne Poblacht Dhaonlathach an Chongó gealltanas polaitiúil ardleibhéil oibriú le FATF agus leis an ‘Groupe d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique Centrale’ (GABAC), comhlacht réigiúnach ar aon stíl le FATF, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú.

    In October 2022, the Democratic Republic of the Congo made a high-level political commitment to work with the FATF and the ‘Groupe d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique Centrale’ (GABAC), a FATF-style regional body, to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  20. #2722221

    Thug FATF dá aire gur bhunaigh Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib na creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach a chomhlíonadh maidir leis na heasnaimh straitéiseacha a shainaithin FATF.

    It has noted that Nicaragua, Pakistan and Zimbabwe have established the legal and regulatory frameworks to meet the commitments in their respective action plans regarding the strategic deficiencies that the FATF had identified.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  21. #2722223

    Ba cheart do Nicearagua leanúint de bheith ag obair le ‘Grupo de Acción Financiera de Latinoamérica’ (GAFILAT), comhlacht réigiúnach ar aon stíl le FATF, chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil a maoirseacht ar eagraíochtaí neamhbhrabúis rioscabhunaithe agus i gcomhréir le Caighdeáin FATF.

    Nicaragua should continue to work with the ‘Grupo de Acción Financiera de Latinoamérica’ (GAFILAT), the FATF-style regional body, to improve further its AML/CFT regime, including by ensuring its oversight of non-profit organisations (NPOs) is risk-based and in line with the FATF Standards.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #2835741

    Comhfhreagraíonn an sainmhíniú ar chripteashócmhainní i Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don sainmhíniú ar shócmhainní fíorúla a leagtar amach i Moltaí athbhreithnithe FATF, agus cuimsítear sa liosta seirbhísí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chumhdaítear sa Rialachán sin na soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla atá sainaitheanta mar sin ag FATF agus a mheastar gur dócha go n-ardófar leo ábhar imní maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

    The definition of crypto-assets in Regulation (EU) 2023/1114 of the European Parliament and of the Council corresponds to the definition of virtual assets set out in the revised FATF Recommendations, and the list of crypto-asset services and crypto-asset service providers covered in that Regulation also encompasses the virtual asset service providers identified as such by FATF and considered likely to raise money laundering and terrorist financing concerns.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  23. #2849712

    I mí Feabhra 2023, rinne an Nigéir gealltanas polaitiúil ardleibhéil oibriú le FATF agus le Groupe Intergouvernemental d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique de l’Ouest (GIABA), arb é a comhlacht réigiúnach de chineál FATF é, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú.

    In February 2023, Nigeria made a high-level political commitment to work with the FATF and the Groupe Intergouvernemental d’Action contre le Blanchiment d’Argent en Afrique de l’Ouest (GIABA), which is its FATF-style regional body (FSRB), to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1219 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  24. #2849724

    I mí Feabhra 2023, rinne an Afraic Theas gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa Oirthear agus Dheisceart na hAfraice um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ESAAMLG), arb é a comhlacht réigiúnach de chineál FATF é, chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In February 2023, South Africa made a high-level political commitment to work with the FATF and the Eastern and Southern Africa AML Group (ESAAMLG), which is its FSRB, to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1219 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  25. #2849740

    Dá bhrí sin, níl an Chambóid agus Maracó faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh faoina phróiseas leanúnach domhanda comhlíontachta AML/CFT agus leanfaidh siad de bheith ag obair lena gcomhlachtaí réigiúnacha de chineál FATF chun a gcórais AML/CFT a neartú a thuilleadh.

    Cambodia and Morocco are therefore no longer subject to the FATF’s monitoring process under its ongoing global AML/CFT compliance process and will continue to work with their FSRBs to further strengthen their AML/CFT regimes.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1219 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  26. #2997050

    I mí an Mheithimh 2023, rinne Camarún gealltanas polaitiúil ardleibhéil oibriú le FATF agus le Groupe d’Action Contre le Blanchiment d’Argent en Afrique Centrale (GABAC), arb é a chomhlacht réigiúnach de chineál FATF é, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú.

