Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

6 thoradh in 3 dhoiciméad

  1. #2605288

    Cé gur cheart bunú measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL ar bhonn buan a chur san áireamh in athbhreithniú níos cuimsithí ar REMIT, mar gheall ar an ngéarchéim atá ar siúl faoi láthair, tá gá anois le gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar an staid láithreach ina bhfuil deacrachtaí móra maidir le soláthar agus praghsáil chruinn sheachadtaí GNL chuig an Aontas ar bhonn sealadach go dtí go bhféadfar an t-athbhreithniú sin ar REMIT a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

    Although the establishment of a daily LNG price assessment and LNG benchmark on a permanent basis should at a later stage be included in a more comprehensive revision of the REMIT, the on-going crisis situation requires urgent action already now to address the immediate situation of severe difficulties in the supply and accurate pricing of LNG deliveries to the Union on a temporary basis until such revision of the REMIT can be adopted in accordance with the ordinary legislative procedure.

    Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

  2. #2605291

    Ba cheart na rannpháirtithe sin i margadh GNL a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na dtoirmeasc is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh i gcomhréir le REMIT.

    Those LNG market participants should be subject to the obligations and prohibitions applying to market participants in accordance with the REMIT.

    Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

  3. #2605284

    Ní leor na cumhachtuithe reatha a dhílsítear do ACER le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (dá ngairtear “REMIT”) chun tacar sonraí iomlán agus cuimsitheach a chruthú de sheachadtaí GNL uile isteach san Aontas.

    The current empowerments vested on ACER by Regulation (EU) No 1227/2011 of the European Parliament and of the Council and Commission Implementing Regulation (EU) No 1348/2014 (together referred to as ‘REMIT’) do not suffice to create a complete and comprehensive dataset of all LNG deliveries into the Union.

    Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

  4. #2605301

    An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh faisnéis faoi idirbhearta GNL a sholáthar do ACER, tá sí riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le ACER a chumasú chun tagarmharc GNL a bhunú, go háirithe ós rud é go bhfuil sí ailínithe le hoibleagáidí reatha oibreoirí margaidh faoin REMIT agus go gcoinneoidh ACER faisnéis íogair ghnó faoi rún.

    The obligation on market operators to provide ACER with information on LNG transactions is necessary and proportionate to achieve the objective of enabling ACER to establish an LNG benchmark, in particular as it is aligned with market operators’ existing obligations under the REMIT and ACER will keep sensitive business information confidential.

    Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

  5. #3048275

    ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh 2018 ar ‘Slándáil TF sa Ghníomhaireacht agus slándáil faisnéise i réimse REMIT’, go raibh ceithre mholadh thábhachtacha go hiomlán curtha chun feidhme agus dúnta ag IAS in 2021, go raibh moladh tábhachtach amháin go hiomlán curtha chun feidhme agus dúnta ag IAS in 2022, agus gur cuireadh moill shuntasach le moladh tábhachtach amháin a bhí fós ann ach gur cuireadh chun feidhme go hiomlán é agus gur tuairiscíodh do IAS é in 2022. ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, tar éis iniúchadh 2017 ar ‘Bainistíocht Acmhainní Daonna’, gur cuireadh chun feidhme plean gníomhaíochta in 2020 agus gur dhún IAS é in 2021;

    Notes that, following the 2018 audit on ‘IT security in the Agency and information security in the REMIT domain’, four important recommendations were fully implemented and closed by the IAS in 2021, one important recommendation was fully implemented and closed by the IAS in 2022, and one remaining important recommendation was significantly delayed but was fully implemented and reported to the IAS in 2022; notes, furthermore, that following the 2017 audit on ‘Human Resources Management’, an action plan was implemented in 2020 and closed by IAS in 2021;

    Rún (AE) 2023/1845 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

  6. #2627003

    ag tabhairt dá haire go raibh dhá mholadh an-tábhachtach agus ceithre mholadh thábhachtacha mar thoradh ar an iniúchadh a rinne an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 in 2020, agus go bhfuil na moltaí á gcur chun feidhme faoi láthair ar bhonn plean gníomhaíochta arna fhormheas ag IAS; ag tabhairt dá haire, ó iniúchtaí a rinneadh roimhe seo, gurb iad sin na hiniúchtaí ar “Shlándáil TF sa Ghníomhaireacht agus slándáil faisnéise i bhfearann REMIT” agus “Bainistiú Acmhainní Daonna” gur dúnadh trí mholadh an-tábhachtach agus ceithre mholadh thábhachtacha in 2020, agus go bhfuil ceithre mholadh thábhachtacha atá fós le cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire freisin maidir le dhá mholadh a dhún an Ghníomhaireacht roimhe seo, gur athosclaíodh arís iad, tar éis do IAS a mheas go raibh iarrachtaí neamhleora déanta ag an nGníomhaireacht chun iad a chur chun feidhme, ach gur dúnadh arís iad in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gan moltaí a dhúnadh róluath agus á iarraidh ar IAS leanúint dá obair leantach ar mholtaí dúnta chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad de réir mar atá beartaithe;

    Notes that the internal audit service (IAS)’s audit on the implementation of Regulation (EU) No 1227/2011 in 2020 resulted in two very important, and four important recommendations that are currently being implemented on the basis of an action plan that was approved by the IAS; notes that from previously performed audits, the audits on ‘IT security in the Agency and information security in the REMIT domain’ and ‘Human Resources Management’ that three very important and four important recommendations were closed in 2020, and four important recommendations still need to be implemented; also notes that two important recommendations previously closed by the Agency, were re-opened, after the IAS considered the efforts of the Agency to implement them insufficient, yet closed again later in 2020; calls on the Agency to not close recommendations too early and calls on the IAS to continue its follow-up work on closed recommendations to make sure they are implemented as intended;

    Rún (AE) 2022/1717 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2020