Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

37 toradh in 3 dhoiciméad

  1. #1710592

    Is iad a bheidh ar an bhFóram Athbhreithnithe Piaraí comhaltaí de RSPG, agus is ionadaí de chuid RSPG a eagróidh an fóram agus a dhéanfaidh cathaoirleacht air.

    The Peer Review Forum shall be composed of the members of the RSPG and organised and chaired by a representative of the RSPG.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  2. #1710735

    Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim RSPG agus aon chéim á glacadh aige ina dhiaidh sin.

    The Commission shall take utmost account of the RSPG’s opinion in taking any subsequent steps.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  3. #3097248

    Dá bhrí sin, tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE agus an Coimisiún lánaird ar thuairim RSPG.

    The EFTA Surveillance Authority and the Commission shall thereby take the utmost account of the opinion of RSPG.

    Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 275/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/479]

  4. #1709263

    Thairis sin, ba cheart gur fóram a bheadh in RSPG chun comhordú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí na mBallstát maidir le speictream raidió faoin Treoir seo agus ba cheart do RSPG ról lárnach a bheith aige sna réimsí atá bunriachtanach don mhargadh inmheánach, amhail an comhordú trasteorann nó caighdeánú.

    Moreover, the RSPG should also be the forum for the coordination of implementation by Member States of their obligations related to radio spectrum under this Directive and should play a central role in fields essential for the internal market such as cross-border coordination or standardisation.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  5. #1710207

    Rannchuideoidh na Ballstáit, an Coimisiún, an Grúpa um Beartas Speictream Raidió ('RSPG'), agus BEREC le gnóthú na gcuspóirí sin freisin.

    Member States, the Commission, the Radio Spectrum Policy Group (‘RSPG’), and BEREC shall also contribute to the achievement of those objectives.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  6. #1710484

    Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus, de réir mar is iomchuí, trí RSPG le linn comhordú trasteorann d'úsáid speictrim raidió chun:

    Member States shall cooperate with each other, and, where appropriate, through the RSPG, in the cross-border coordination of the use of radio spectrum in order to:

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  7. #1710488

    I gcás inarb iomchuí, féadfaidh RSPG leigheas comhordaithe a mholadh, i bhfoirm barúla, maidir le fadhb nó le díospóid den sórt sin.

    Where appropriate, the RSPG may issue an opinion proposing a coordinated solution regarding such a problem or dispute.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  8. #1710590

    I gcás ina mbíonn sé ar intinn ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile dul i mbun nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 55(2) i dtaca le speictrim raidió ar ina leith a dhéantar na coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gocmhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ionas gur féidir a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a éascú ina leith, tabharfaidh sé fógra, de bhun Airteagal 23, do RSPG faoi dhréachtbheart ar bith a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus sonróidh sé cibé acu atá nó nach bhfuil sé ag iarraidh ar RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí a chomóradh agus, má tá, cén uair.

    Where the national regulatory or other competent authority intends to undertake a selection procedure in accordance with Article 55(2) in relation to radio spectrum for which harmonised conditions have been set by technical implementing measures in accordance with Decision No 676/2002/EC in order to enable its use for wireless broadband networks and services, it shall, pursuant to Article 23, inform the RSPG about any draft measure which falls within the scope of the comparative or competitive selection procedure pursuant to Article 55(2) and indicate whether and when it is to request the RSPG to convene a Peer Review Forum.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  9. #1710594

    Saineoidh RSPG roimh ré na critéir oibiachtúla maidir le fóram athbhreithnithe piaraí a thionól ar bhonn eisceachtúil agus cuirfidh sé na critéir sin ar fáil go poiblí.

    The RSPG shall define in advance and make public the objective criteria for the exceptional convening of the Peer Review Forum.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  10. #1710602

    Foilseoidh RSPG tuarascáil gach bliain i mí Feabhra maidir leis na dréachtbhearta a pléadh de bhun mhír 1 agus mhír 2.

    The RSPG shall publish in February each year a report concerning the draft measures discussed pursuant to paragraphs 1 and 2.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  11. #1710604

    Tar éis an Fóram Athbhreithnithe Piaraí, arna iarraidh sin don údarás rialála náisiúnta nó d'údarás inniúil eile a d'iarr an cruinniú, féadfaidh RSPG tuairim a ghlacadh maidir leis an dréachtbheart.