    In June 2023, Cameroon made a high-level political commitment to work with the FATF and the Groupe d’Action Contre le Blanchiment d’Argent en Afrique Centrale (GABAC), which is its FATF-style regional body (FSRB), to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2070 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 chun Camarún agus Vítneam a chur le liosta na dtríú tíortha ardriosca (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  27. #2997054

    I mí an Mheithimh 2023, rinne Vítneam gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Grúpa na hÁise agus an Aigéin Chiúin (APG), arb é a FATF é, chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú.

    In June 2023, Vietnam made a high-level political commitment to work with the FATF and the Asia Pacific Group (APG), which is its FSRB, to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2070 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 chun Camarún agus Vítneam a chur le liosta na dtríú tíortha ardriosca (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #3188413

    Dá bhrí sin, níl Oileáin Cayman agus an Iordáin faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh faoina phróiseas leanúnach domhanda comhlíontachta AML/CFT agus leanfaidh siad de bheith ag obair lena gcomhlachtaí réigiúnacha de chineál FATF chun a gcórais AML/CFT a neartú a thuilleadh.

    The Cayman Islands and Jordan are therefore no longer subject to the FATF’s monitoring process under its ongoing global AML/CFT compliance process and will continue to work with their FATF-style regional bodies to further strengthen their AML/CFT regimes.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/163 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le hOileáin Cayman agus an Iordáin a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn

  29. #1677417

    Níor cheart SSPEnna a bhunú ach amháin i dtríú tíortha nach bhfuil liostaithe mar dhlínsí ardriosca agus neamh-chomhoibríocha ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF).

    SSPEs should only be established in third countries that are not listed as high-risk and non-cooperative jurisdictions by the Financial Action Task Force (FATF).

    Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

  30. #1708208

    Ba cheart coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus cánacha indíreacha a chumhdú sa sainmhíniú ar ghníomhaíocht choiriúil, i gcomhréir le Moltaí athbhreithnithe FATF.

    Tax crimes relating to direct and indirect taxes should be covered by the definition of criminal activity, in line with the revised FATF Recommendations.

    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

  31. #1720083

    Déanann an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais ar FATF agus tá gealltanas tugtha aige moltaí FAFT a chur chun feidhme go héifeachtach.

    The Union is represented in the FATF by the Commission and has committed itself to the effective implementation of the FATF’s recommendations.

    Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

  32. #1720084

    Sonraítear i Moladh FATF 32 maidir le cúiréirí airgid thirim gur cheart bearta a chur i bhfeidhm maidir le rialuithe leormhaithe ar ghluaiseachtaí trasteorann airgid thirim.

    FATF Recommendation 32 on cash couriers specifies that measures should be in place with regard to adequate controls on cross-border movements of cash.

    Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

  33. #1720089

    Tá moltaí FATF tugtha suas chun dáta dá thoradh sin, le Treoir (AE) 2015/849 tugadh athruithe ar chreat dlíthiúil an Aontais isteach agus rinneadh dea-chleachtas nua a fhorbairt.

    As a result, the FATF recommendations have been updated, Directive (EU) 2015/849 has introduced changes to the Union’s legal framework and new best practices have been developed.

    Rialachán (AE) 2018/1672 Ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

  34. #1850571

    Maidir le roinnt saincheisteanna, le rialacha nua an Aontais cuirtear leis na ceanglais a leag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) síos agus cuirtear breis cosaintí ar fáil.

    On some issues, the new EU rules expand on the FATF’s requirements and provide additional safeguards.

    Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 8/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006

  35. #1914526

    Dá bhrí sin, níl an tír sin faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh mar chuid dá phróiseas leanúnach comhlíontachta AML/CFT ar an leibhéal domhanda.

    This country is therefore no longer subject to the FATF’s monitoring process under its on-going global AML/CFT compliance process.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  36. #1914527

    Leanfaidh an tír sin de bheith ag obair le Comhlachtaí Réigiúnacha de chineál FATF chun a córas AML/CFT a fheabhsú tuilleadh.

