Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

22 toradh in 16 doiciméad

  1. #2449608

    A mbeidh fágtha den téarma (blianta)

    Residual maturity (years)

    Treoirlíne (AE) 2022/989 ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Bealtaine 2022 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta (BCE/2022/19)

  2. #500843

    Cuirfear comhaltaí eile ina n-ionad tríd an bpróiseas toghcháin céanna chun a mbeidh fágtha den téarma oifige a chur isteach.

    They shall be replaced through the same election process for the remainder of the term of office.

    Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

  3. #1325261

    (2) Duine a cheapfar faoin mír seo sealbhóidh sé oifig go ceann a mbeidh fágtha den téarma dar ceapadh a réamhtheachtaí.

    (2) A person appointed under this paragraph shall hold office for the remainder of the term for which his predecessor was appointed.

    Uimhir 13 de 1977: ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977

  4. #2016763

    a mbeidh fágtha den téarma dá dtagraítear i dTábla 1 den chéad fhomhír d’Airteagal 153(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

    the remaining maturity as referred to in Table 1 of the first subparagraph of Article 153(5) of Regulation (EU) No 575/2013;

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/598 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun ualaí riosca a shannadh do neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #2345684

    Sna cásanna sin nach gnáthionadú comhalta iad, ceapfaidh an páirtí lena mbaineann comhalta nua nó comhalta malartach nua ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige.

    In those cases apart from normal replacement, the party concerned shall appoint a new member or a new alternate member for the remaining term of office.

    Rialachán (AE) 2022/555 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

  6. #2345748

    Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an chéad duine eile atá ar fáil ar an liosta ionadaithe ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige.

    The Management Board shall appoint the first available person in line on the reserve list for the remaining term of office.

    Rialachán (AE) 2022/555 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

  7. #642803

    I gcás ina n-éiríonn an Cathaoirleach as oifig roimh dheireadh a théarma oifige nó a téarma oifige nó i gcás ina gcuirtear as oifig é nó í, gníomhóidh an Leas-Chathaoirleach mar Chathaoirleach go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ag CCEFI, ar cruinniú é ag a dtoghfar Cathaoirleach go ceann a mbeidh fágtha den téarma.

    In the event that the Chair resigns or is removed before the end of his or her term of office, the Vice-Chair shall act as Chair until the next meeting of the CEAOB, which shall elect a Chair for the remainder of the term.

    Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  8. #966823

    (6) Duine ceapfar chun foth-fholúntas do líonadh in oifig Stiúrthóra (seachas oifig Stiúrthóra sheirbhíse), beidh sé i seílbh oifige go ceann a mbeidh fágtha den téarma do bheadh seilbh oifige ag an Stiúrthóir, ar tréna éag no a eirghe as no a theacht fé dhícháilíocht a tháinig an foth-fholúntas, mara mbeadh é d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht.

    (6) A person appointed to fill a casual vacancy in the office of Director (other than the office of a service Director) shall hold office for the residue of the term for which the Director whose death, resignation, or disqualification created the vacancy would have held office if he had not died, resigned, or become disqualified.

    Uimhir 22 de 1942: ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942

  9. #1303181

    Ar choinníoll, más éard é ceadúnas a dheonóidh duine a bheidh i dteideal aon chearta paitinne ceadúnas na cearta sin a fheidhmiú ag eisiamh an deontóra agus gach duine eile go ceann a mbeidh fágtha den téarma a mhairfidh na cearta, go meastar, chun críocha na Caibidle seo, an deontóir do dhíol iomlán na gceart tríd sin.

    Provided that if a licence granted by a person entitled to any patent rights is a licence to exercise those rights to the exclusion of the grantor and all other persons for the whole of the remainder of the term for which the rights subsist, the grantor shall be treated for the purposes of this Chapter as thereby selling the whole of the rights.

    Uimhir 7 de 1976: AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

  10. #1424369

    (5) I gcás go dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhinse, féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis sin a dhéanamh, cibé bearta is gá a dhéanamh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige dár ceapadh an comhalta a bhí ann roimhe.

    (5) Where a casual vacancy occurs among the members of the Tribunal, the Minister for Finance may, if he thinks it appropriate to do so, take such steps as are necessary to fill the vacancy and the person appointed to fill the vacancy shall hold office for the remainder of the term of office for which his predecessor was appointed.

    Uimhir 17 de 1985: AN tACHT UM CHÁIN FHEIRME, 1985

  11. #1456332

    (5) Más rud é go dtarlóidh corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhinse, féadfaidh an tAire Airgeadais, más iomchuí leis déanamh amhlaidh, cibé bearta a dhéanamh is gá chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha den téarma oifige ar ceapadh a réamhtheachtaí ina leith.

    (5) Where a casual vacancy occurs among the members of the Tribunal, the Minister for Finance may, if he thinks it appropriate to do so, take such steps as are necessary to fill the vacancy and the person appointed to fill the vacancy shall hold office for the remainder of the term of office for which his predecessor was appointed.

