Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

8 dtoradh in 4 dhoiciméad

  1. #2703514

    Go háirithe, an t-aigéad sailleach a éilíonn an tionscal cosmaidí, an tionscal cógaisíochta, an tionscal ceimiceach nó an tionscal bia, deartar é chun ceanglais éagsúla deimhniúcháin a chomhlíonadh (amhail Kosher, Halal, GMP+, FSSC 22000, deimhniú RSPO, ISO 9001, ISO 14001, ISO 45001), fad nach gceanglaítear ar tháirgeoirí bithdhíosail ach deimhniú chun an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“RED II”) a chomhlíonadh (scéim dheonach a aithníonn an Coimisiún Eorpach de bhun RED II, amhail ISCC AE nó 2BSVS, nó scéim deimhniúcháin náisiúnta arna bhunú de bhun RED II).

    In particular, the fatty acid required by the cosmetic, pharmaceutical, chemical or food industries are designed to meet various certification requirements (such as Kosher, Halal, GMP+, FSSC 22000, RSPO certification, ISO 9001, ISO 14001, ISO 45001), while biodiesel producers only require a certification to comply with the Renewable Energy Directive (EU) 2018/2001 (RED II) (a voluntary scheme recognised by the European Commission pursuant to the RED II, such as ISCC EU or 2BSVS, or a national certification scheme established pursuant to the RED II).

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

  2. #2703529

    Thairis sin, nocht an t-imscrúdú go gcumhdaítear an t-aigéad sailleach driogtha a tháirgtear ó dhramhaíl faoi reachtaíocht an Aontais maidir le cur chun cinn úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite (RED II), rud a shuigh go bhféadfaidh Ballstáit den Aontas bithdhíosal a tháirgtear ó aigéad sailleach ag úsáid ábhar dramhaíola nó seachtháirgí a chur san áireamh le haghaidh na spriocanna a shuitear le RED II.

    Furthermore, the investigation revealed that distilled fatty acid produced from waste is covered by Union legislation on the promotion of the use of energy from renewable sources (RED II) establishing that biodiesel produced from fatty acid using waste materials or by-products may be taken into account by EU Member States for the targets established by the RED II.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

  3. #2703531

    Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún, maidir le haigéid shailleacha ag a bhfuil DoS 97 % ar a laghad agus a tháirgtear ó dhramhaíl agus a dheimhnítear le scéim dheonach a aithníonn an Coimisiún de bhun Airteagal 30(4) de RED II nó scéim deimhniúcháin náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 30(6) de RED II, fad atá na saintréithe céanna acu atá ag aigéid shailleacha eile, go bhfuil úsáidí éagsúla ag na haigéid shailleacha ag a bhfuil DoS 97 % ar a laghad agus nach bhfuil siad in iomaíocht leis an táirge comhchosúil.

    On this basis, the Commission found that fatty acids with DoS of at least 97 % produced from waste and certified by a voluntary scheme recognized by the Commission pursuant to Article 30(4) of the RED II or a national certification scheme established pursuant to Article 30(6) of the RED II, while sharing the same characteristics with other fatty acids, have different uses and are not in competition with the like product.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

  4. #2672621

    Tá na forálacha maidir le cumhachtú tomhaltóirí i dTreoir 2001/2018 (RED II) agus sa Treoir maidir le Leictreachas 944/2019 (IMED) ar na forálacha is nuálaí sa phacáiste ‘Fuinneamh Glan’ (CEP).

    The provisions on consumer empowerment in Renewable Energy Directive 2001/2018 (RED II) and the Electricity Directive 944/2019 (IMED) are among the most innovative in the Clean Energy Package (CEP).

    Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2023/278 bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

  5. #2881102

    -na forálacha a leathnú chuig na teicneolaíochtaí in‑athnuaite uile (faoi RED II) agus chuig stóráil hidrigine in‑athnuaite agus bithbhreoslaí;

    -extending the provisions to all renewable technologies (under RED II) and to renewable hydrogen and biofuel storage;

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG AN gCOISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach

  6. #2088935

    Féadfaidh an tacaíocht d’earnáil an fhuinnimh, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite (“RED II”) agus le cuspóirí Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (“Rialachán Rialachais”), chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh i gcinntí maidir le hinfheistíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shásra maoiniúcháin an Aontais d’fhuinneamh inathnuaite..

    Support to the energy sector may contribute where appropriate, to the objectives of Directive (EU) 2018/2001 on the promotion of the use of energy from renewable sources (‘RED II’) and Regulation (EU) 2018/1999 on the Governance of the Energy Union and Climate Action (‘Governance Regulation’), as well as promote energy efficiency in investment decisions, including through the Union renewable energy financing mechanism.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU

  7. #2703515

    Dúradh freisin nár tháirg tionscal an Aontais aigéad sailleach le luach ard DoS, nó nach raibh sé in ann an t-aigéad sin a tháirgeadh, aigéad a bhí beartaithe do tháirgeadh bithdhíosail a thagann faoi raon RED II, a spreag úsáid an bhunábhair aibithe i ndáil leis sin.

    It was also stated that the Union industry did not, nor was capable of producing fatty acid with high DoS value destined for biodiesel production falling within the ambit of RED II, which encouraged the use of advanced feedstock in this regard.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise

  8. #2703530

    De bhun RED II, ionas go bhféadfadh Ballstáit den Aontas bithdhíosal a chur san áireamh le haghaidh a spriocanna inbhuanaithe, ní mór a mbunábhair, aigéid shailleacha dhriogtha sa chás seo, a dheimhniú chun a áirithiú go n-urramaítear caighdeáin inbhuanaitheachta agus cheimiceacha.

    Pursuant to the RED II, in order for the biodiesel to be accounted by EU Member States for their sustainability targets, its feedstock, in this case the distilled fatty acids, must be certified to ensure the respect of sustainability and chemical standards.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/111 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid shailligh de thionscnamh na hIndinéise