    This country will continue to work with the FATF-Style Regional Bodies to further improve its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/37 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i dtaca leis an Mongóil a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  37. #2304911

    I mí an Mheithimh 2021, rinne Háítí gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le CFATF chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In June 2021, Haiti made a high-level political commitment to work with the FATF and CFATF to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  38. #2304918

    I mí Feabhra 2021, rinne Mailí gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le GIABA chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In October 2021, Mali made a high-level political commitment to work with the FATF and GIABA to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  39. #2304922

    I mí Feabhra 2021, rinne Maracó gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le Menafatf chun éifeachtacht a chórais AML/CFT a neartú.

    In February 2021, Morocco made a high-level political commitment to work with the FATF and MENAFATF to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  40. #2304930

    I mí Feabhra 2021, rinne an tSeineagáil gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF agus le GIABA chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In February 2021, Senegal made a high-level political commitment to work with the FATF and GIABA to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  41. #2304932

    I mí an Mheithimh 2021, rinne an tSúdáin Theas gealltanas polaitiúil ardleibhéil chun oibriú le FATF chun éifeachtacht a córais AML/CFT a neartú.

    In June 2021, South Sudan made a high-level political commitment to work with the FATF to strengthen the effectiveness of its AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  42. #2304944

    Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar le FATF agus le CFATF chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt chóras AML/CFT na mBahámaí.

    The Commission will continue to work in collaboration with the FATF and CFATF to monitor the evolution of the Bahamas’ AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  43. #2304948

    Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar le FATF agus le Menafatf chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt chóras AML/CFT na hIaráice.

    The Commission will continue to work in collaboration with the FATF and MENAFATF to monitor the evolution of Iraq’s AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  44. #2304950

    Dá bhrí sin, níl an Bhotsuáin, Gána, Oileán Mhuirís faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh mar chuid dá phróiseas leanúnach comhlíontachta AML/CFT ar an leibhéal domhanda.

    Botswana, Ghana and Mauritius are therefore no longer subject to the FATF’s monitoring process under its on-going global AML/CFT compliance process.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  45. #2304951

    Leanfaidh an Bhotsuáin, Gána agus Oileán Mhuirís de bheith ag obair le Comhlachtaí Réigiúnacha de chineál FATF chun a gcórais AML/CFT a fheabhsú tuilleadh.

    Botswana, Ghana and Mauritius will continue to work with the FATF Style Regional Bodies to improve further their AML/CFT regime.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/229 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le Buircíne Fasó, Oileáin Cayman, Háítí, an Iordáin, Mailí, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, an tSeineagáil agus an tSúdáin Theas a chur leis an tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis na Bahámaí, an Bhotsuáin, Gána, an Iaráic agus Oileán Mhuirís a bhaint den tábla sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  46. #2375691

    Leanúint de chur chun feidhme na gcaighdeán sna moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta;

    Continue to implement standards in the Financial Action Task Force (FATF) recommendations on terrorist financing;

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  47. #2383131

    Cur chun feidhme cuí agus comhréir iomlán chreat dlíthiúil AML/CTF a áirithiú i gcomhréir le creat dlíthiúil ábhartha an Aontais agus le caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF).

    Ensure proper implementation and full compliance of the AMF/CTF legal framework in line with the relevant EU legal framework and the Financial Action Task Force (FATF) standards.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  48. #2383133

    Straitéis Náisiúnta AML/CFT nuashonraithe a ghlacadh agus cur chun feidhme éifeachtach na Straitéise sin a áirithiú chun feabhas a chur ar chóras AML/CFT i gcomhréir le moltaí MONEYVAL agus FATF.

    Adopt an updated National AML/CFT Strategy and ensure its effective implementation to improve the AML/CFT system in line with MONEYVAL and FATF recommendations.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  49. #2383138

    rochtain ar líne na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus na n-oifigeach um aisghabháil sócmhainní ar chlár na gcuntas íocaíochta a áirithiú, de réir cheanglais an Aontais agus FATF.

    ensuring on-line access of national law enforcement agencies and asset recovery officers to Payment accounts register, according to the EU and FATF requirements.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  50. #2722187

    Ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán (AE) 2016/1675, rinne FATF a liosta de “Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu” a thabhairt cothrom le dáta go mór.

    Since the latest amendments to Regulation (EU) 2016/1675, the FATF has significantly updated its list of ‘Jurisdictions under Increased Monitoring’.