    Following the Peer Review Forum, at the request of the national regulatory or other competent authority that requested the meeting, the RSPG may adopt an opinion on the draft measure.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  12. #1709258

    Is grúpa comhairleach ardleibhéil é an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió (RSPG) a cruthaíodh le Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún chun cur le forbairt an mhargaidh inmheánaigh agus chun tacú le forbairt beartais speictrim raidió ar leibhéal an Aontais, agus cúinsí eacnamaíocha, polaitiúla, cultúrtha, straitéiseacha, sláinte agus sóisialta á gcur san áireamh, chomh maith le paraiméadair theicniúla.

    The RSPG is a Commission high-level advisory group which was created by Decision 2002/622/EC to contribute to the development of the internal market and to support the development of a Union-level radio spectrum policy, taking into account economic, political, cultural, strategic, health and social considerations, as well as technical parameters.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  13. #1709265

    Tá tugtha le fios ag an gCoimisiún go bhfuil rún aige Cinneadh 2002/622/CE a leasú, faoi cheann sé mhí tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm, d'fhonn go léireofar na cúraimí nua a leagadh ar an RSPG faoin Treoir seo.

    The Commission has indicated its intention to amend Decision 2002/622/EC within six months of the entry into force of this Directive, in order to reflect the new tasks conferred on the RSPG by this Directive.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  14. #1709303

    Chuirfí feabhas ar úsáid agus sainmhíniú níos coinbhéirsí i ndáil le gnéithe de na nósanna imeachta roghnúcháin agus na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió a mbeadh tionchar suntasach acu ar dhálaí margaidh agus ar an staid iomaíoch, lena n-áirítear coinníollacha maidir le hiontráil agus méadú, dá mbeadh sásra comhordaithe ann trína ndéanfadh an Grúpa um Beartas Speictream Raidió (RSPG), arna iarraidh sin ag an údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil eile nó, i gcásanna eisceachtúla, ar a thionscnamh féin, Fóram Athbhreithnithe Piaraí a thionól chun scrúdú a dhéanamh ar dhréachtbhearta sula ndéanfadh Ballstát áirithe cearta úsáide a dheonú d'fhonn dea-chleachtais a mhalartú.

    A more convergent use and definition of elements of selection procedures and the conditions attached to the rights of use for radio spectrum which have a significant impact on market conditions and the competitive situation, including conditions for entry and expansion, would be enhanced by a coordination mechanism whereby the RSPG, at the request of the national regulatory or other competent authority or, exceptionally, on its own initiative, convenes a Peer Review Forum to examine draft measures in advance of the granting of rights of use by a given Member State with a view to exchanging best practices.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  15. #1709307

    Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart go mbeadh an t-údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil eile faisnéis den sórt sin in ann a thíolacadh trí bhíthin formáid tuairiscithe choitinn, i gcásanna ina mbeidh sin ar fáil, lena tarchur chuig comhaltaí RSPG.

    To reduce administrative burden, the national regulatory or other competent authority should be able to submit such information by way of a common reporting format, where available, for transmission to the RSPG members.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  16. #1709417

    I gcás inar dóigh go mbeidh fadhbanna comhchosúla ag na Ballstáit uile agus ina bhféadfadh réitigh éagsúla ar na fadhbanna sin an margadh inmheánach um threalamh a scoilteadh agus go gcuirfí moill, mar sin, ar leathadh amach chórais 5G, d'fhéadfadh sé gur ghá don Choimisiún agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, réitigh choitianta a mholadh, lena dtabharfaí aitheantas d'aon bhearta teicniúla comhchuibhithe atá i bhfeidhm.

    Where all Member States are likely to face similar problems for which diverging solutions could fragment the internal market in equipment, and thereby delay the rollout of 5G systems, it may be necessary for the Commission, taking utmost account of the opinion of the RSPG, to recommend common solutions, acknowledging technical harmonisation measures in force.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  17. #1709464

    Ar bhonn na dtuairimí ó RSPG, d'fhéadfadh sé gur gá sprioc-am comónta a ghlacadh chun úsáid banda speictrim raidió a comhchuibhíodh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a cheadú chun trasnaíochtaí trasteorann a sheachaint; d'fhéadfadh sé a bheith tairbheach freisin chun a áirithiú go rachaidh na bearta comhchuibhithe theicniúil lena mbaineann chun tairbhe iomlán do na margaí trealaimh agus d'imscaradh seirbhísí agus líonraí fíor-ardacmhainne.

    Building on opinions from the RSPG, the adoption of a common deadline for allowing the use of a radio spectrum band which has been harmonised under Decision No 676/2002/EC can be necessary to avoid cross-border interference and beneficial to ensure release of the full benefits of the related technical harmonisation measures for equipment markets and for the deployment of very high capacity networks and services.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  18. #1710214

    I gcás ina socraíonn an Coimisiún tagarmharcanna agus tuarascálacha ar éifeachtacht bhearta na mBallstát i dtaobh na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, cuideoidh na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus RSPG leis an gCoimisiún, i gcás inar gá sin.

