#3047014
á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint, i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo, go ndéanfaí athchóiriú ar an GEA chun caiteachas na cnapshuime sin a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí; ag tabhairt dá haire an fógra ag cruinniú an Bhiúró an 7 Márta 2022 maidir le meitheal ad hoc den Bhiúró maidir le GEA a bhunú, a bhfuil sé de chúram uirthi meastóireacht a dhéanamh ar oibriú chinneadh ón mBiúró an 2 Iúil 2018 lena mbunaítear liosta speansas a d’fhéadfaí a íoc ó GEA ar bhonn na taithí a fuarthas le linn an 9ú téarma parlaiminteach; ag tabhairt faoi deara gur ghlac an Biúró, ag cruinniú an 17 Deireadh Fómhair 2022, sraith leasuithe ar IMMS lena soiléirítear na rialacha is infheidhme maidir le teidlíocht agus úsáid GEA agus bearta atá dírithe ar thrédhearcacht a mhéadú agus deimhneacht dhlíthiúil níos mó a sholáthar maidir le teideal chun an liúntais; á thabhairt chun suntais gur iarradh ar an Meitheal ad hoc aird chuí a thabhairt ar ghnéithe de thrédhearcacht, de chuntasacht agus de bhainistíocht fhónta airgeadais na gcistí a chuirtear ar fáil do na Feisirí, agus aird á tabhairt ar phrionsabal na saoirse agus neamhspleáchas an tsainordaithe pharlaimintigh agus ar an gcuspóir gan ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a chruthú d’Fheisirí, dá n-oifigí agus do sheirbhísí na Parlaiminte; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé saorchead ag na Feisirí an úsáid a bhaineann siad as na cistí faoi GEA a dhoiciméadú, go mion nó de réir cineál costais, astu féin nó le tacaíocht ó iniúchóir seachtrach, agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach ar a leathanach ar líne ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte i gcomhréir le mír 4 agus mír 5 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar liosta simplithe de chineálacha costas a chomhtháthú in IMMS agus go nglactar freisin leasú lena soiléirítear an fhéidearthacht do na Feisirí GEA a úsáid i gcás go n-ídeofar lamháltais eile;
Recalls that in previous discharge resolutions Parliament requested a reform of the GEA to make the expenditure of this lump sum more transparent and accountable; notes the announcement at the Bureau meeting of 7 March 2022 regarding the setting up of a Bureau ad hoc working group on the GEA, which is tasked with evaluating the operation of the Bureau decision of 2 July 2018 establishing a list of expenses which may be defrayed from the GEA on the basis of the experience gained during the 9th parliamentary term; observes that the Bureau, at is meeting of 17 October 2022, adopted a set of amendments to the IMMS, clarifying the rules applicable to the entitlement and use of the GEA and measures aimed at increasing transparency and providing more legal certainty regarding the entitlement to the allowance; highlights, that the ad-hoc Working Group was asked to take duly into account aspects of transparency, accountability and sound financial management of funds made available to Members, bearing in mind the principle of freedom and independence of the parliamentary mandate and the objective to avoid creating unnecessary administrative burdens for Members, their offices and Parliament’s services; highlights, that Members are free to document their use of the funds under the GEA, in detail or by type of cost, on their own or with the support of an external auditor, and to have this information published in whole or in part on their online page on Parliament’s website in accordance with Rule 11, paragraphs 4 and 5, of the Rules of Procedure of the European Parliament; welcomes that a simplified list of types of costs is integrated into the IMMS and that an amendment clarifying the possibility for Members to use the GEA in case of exhaustion of other allowances is also adopted;