#816722
Pé uair a dhéanfidh Seanad Éireann, laistigh den tréimhse áirithe a mínítear anso ina dhiaidh seo, diúltú do Bhille (nách Bille Airgid) do tionnscnuíodh i nDáil Éireann agus do ritheadh ag Dáil Éireann agus do cuireadh go dtí Seanad Éireann no an Bille do rith tar éis leasuithe do dhéanamh air ná toileoidh Dáil Éireann leo, no ná déanfidh Seanad Éireann é do rith (maille le leasú no gan leasú) ná diúltú dho laistigh den tréimhse áirithe sin, féadfidh Dáil Éireann, laistigh de bhliain tar éis na tréimhse áirithe sin, tré rún do rith fén Airtiogal so d'aon ghnó chuige sin, an Bille sin do chur go dtí Seanad Éireann arís sa bhfuirm in ar cuireadh go dtí Seanad Éireann den chéad uair é (ach go bhféadfidh pé atharuithe a húdaruítear anso ina dhiaidh seo a bheith air), agus mara ndinidh Seanad Éireann, laistigh de thrí fichid lá ina dhiaidh sin no laistigh de pé tréimhse níos sia ná san le n-a dtoileoidh an dá Thigh, an Bille sin do rith gan é do leasú no gan a dhéanamh air ach pé leasuithe le n-a dtoileoidh Dáil Éireann, tuigfar, má bheartuíonn Dáil Éireann amhlaidh le rún tar éis deire an trí fichid lá san no na tréimhse sin roimhráite is sia ná san, an Bille sin do bheith rithte ag dhá Thigh an Oireachtais i gcionn an trí fichid lá san no na tréimhse sin roimhráite is sia ná san sa bhfuirm is déanaí in ar cuireadh go dtí Seanad Éireann amhlaidh é maille le pé leasuithe (más ann dóibh) do dhin Seanad Éireann air agus le n-ar thoiligh Dáil Éireann.
Whenever a Bill (not being a Money Bill) initiated in and passed by Dáil Eireann and sent to Seanad Eireann is within the stated period hereinafter defined either rejected by Seanad Eireann or passed by Seanad Eireann with amendments to which Dáil Eireann does not agree or is neither passed (with or without amendment) nor rejected by Seanad Eireann within the said stated period, Dáil Eireann may within one year after the said stated period by resolution expressly passed under this Article again send such Bill to Seanad Eireann in the form (save only for such modifications as are hereinafter authorised) in which it was first so sent, and if Seanad Eireann does not, within sixty days thereafter or such longer period as may be agreed to by both Houses, pass such Bill either without amendment or with such amendments only as are agreed to by Dáil Eireann, such Bill shall, if Dáil Eireann so resolves after the expiration of such sixty days or longer period aforesaid, be deemed to have been passed by both Houses of the Oireachtas at the expiration of the said sixty days or longer period aforesaid in the form in which it was so last sent to Seanad Eireann with such (if any) amendments as may have been made therein by Seanad Eireann and agreed to by Dáil Eireann.