    Where the Commission establishes benchmarks and reports on the effectiveness of Member States’ measures towards achieving the objectives referred to in paragraph 2, the Commission shall, where necessary, be assisted by Member States, national regulatory authorities, BEREC and the RSPG.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  19. #1710216

    intuarthacht rialála a chur chun cinn trína áirithiú go mbíonn cur chuige rialála comhréireach ann i gcaitheamh tréimhsí iomchuí athbhreithniúcháin agus trí mheán an chomhair le chéile, le BEREC, le RSPG agus leis an gCoimisiún;

    promote regulatory predictability by ensuring a consistent regulatory approach over appropriate review periods and through cooperation with each other, with BEREC, with the RSPG and with the Commission;

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  20. #1710228

    Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 1, trí bhíthin RSPG, agus ar iarraidh uathu, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, chun tacú leis an bpleanáil agus leis an gcomhordú straitéiseach ar chur chuige beartais san Aontas maidir leis an speictream raidió, tríd an méid seo a leanas:

    Member States shall, through the RSPG, cooperate with each other and with the Commission in accordance with paragraph 1, and upon their request with the European Parliament and with the Council, in support of the strategic planning and coordination of radio spectrum policy approaches in the Union, by:

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  21. #1710233

    Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críche clár beartas ilbhliantúla an speictrim raidió a bhunú, lena leagtar amach na treonna agus na cuspóirí beartais le haghaidh phleanáil straitéiseach agus chomhchuibhiú úsáid an speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo, agus chun críche an speictrim raidió comhchuibhithe maidir le húsáid chomhroinnte nó maidir le húsáid nach bhfuil faoi réir cearta aonair a scaoileadh.

    The Commission, taking utmost account of the opinion of the RSPG, may submit legislative proposals to the European Parliament and to the Council for the purpose of establishing multiannual radio spectrum policy programmes, setting out the policy orientations and objectives for the strategic planning and harmonisation of the use of radio spectrum in accordance with this Directive, as well as for the purpose of releasing harmonised radio spectrum for shared use or for use not subject to individual rights.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  22. #1710441

    Chun críocha Airteagal 35, cuirfidh na húdaráis inniúla RSPG ar an eolas tráth an fhoilsithe faoi aon dréachtbhearta a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus a bhaineann le húsáid speictrim raidió ar ina leith a dhéantar coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE, ionas gur féidir úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí gan sreang atá in ann leathanbhanda a sheachadadh ('líonraí leathanbhanda gan sreang agus seirbhísí') a éascú.

    For the purposes of Article 35, the competent authorities shall inform the RSPG at the moment of publication about any draft measure which falls within the scope of the comparative or competitive selection procedure pursuant to Article 55(2) and relates to the use of radio spectrum for which harmonised conditions have been set by technical implementing measures in accordance with Decision No 676/2002/EC in order to enable its use for wireless broadband electronic communications networks and services (‘wireless broadband networks and services’).

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  23. #1710487

    Ionas gur féidir a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1, féadfaidh aon Bhallstát dá ndéantar difear a iarraidh ar RSPG an dea-mhéin atá aige a úsáid chun dul i ngleic le haon fhadhb nó le haon díospóid a bhaineann le comhordú trasteorann nó le trasnaíocht dhíobhálach trasteorann.

    In order to ensure compliance with paragraph 1, any affected Member State may request the RSPG to use its good offices to address any problem or dispute in relation to cross-border coordination or cross-border harmful interference.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  24. #1710489

    I gcás nár éirigh le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 nó mír 3 an fhadhb ná an díospóid a réiteach, agus arna iarraidh sin d'aon Bhallstát dá ndéantar difear, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar aon tuairim ó RSPG ina moltar leigheas comhordaithe de bhun mhír 3, cinntí a ghlacadh agus díreofar iad chuig na Ballstáit lena mbaineann an ceist thrasnaíocht dhíobhálach atá gan réiteach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun trasnaíochtaí díobhálacha trasteorann a réiteach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, ar trasnaíochtaí iad lena gcuirtear bac ar na Ballstáit speictream raidió comhchuibhithe a úsáid ar a gcríoch.

