Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #2627123

    á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an obair a rinne an Lárionad le déanaí chun cuidiú le hanailís a dhéanamh ar thionchar na paindéime agus an aistrithe dhigitigh ar chleachtais ghnó a oiriúnú do na réadúlachtaí nua i margadh saothair an Aontais tríd, mar shampla, an Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí maidir le COVID-19 a rinneadh i gcomhar le Eurofound;

    Welcomes, in particular, the Centre’s recent work in helping to analyse the impact of the pandemic and digital transition on adapting business practices to the new realities in the Union labour market through e.g. the COVID-19 European Company Survey in conjunction with Eurofound;

    Rún (AE) 2022/1726 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2020

  2. #3049891

    Ag tabhairt dá haire gur chuir an Foras dlús in 2021 lena chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais trí bhíthin ócáidí agus foilseacháin chomhpháirteacha in éineacht le EIGE maidir le cóineasú aníos i gcomhionannas inscne agus ar an bhearna phá idir na hinsciní, in éineacht le Cedefop bunaithe ar an anailís chomhpháirteach ar an suirbhé Eorpach ar chuideachtaí, agus in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir leis na dúshláin shóisialta a bhaineann le beartais fuinnimh ísealcharbóin; ag tabhairt dá haire thairis sin gur lean an Foras dá mhalartú taithí agus dá chomhar le FRA i réimse na modheolaíochta suirbhé agus a forbartha agus le EU-OSHA i réimse an taighde ar an digitiú, lena n-áirítear réimse na teilea-oibre agus réimsí eile;

    Notes that in 2021 the Foundation stepped up its cooperation with other Union agencies through joint events and publications with EIGE on upward convergence in gender equality and on the gender pay gap, with Cedefop based on the joint analysis of the European company survey, and with the European Environment Agency on the social challenges of low-carbon energy policies; notes further that the Foundation continued its exchange of experience and cooperation with FRA in the area of survey methodology and its development and with EU-OSHA in the research area of digitalisation, including telework, and other areas;

    Rún (AE) 2023/1929 ó pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2021

  3. #2628262

    ag tabhairt dá haire gur chuir an Foras dlús lena chomhoibriú agus lena chomhar leis na príomhgheallsealbhóirí in 2020 agus gur eagraíodh corradh agus 10 seimineár gréasáin le comhpháirtithe amhail an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus Gníomhaireachtaí eile AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil comhoibriú leanúnach ann idir an Foras agus an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA); ag tabhairt dá haire gur lean an Foras agus Cedefop in 2020 dá gcomhoibriú maidir le suirbhé Eorpach ar chuideachtaí, a rinneadh i gcomhar in 2018/2019, agus go ndearnadh an leathadh gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt leis an Institiúid Eacnamaíochta Saothair (IZA); ag tabhairt dá haire go bhfuil an Foras ar na mórsholáthraithe sonraí le haghaidh Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne agus go ndéantar faisnéis a mhalartú go rialta leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair; ag tabhairt dá haire, freisin, go bhfuil an Foras ag iarraidh meabhrán tuisceana a bhunú leis an ELA agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA); á chur in iúl gur geal léi comhar agus comhroinnt eolais an Fhorais mar shampla ar fiú é a leanúint do ghníomhaireachtaí agus do chomhlachtaí eile; ag tabhairt dá haire go ndéantar cruthú sineirgí a chur chun cinn leis an gcomhar sin agus go gcabhraíonn sé le forluí a sheachaint;

    Notes that the Foundation stepped up its collaboration and cooperation with key stakeholders in 2020 and more than 10 webinars were organised with partners such as the Commission, Parliament, the International Labour Organization and Union agencies; notes that the Foundation has an ongoing collaboration with the European Labour Authority (ELA); notes that in 2020 the Foundation and Cedefop continued to cooperate on the European company survey, jointly conducted in 2018/2019, and that the dissemination of activities was organised jointly with the Institute of Labour Economics (IZA); notes that the Foundation is a key data provider for the European Institute for Gender Equality’s Gender Equality Index and a regular exchange of information takes place with the European Agency for Safety and Health at work; notes, in addition, that the Foundation is seeking to establish a memorandum of understanding with the ELA and the European Environment Agency (EEA); welcomes the cooperation and sharing of knowledge of the Foundation as an example worth following for other agencies and bodies; notes that this collaboration promotes the creation of synergies and helps to avoid overlaps;

    Rún (AE) 2022/1795 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2020

  4. #3048419

    á mheabhrú a thábhachtaí atá ról an Lárionaid chun a áirithiú, inter alia, go ndéanfar scileanna digiteacha a chomhtháthú i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint ar fud an Aontais agus go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme agus ar thionchar na dtionscnamh ábhartha, amhail an Moladh ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip, VET don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht agus an plean gníomhaíochta don oideachas digiteach; á chreidiúint go bhféadfadh ról a bheith ag an Lárionad freisin maidir le measúnú a dhéanamh ar thionscadail na mBallstát faoi cholún an chlaochlaithe dhigitigh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne an Lárionad le déanaí chun cuidiú le hanailís a dhéanamh ar thionchar na paindéime agus an aistrithe dhigitigh ar chleachtais ghnó a oiriúnú do na réadúlachtaí nua i margadh saothair an Aontais, mar shampla tríd an suirbhé Eorpach ar chuideachtaí maidir le COVID-19 a rinneadh i gcomhar le Eurofound;

    Recalls the importance of the Centre’s role in ensuring that, inter alia, digital skills are integrated into VET across the Union and that the implementation and impact of relevant initiatives, such as the Council Recommendation on the Skills Agenda for Europe, VET for sustainable competitiveness, social fairness and resilience and the digital education action plan are monitored; believes that the Centre could also play a role in assessing Member States’ projects under the RRF’s digital transformation pillar; welcomes the Centre’s recent work in analysing the impact of the pandemic and digital transition on adapting business practices to the new realities in the Union labour market, for example through the COVID-19 European company survey, in conjunction with Eurofound;

    Rún (AE) 2023/1854 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2021