Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #3049970

    Á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh trasteorann i réimse na frithsceimhlitheoireachta, eadhon na tionscnaimh sin leis na tíortha sna Balcáin Thiar agus tíortha sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh (MENA) agus sa Tuirc; ag cur sonrú go háirithe sna cruinnithe ECTC a d’eagraigh Ard-Stiúrthóireacht Imirce agus Gnóthaí Baile an Choimisiúin Eorpaigh le comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar an tuarascáil maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chomhpháirtigh maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht do na Balcáin Thiar; ag tabhairt dá haire go raibh ECTC i láthair ag roinnt ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe arna n-eagrú ag toscaireachtaí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i réigiún MENA, ag Comhairle na nAirí Gnóthaí Baile Arabacha agus ag Tionscadal MENA Frithsceimhlitheoireachta; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den chomhar trasteorann le tríú tíortha i réimse na frithsceimhlitheoireachta;

    Welcomes the cross-border initiatives in the area of counterterrorism, namely those with the countries in the Western Balkans and countries in the Middle East and North Africa (MENA) and Turkey; notes especially the ECTC meetings organised by the Commission’s Directorate-General for Migration and Home Affairs with all Western Balkan partners to discuss the progress and the report on the implementation of the joint action plan on counterterrorism for the Western Balkans; notes the ECTC attendance at several workshops, conferences and meetings organised by the delegations from the European External Action Service in the MENA region, the Arab Interior Ministers’ Council and the Counter Terrorism MENA Project; encourages the Agency to continue cross-border cooperation with third countries in the area of counterterrorism;

    Rún (AE) 2023/1935 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021

  2. #1904477

    Le hionchur ón gCoiste um Chur Chun Feidhme Airteagal 5 maidir le tíortha/réigiúin thairbhíocha a roghnú, reáchtálfaí suas le cúig imeacht náisiúnta/réigiúnacha i gCríocha Mheiriceá, san Eoraip, san Áise Láir nó sna Áise Thoir Theas, i réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh (MENA), i gCorn na hAfraice agus i réigiúin fho-Shaháracha.

    With input from the Committee on Article 5 Implementation on the selection of beneficiary countries/regions, up to five national/regional events would be held in the Americas, Europe, Central or South-East Asia, the Middle East-North Africa (MENA) region, Horn of Africa and sub-Sahara regions.

    Cinneadh (CBES) 2021/257 ón gComhairle an 18 Feabhra 2021 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Osló le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú

  3. #1904504

    Le hionchur ón gCoiste um Chúnamh d’Íospartaigh maidir le tíortha/réigiúin thairbhíocha a roghnú, chuirfí tacaíocht ón tionscadal ar fáil do Stáit is Páirtithe trí idirphléití náisiúnta agus/nó réigiúnacha idir geallsealbhóirí, le suas le cúig imeacht a reáchtálfaí i gCríocha Mheiriceá, san Eoraip, san Áise Láir nó sna Áise Thoir Theas, sa réigiún MENA, i gCorn na hAfraice agus i réigiúin fho-Shaháracha.

    With input from the Committee on Victim Assistance on the selection of the beneficiary countries/regions, the Project would extend its support to States Parties via National and/or Regional Stakeholders Dialogues in up to five events in the Americas, Europe, Central or South-East Asia, the MENA region, Horn of Africa and sub-Sahara regions.

    Cinneadh (CBES) 2021/257 ón gComhairle an 18 Feabhra 2021 chun tacú le Plean Gníomhaíochta Osló le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú

  4. #2627174

    ag cur sonrú i dtiomantas na Gníomhaireachta chun a láithreacht idirnáisiúnta a fheabhsú trí dhá thionscadal idirnáisiúnta a chur chun feidhme go rathúil, eadhon an Chomhpháirtíocht Oiliúna Frithsceimhlitheoireachta AE/MENA 2 agus an Clár Oiliúna Inseirbhíse um Imscrúdú Airgeadais sna Balcáin Thiar, agus trí bhíthin punann tionscadail EUR 23,5 milliún a chaibidliú i réimsí beartais um méadú agus um chomharsanacht an Aontais;

    Notes the Agency’s commitment to enhancing its international presence through the successful implementation of two international projects, namely the EU/MENA Counter-Terrorism Training Partnership 2 and the Financial Investigation In-Service Training programme in the Western Balkans, as well as through the negotiation of a EUR 23,5 million project portfolio in the Union enlargement and neighbourhood policy areas;

    Rún (AE) 2022/1729 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2020