    Where the actions referred to in paragraph 2 or 3 have not resolved the problem or dispute, and at the request of any affected Member State, the Commission may, taking utmost account of any opinion of the RSPG recommending a coordinated solution pursuant to paragraph 3, adopt decisions addressed to the Member States concerned by the unresolved harmful interference issue by means of implementing acts to resolve cross-border harmful interference between two or more Member States which prevent them from using the harmonised radio spectrum in their territory.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  25. #1710591

    Arna iarraidh sin dó, eagróidh RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí chun na dréachtbhearta a phlé agus chun tuairimí ina leith a chomhroinnt agus éascóidh sé an malartú dea-chleachtais agus an malartú taithí maidir leis na dréachtbhearta sin.

    When requested to do so, the RSPG shall organise a Peer Review Forum in order to discuss and exchange views on the draft measures transmitted and shall facilitate the exchange of experiences and best practices on those draft measures.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  26. #1710593

    I gcás eisceachtúil agus ar a dhéanaí le linn an chomhairliúcháin phoiblí a dhéanfar de bhun Airteagal 23, féadfaidh RSPG fóram Athbhreithnithe Piaraí a thionól i gcomhréir leis na rialacha nós imeachtaí i dtaca lena eagrú, chun taithí agus dea-chleachtas maidir leis na dréachtbhearta a chomhroinnt a mhéid a bhaineann le nós imeachta roghnúcháin má mheastar dó go ndéanfadh an dréachtbheart an-dochar do chumas an údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúil eile na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3, 45, 46 agus 47 a bhaint amach.

    At the latest during the public consultation conducted pursuant to Article 23, the RSPG may exceptionally take the initiative to convene a Peer Review Forum in accordance with the rules of procedure for organising it in order to exchange experiences and best practices on a draft measure relating to a selection procedure where it considers that the draft measure would significantly prejudice the ability of the national regulatory or other competent authority to achieve the objectives set in Articles 3, 45, 46 and 47.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  27. #1710601

    Arna iarraidh sin don údarás rialála náisiúnta nó d'údarás inniúil eile a d'iarr an cruinniú, féadfaidh RSPG tuarascáil a ghlacadh maidir leis an gcaoi a mbaineann an dréachtbheart amach na cuspóirí dá bhforáiltear i mír 4, agus na tuairimí a roinneadh i dtionól an fhóraim Athbhreithnithe Piaraí á léiriú ann.

    At the request of the national regulatory or other competent authority that requested the meeting, the RSPG may adopt a report on how the draft measure achieves the objectives provided in paragraph 4, reflecting the views exchanged in the Peer Review Forum.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  28. #1710611

    Féadfaidh dhá Bhallstát, nó roinnt Ballstát, oibriú i gcomhar le chéile agus le RSPG agus aon spéis a léirigh na rannpháirtithe margaidh a chur san áireamh, trí na gnéithe coiteanna de phróiseas údaraithe a bhunú go comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an bpróiseas roghnúcháin a chur i gcrích go comhpháirteach chun cearta úsáide aonair a dheonú do speictream raidió.

    Two or several Member States may cooperate with each other and with the RSPG, taking into account any interest expressed by market participants, by jointly establishing the common aspects of an authorisation process and, where appropriate, also jointly conducting the selection process to grant individual rights of use for radio spectrum.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  29. #1710620

    I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhféadfadh sé go gcruthódh éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo bac don mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, nó tuairim RSPG más iomchuí, moltaí nó, de bhun mhír 3 den Airteagal seo, cinntí a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na Treorach seo a áirithiú, chun cur leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

    Where the Commission finds that divergences in the implementation by the national regulatory or other competent authorities of the regulatory tasks specified in this Directive could create a barrier to the internal market, the Commission may, taking the utmost account of the opinion of BEREC or, where relevant, the RSPG, adopt recommendations or, subject to paragraph 3 of this Article, decisions by means of implementing acts to ensure the harmonised application of this Directive and in order to further the achievement of the objectives set out in Article 3.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  30. #1710732

    Chun críche na chéad fhomhíre, agus i gcomhthéacs forbartha na mbeart cur chun feidhme teicniúla i gcomhair banda speictrim raidió a fhorbairt faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, féadfaidh an Coimisiún a iarradh ar RSPG moladh a éisiúint ina moltar an réimeas/na réimis údaraithe is iomchuí maidir le húsáid speictrim raidió sa bhanda sin nó i gcodanna de.

    For the purpose of the first subparagraph, and in the context of the development of technical implementing measures for a radio spectrum band under Decision No 676/2002/EC, the Commission may request the RSPG to issue an opinion recommending the most appropriate authorisation regimes for the use of radio spectrum in that band or parts thereof.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  31. #1710734

    I gcás ina mbeidh a mharana á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(1), (4), (5) agus (6), féadfaidh sé a iarraidh ar RSPG tuairim a thabhairt maidir le himpleachtaí aon chaighdeáin nó sonraíochta den sórt sin le haghaidh comhordú, comhchuibhiú agus infhaighteacht speictrim raidió.

