#2017357
(Féach freisin an chéad mhír de Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (HSEN) faoi cheannteideal 8101, mír lena léirítear gur faoin gceannteideal seo is ceart tungstan i bhfoirm barraí rollta nó tarraingthe a áireamh. Is foráil í sin atá i gcomhréir leis an gcéad mhír de HSEN freisin maidir le ceannteideal 8311, foráil a ndéantar leictreoidí de mhiotal neamhbhuana nach bhfuil brataithe le hábhar flosca nó croíleacaithe le hábhar flosca a eisiamh dá réir ó cheannteideal 8311, leictreoidí atá le haicmiú sna Caibidlí iomchuí de réir na gcomhábhar atá iontu.)
(See also the first paragraph of the Harmonized System Explanatory Notes (HSEN) to heading 8101, which indicates that tungsten (wolfram) in the form of rolled or drawn bars falls in this heading. That provision is also in line with the first paragraph of the HSEN to heading 8311, according to which electrodes of base metal not coated or cored with flux material are excluded from heading 8311 and are to be classified in the appropriate Chapters according to their constituent material.)