#2221191
Cuireann an beart ullmhúcháin leis an treoirthionscadal ‘Fothú acmhainneachta le haghaidh shochaí shibhialta na Romach agus neartú a rannpháirtíochta san fhaireachán ar straitéisí lánpháirtíochta na Romach’ (Ítim PP 07 14 01), tionscadal atá ag druidim chun deiridh, agus is trí cheachtanna a fháil ón tionscadal sin a leanann sé ar aghaidh ar bhealach feabhsaithe ag cuidiú le sochaí shibhialta na Romach agus ar son na Romach a neartú agus lena hacmhainneacht a fhothú tuilleadh chomh maith leis an sásra faireacháin maidir le cuimsiú na Romach, go háirithe trí thuarascálacha neamhspleácha a tháirgeadh agus a scaipeadh ina bhféadfadh comhghuaillíochtaí na sochaí shibhialta faisnéis agus sonraí malartacha a chur i láthair le hais a bhfaightear sna tuarascálacha a chuireann Ballstáit isteach maidir le cur chun feidhme a gcuid straitéisí.
The preparatory action builds on pilot project 'Capacity-building for Roma civil society and strengthening its involvement in the monitoring of national Roma integration strategies' (Item PP 07 14 01), which is nearing completion, and by drawing lessons from that project it continues, in an improved way, contributing to the strengthening and further capacity building of Roma and pro-Roma civil society as well as to the monitoring mechanism regarding Roma inclusion, especially by producing and disseminating independent reports in which civil society coalitions could present alternative information and data to what is contained in the reports submitted by Member States concerning the implementation of their strategies.