#1668730
Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015, measadh gurb é an pacáiste maidir leis an Margadh Aonair Teileachumarsáide, arna ghlacadh ina dhiaidh sin le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an chéad chéim i dtreo deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola, agus tacú ar an gcaoi sin le margadh aonair digiteach a chur ar bun san Aontas.
The Digital Single Market Strategy for Europe set out in the Commission’s communication of 6 May 2015 considered the Telecoms Single Market package, subsequently adopted by Regulation (EU) 2015/2120 of the European Parliament and of the Council, to be a first step towards eliminating retail roaming surcharges, thereby supporting the establishment of a digital single market in the Union.