#326043
Ní fhéadfaidh institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2006/48/CE, gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2004/39/CE, gnóthais árachais a thagann faoi réir an Chéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le tosú agus le saothrú ghnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil [], gnóthais árachais neamhshaoil mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil [], gnóthais athárachais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2005 maidir le hathárachas [], gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) [], institiúidí um chóir ar scor gairme mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2003/41/CE agus cistí infheistíochta malartacha rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialála ach amháin más rud é go bhfuil siad eisithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas agus go bhfuil siad cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Credit institutions as defined in Directive 2006/48/EC, investment firms as defined in Directive 2004/39/EC, insurance undertakings subject to the First Council Directive 73/239/EEC of 24 July 1973 on the coordination of laws, regulations and administrative provisions relating to the taking-up and pursuit of the business of direct insurance other than life assurance [], assurance undertakings as defined in Directive 2002/83/EC of the European Parliament and of the Council of 5 November 2002 concerning life assurance [], reinsurance undertakings as defined in Directive 2005/68/EC of the European Parliament and of the Council of 16 November 2005 on reinsurance [], UCITS as defined in Directive 2009/65/EC of the European Parliament and of the Council of 13 July 2009 on the coordination of laws, regulations and administrative provisions relating to undertakings for collective investment in transferable securities (UCITS) [], institutions for occupational retirement provision as defined in Directive 2003/41/EC and alternative investment funds may use credit ratings for regulatory purposes only if they are issued by credit rating agencies established in the Union and registered in accordance with this Regulation.