#2250793
Is é an Cuibhreannas a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), eagraíocht ina gcuimsítear an Fondation pour la recherche stratégique (FRS), an Institiúid um Thaighde ar an tSíocháin in Frankfurt (HSFK/PRIF), Institiúid Idirnáisiúnta na hEorpa um Staidéar Straitéiseach (IISS-Europe), Institiúid Idirnáisiúnta Stócólm um Thaighde ar an tSíocháin (SIPRI), an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta (IAI) sa Róimh agus Ionad Vín um Dhí-Armáil agus um Neamhleathadh (VCDNP).
Technical implementation of the activities referred to in Article 1(2) shall be carried out by the Consortium, consisting of the Fondation pour la recherche stratégique (FRS), the Peace Research Institute Frankfurt (HSFK/PRIF), the International Institute for Strategic Studies Europe (IISS-Europe), the Stockholm International Peace Research Institute (SIPRI), the International Affairs Institute (IAI) in Rome and the Vienna Center for Disarmament and Non-Proliferation (VCDNP).