    Where the Commission is considering the adoption of measures in accordance with Article 39(1), (4), (5) and (6), it may request the opinion of the RSPG with regard to the implications of any such standard or specification for the coordination, harmonisation and availability of radio spectrum.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  32. #1712326

    Chun a áirithiú go mbeidh breis infhaighteachta comhordaithe ar an speictream raidió faoin mbliain 2020 chun líonraí seasta gan sreang ardluais i gcomhthéacs 5G a bhaint amach, shainaithin RSPG na bandaí 3,4-3,8 GHz agus 24,25-27,5 GHz mar bhandaí tosaíochta a bheadh oiriúnach chun cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta 5G a bhaint amach faoin mbliain 2020.

    In order to ensure increased coordinated availabilities of radio spectrum by 2020 to achieve very high speed fixed and wireless networks in the context of 5G, the 3,4-3,8 GHz and the 24,25-27,5 GHz bands have been identified by the RSPG as priority bands suitable to fulfil the objectives of the 5G Action Plan by 2020.

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

  33. #2228530

    Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “5G don Eoraip: Plean Gníomhaíochta”, sainaithnítear gníomhaíochtaí comhordaithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear sainaithint agus comhchuibhiú an speictrim le haghaidh 5G ar bhonn thuairim an Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió (RSPG), chun cumhdach 5G gan bhriseadh i ngach limistéar uirbeach agus ar gach mórbhealach iompair trastíre a áirithiú faoi 2025.

    The Commission Communication ‘5G for Europe: an Action Plan’ identifies coordinated actions at Union level, including the identification and harmonisation of spectrum for 5G on the basis of the opinion of the Radio Spectrum Policy Group (RSPG), in order to ensure uninterrupted 5G coverage in all urban areas and major terrestrial transport paths by 2025.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  34. #2228531

    Ina dhá thuairim an 16 Samhain 2016 agus an 30 Eanáir 2019 maidir le treochlár straitéiseach speictrim i dtreo 5G don Eoraip, shainaithin RSPG an gá lena áirithiú go mbeidh na coinníollacha teicniúla agus rialála maidir leis na bandaí uile a comhchuibhíodh cheana le haghaidh líonraí móibíleacha in oiriúint lena n-úsáid le haghaidh 5G, lena n-áirítear bandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz, atá in úsáid faoi láthair san Aontas go príomha le haghaidh an dara glúin (GSM), an tríú glúin (UMTS) agus an ceathrú glúin (LTE) de chórais mhóibíleacha.

    In its two opinions of 16 November 2016 and 30 January 2019 on a strategic spectrum roadmap towards 5G for Europe, the RSPG identified the need to ensure that the technical and regulatory conditions for all bands already harmonised for mobile networks are fit for 5G use, including the 900 MHz and 1800 MHz frequency bands, which are currently in use in the Union predominantly for the second (GSM), the third (UMTS) and the fourth (LTE) generation of mobile systems.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  35. #2228608

    Doiciméad RSPG16-032 final an 9 Samhain 2016, Treochlár straitéiseach i dtreo 5G don Eoraip: tuairim maidir le gnéithe a bhaineann leis an speictream le haghaidh córais leathanbhanda gan sreang den chéad ghlúin eile (5G) (chéad thuairim RSPG ar 5G).

    Document RSPG16-032 final of 9 November 2016, Strategic roadmap towards 5G for Europe: opinion on spectrum-related aspects for next-generation wireless systems (5G) (RSPG 1st opinion on 5G).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  36. #2228609

    Doiciméad RSPG19-007 final an 30 Eanáir 2019, Treochlár straitéiseach speictrim i dtreo 5G don Eoraip: tuairim maidir leis na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme 5G (tríú tuairim RSPG maidir le 5G).

    Document RSPG19-007 final of 30 January 2019, Strategic spectrum roadmap towards 5G for Europe: opinion on 5G implementation challenges (RSPG 3rd opinion on 5G).

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 605) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  37. #3097246

    “Tar éis d’Údarás Faireacháin CSTE dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, cinntí a dhíreofar chuig Stáit CSTE lena mbaineann a ghlacadh.

    “After consulting national regulatory authorities, the EFTA Surveillance Authority may, taking the utmost account of the opinion of the RSPG, adopt decisions addressed to the EFTA States concerned.