Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #508668

    Bhí Cinneadh 2004/910/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus, de pháirt amháin, Barbadós, an Bheilís, Poblacht an Chongó, Fidsí, Comharphoblacht na Guáine, Poblacht an Chósta Eabhair, Iamáice, Poblacht na Céinia, Poblacht Mhadagascar, Poblacht na Maláive, Poblacht Oileán Mhuirís, Poblacht Shuranam, San Críostóir-Nimheas, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága, Poblacht Uganda, Poblacht na Saimbia agus Poblacht na Siombáibe agus, den pháirt eile, Poblacht na hIndia, maidir le praghsanna ráthaithe le haghaidh siúcra cána do na tréimhsí seachadta 2003/2004 agus 2004/2005 [10] de chineál sealadach agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

    Council Decision 2004/910/EC of 26 April 2004 on the conclusion of the Agreements in the form of an Exchange of Letters between the European Community and, of the one part, Barbados, Belize, the Republic of the Congo, Fiji, the Cooperative Republic of Guyana, the Republic of Côte d'Ivoire, Jamaica, the Republic of Kenya, the Republic of Madagascar, the Republic of Malawi, the Republic of Mauritius, the Republic of Surinam, Saint Christopher and Nevis, the Kingdom of Swaziland, the United Republic of Tanzania, the Republic of Trinidad and Tobago, the Republic of Uganda, the Republic of Zambia and the Republic of Zimbabwe and, of the other part, the Republic of India on the guaranteed prices for cane sugar for the 2003/2004 and 2004/2005 delivery periods [10] had a temporary character and has therefore exhausted its effects.

    Rialachán (AE) Uimh. 1230/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le haisghairm gníomhartha áirithe ón gComhairle atá imithe i seandacht i réimse an chomhbheartais tráchtála

  2. #582970

    Maidir le Poblacht na Botsuáine, Poblacht na Burúine, Poblacht Chamarún, Aontas Oileáin Chomóra, Poblacht an Chósta Eabhair, Poblacht Fhidsí, Poblacht Ghána, Poblacht Háítí, Poblacht na Céinia, Ríocht Leosóta, Poblacht Mhósaimbíc, Poblacht na Namaibe, Poblacht Ruanda, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Uganda agus Poblacht na Saimbia, ní dhearna siad na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú.

    The Republic of Botswana, the Republic of Burundi, the Republic of Cameroon, the Union of the Comoros, the Republic of Côte d’Ivoire, the Republic of Fiji, the Republic of Ghana, the Republic of Haiti, the Republic of Kenya, the Kingdom of Lesotho, the Republic of Mozambique, the Republic of Namibia, the Republic of Rwanda, the Kingdom of Swaziland, the United Republic of Tanzania, the Republic of Uganda and the Republic of Zambia have not taken the necessary steps towards ratification of their respective Agreements.

    Rialachán (AE) Uimh. 527/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu

  3. #3109184

    Tugadh an chaibidlíocht idir an tAontas agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir (Poblacht na Burúine, Poblacht na Céinia, Poblacht Ruanda, Poblacht Aontaithe na Tansáine, agus Poblacht Uganda) maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir i gcrích an 14 Deireadh Fómhair 2014 agus cuireadh inisealacha leis an 16 Deireadh Fómhair 2014.

    The negotiations between the Union and the East African Community (EAC) Partner States (the Republic of Burundi, the Republic of Kenya, the Republic of Rwanda, the United Republic of Tanzania and the Republic of Uganda) for an EU-EAC EPA were concluded on 14 October 2014 and the EU-EAC EPA was initialled on 16 October 2014.

    Cinneadh (AE) 2023/2853 ón gComhairle an 12 Nollaig 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile

  4. #582969

    Tar éis an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích maidir leis na Comhaontuithe ag Antigua agus Barbúda, ag Comhlathas na mBahámaí, ag Barbadós, ag an mBeilís, ag Poblacht na Botsuáine, ag Poblacht na Burúine, ag Poblacht Chamarún, ag Aontas Oileáin Chomóra, ag Poblacht an Chósta Eabhair, ag Comhlathas Dhoiminice, ag an bPoblacht Dhoiminiceach, ag Poblacht Fhidsí, ag Poblacht Ghána, ag Greanáda, ag Comharphoblacht na Guáine, ag Poblacht Háítí, ag Iamáice, ag Poblacht na Céinia, ag Ríocht Leosóta, ag Poblacht Mhadagascar, ag Poblacht Oileán Mhuirís, ag Poblacht Mhósaimbíc, ag Poblacht na Namaibe, ag Stát Neamhspleách Nua-Ghuine Phapua, ag Poblacht Ruanda, ag Cónaidhm San Críostóir-Nimheas, ag Saint Lucia, ag San Uinseann agus na Greanáidíní, ag Poblacht na Séiséal, ag Poblacht Shuranam, ag Ríocht na Suasalainne, ag Poblacht Aontaithe na Tansáine, ag Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága, ag Poblacht Uganda, ag Poblacht na Saimbia agus ag Poblacht na Siombáibe, ceadaíodh iad a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear chun feidhme na socruithe maidir le táirgí de thionscnamh stát áirithe is cuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin [2].

    The conclusion of negotiations on the Agreements by Antigua and Barbuda, the Commonwealth of the Bahamas, Barbados, Belize, the Republic of Botswana, the Republic of Burundi, the Republic of Cameroon, the Union of the Comoros, the Republic of Côte d’Ivoire, the Commonwealth of Dominica, the Dominican Republic, the Republic of Fiji, the Republic of Ghana, Grenada, the Cooperative Republic of Guyana, the Republic of Haiti, Jamaica, the Republic of Kenya, the Kingdom of Lesotho, the Republic of Madagascar, the Republic of Mauritius, the Republic of Mozambique, the Republic of Namibia, the Independent State of Papua New Guinea, the Republic of Rwanda, the Federation of Saint Kitts and Nevis, Saint Lucia, Saint Vincent and the Grenadines, the Republic of Seychelles, the Republic of Suriname, the Kingdom of Swaziland, the United Republic of Tanzania, the Republic of Trinidad and Tobago, the Republic of Uganda, the Republic of Zambia and the Republic of Zimbabwe permitted their inclusion in Annex I to Council Regulation (EC) No 1528/2007 of 20 December 2007 applying the arrangements for products originating in certain states which are part of the African, Caribbean and Pacific (ACP) Group of States provided for in agreements establishing, or leading to the establishment of, Economic Partnership Agreements [2].

    Rialachán (AE) Uimh. 527/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíocht tugtha i gcrích acu