Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

13 toradh i ndoiciméad amháin

  1. #2225498

    Leis an gCinneadh seo, bunaítear sásra comhordúcháin oibríochtúil do ghné sheachtrach na himirce (MOCADEM).

    This Decision creates an operational coordination mechanism for the external dimension of migration (MOCADEM).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  2. #2225517

    Cinnfidh an Uachtaránacht comhdhéanamh na gcruinnithe comhchéime MOCADEM.

    The Presidency shall decide on the composition of the MOCADEM roundtables.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  3. #2225492

    Chuige sin, ba cheart sásra a bhunú chun comhordú oibríochtúil a dhéanamh ar ghné sheachtrach na himirce (MOCADEM).

    To that end, a mechanism for the operational coordination of the external dimension of migration (MOCADEM) should be created.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  4. #2225499

    Le MOCADEM, cuirfear ar chumas an Aontais saincheisteanna a bhaineann le gné sheachtrach na himirce a chomhordú agus a fhreagairt go tráthúil.

    The MOCADEM shall enable the Union to coordinate and react in a timely manner to issues related to the external dimension of migration.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  5. #2225502

    Beidh MOCADEM faoi stiúir Uachtaránacht na Comhairle, agus inniúlachtaí an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) á gcur san áireamh go hiomlán.

    The MOCADEM shall be under the direction of the Council Presidency, taking fully into account the competences of the Commission and the High Representative of the Union for Foreign Affairs and Security Policy (HR).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  6. #2225503

    Ní thagann MOCADEM in ionad na sásraí ná na socruithe den Aontas atá ann cheana ná ní dhéanann sé dúbláil orthu.

    The MOCADEM does not replace or duplicate existing Union mechanisms or arrangements.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  7. #2225527

    Féadfaidh MOCADEM brath ar thuarascálacha arna n-ullmhú ag acmhainneacht tacaíochta na hAcmhainne Comhtháite um Fheasacht agus Anailís ar an Suíomh (ISAA) arna bunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993.

    The MOCADEM may rely on reports prepared by the Integrated Situational Awareness and Analysis (ISAA) support capability established under Implementing Decision (EU) 2018/1993.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  8. #2225487

    Baineann an Cinneadh seo le sásra a bhunú chun comhordú oibríochtúil a dhéanamh ar ghné sheachtrach na himirce (MOCADEM), trí shásra comhtháite an Aontais a oiriúnú a d’fhormheas an Chomhairle an 25 Meitheamh 2013, agus a ndéantar tagairt do na socruithe a bhaineann leis in Airteagal 1(2) de Chinneadh 2014/415/AE.

    This Decision concerns the establishment of a mechanism for the operational coordination of the external dimension of migration (MOCADEM), by adaptation of the integrated EU mechanism which was approved by the Council on 25 June 2013, and arrangements for which are referred to in Article 1(2) of Decision 2014/415/EU.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  9. #2225500

    Le MOCADEM, cuirfear an tsolúbthacht is gá ar fáil don Chomhairle chun sintéis na faisnéise agus na dtreoshuíomhanna arna moladh ag na comhlachtaí éagsúla ullmhúcháin agus ag na páirtithe éagsúla a bhfuil baint acu leis an sásra a áirithiú.

    The MOCADEM shall provide the Council with the necessary flexibility to ensure the synthesis of information and orientations proposed by the various preparatory bodies and by the various parties involved in the mechanism.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  10. #2225501

    Le MOCADEM, déanfar gníomhaíochtaí oibríochtúla a ullmhú agus a mholadh maidir leis na modhanna agus an ghiaráil a úsáidfear chun cuspóirí an Aontais a chur chun feidhme do gach tríú tír lena mbaineann.

    It shall prepare and propose operational actions relating to the means and leverages to be mobilised to implement the Union's objectives for each third country concerned.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  11. #2225513

    I gcás ina mbeidh tionchar chomh mór sin ag staid an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus tríú tír maidir leis an imirce, go mbeidh gá le comhordú agus freagairt thráthúil ón Aontas, féadfaidh an Uachtaránacht cruinniú comhchéime MOCADEM a thionól, le tacaíocht agus comhairle ó Ardrúnaíocht na Comhairle.

    Where the situation of relations between the European Union and a third country as regards migration has such an impact as to require coordination and a timely response from the Union, the Presidency may convene, with the support and advice of the General Secretariat of the Council, a MOCADEM roundtable.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  12. #2225524

    Chun comhleanúnachas na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag an Aontas a áirithiú, áiritheoidh Coreper treo straitéiseach obair MOCADEM, a thuairisceoidh go rialta do Coreper, agus áiritheoidh Coreper rialú polaitiúil ar chur chun feidhme na socruithe.

    In order to ensure the coherence of the policies and actions carried out by the Union, Coreper shall ensure the strategic direction of the work of the MOCADEM, which shall report regularly to Coreper, and Coreper shall ensure the political control of the implementation of the arrangements.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce

  13. #2225536

    Tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023, déanfaidh Coreper athbhreithniú ar chur chun feidhme MOCADEM, bunaithe ar thuarascáil a chuirfidh an Uachtaránacht isteach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí.

    No later than 13 January 2023, Coreper shall review the implementation of the MOCADEM, based on a report submitted by the Presidency after consultation of the Commission and the HR.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/60 ón gComhairle an 12 Eanáir 2022 maidir leis an Sásra Comhordúcháin Oibríochtúil le haghaidh Ghné Sheachtrach na hImirce