    Uimhir 2 de 1988: AN tACHT LUACHÁLA, 1988

  12. #1487819

    (4) Aon duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh in oifig Stiúrthóra (seachas oifig Stiúrthóra sheirbhíse) beidh sé i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha den téarma a mbeadh an Stiúrthóir arbh é a bhás, a éirí as nó a dhícháiliú ba bhun leis an bhfolúntas, i seilbh oifige murach go bhfuair sé bás, gur éirigh sé as nó gur tháinig sé chun bheith dícháilithe.”; [EN]

    (4) A person appointed to fill a casual vacancy in the office of Director (other than the office of a service Director) shall hold office for the residue of the term for which the Director whose death, resignation, or disqualification created the vacancy would have held office if he had not died, resigned or become disqualified.";

    Uimhir 16 de 1989: ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989

  13. #1539581

    líonfar é, de réir na forála iomchuí d' alt 11 (1), ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige a bheidh le seirbheáil ag an duine, agus beidh an comhalta nua in-athainmnithe nó in-atofa i ndeireadh an téarma sin.

    shall be filled, in accordance with the relevant provision of section 11(1), for the remainder of the term of office remaining to be served by the person, and the new member shall be eligible for renomination or re-election at the conclusion of that term.

    Uimhir 8 de 1998: AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

  14. #1560431

    I gcás folúntais sna Dlísheomraí, tar éis dul i gcomhairle le hUachtaráin na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta, déanfaidh an tArd-Rúnaí duine ag a bhfuil na cáilíochtaí i mír 1 thuas a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige lena mbaineann.

    In the event of a vacancy in the Chambers, after consultation with the Presidents of the Security Council and of the General Assembly, the Secretary-General shall appoint a person meeting the qualifications of paragraph 1 above, for the remainder of the term of office concerned.

    Uimhir 40 de 1998: AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

  15. #1560852

    I gcás folúntais sna Dlísheomraí Trialach, tar éis dul i gcomhairle le hUachtaráin na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta, déanfaidh an tArd-Rúnaí duine ag a bhfuil na cáilíochtaí i mír 1 thuas a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige lena mbaineann.

    In the event of a vacancy in the Trial Chambers, after consultation with the Presidents of the Security Council and of the General Assembly, the Secretary-General shall appoint a person meeting the qualifications of paragraph 1 above, for the remainder of the term of office concerned.

    Uimhir 40 de 1998: AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

  16. #1578835

    Má tharlaíonn corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhoird, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord chun an folúntas a líonadh agus beidh comhalta a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige dár ceapadh a réamhtheachtaí, agus déanfar an duine a cheapadh amhlaidh sa tslí a shonraítear i mír 3 nó 5, de réir mar a bheidh, inar ceapadh amhlaidh an réamhtheachtaí sin.

    Where a casual vacancy occurs among the members of the Board, the Minister may appoint a person to be a member of the Board to fill the vacancy and a member so appointed shall hold office for the remainder of the term of office for which his or her predecessor had been appointed, and the person shall be so appointed in the manner specified in paragraph 3 or 5, as the case may be, in which such predecessor was so appointed.

    Uimhir 22 de 1999: AN tACHT INIMIRCE, 1999

  17. #1579104

    Más rud é go bhfaighidh comhalta den Bhinse bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go dtiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhinse chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Bhinse ba chúis leis an bhfolúntas agus sealbhóidh sé nó sí oifig ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige ar ceapadh a réamhtheachtaí ina leith.

    If a member of the Tribunal dies, resigns, becomes disqualified or is removed from office, the Minister may appoint another person to be a member of the Tribunal to fill the casual vacancy so occasioned and the person so appointed shall be appointed in the same manner as the member of the Tribunal who occasioned the vacancy and shall hold office for the remainder of the term of office for which his or her predecessor was appointed.

    Uimhir 22 de 1999: AN tACHT INIMIRCE, 1999

  18. #2067791

    Taiscí seachas taiscí inaistrithe, a mbeidh fágtha den téarma níos ísle nó cothrom le haon bhliain amháin nach féidir a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh ag aon tráth agus nach bhfuil inaistrithe ar airgeadra nó taiscí inaistrithe gan aon chineál sriain ná pionóis shuntasaigh.

    Deposits other than transferable deposits, with remaining maturity inferior or equal to 1 year that cannot be used to make payments at any time and that are not exchangeable for currency or transferable deposits without any kind of significant restriction or penalty.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/897 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid an tuairiscithe maoirseachta do na húdaráis inniúla agus maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  19. #2067792

    Taiscí seachas taiscí inaistrithe, a mbeidh fágtha den téarma níos airde nó cothrom le haon bhliain amháin nach féidir a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh ag aon tráth agus nach bhfuil inaistrithe ar airgeadra nó taiscí inaistrithe gan aon chineál sriain ná pionóis shuntasaigh.

    Deposits other than transferable deposits, with remaining maturity superior to 1 year that cannot be used to make payments at any time and that are not exchangeable for currency or transferable deposits without any kind of significant restriction or penalty.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/897 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid an tuairiscithe maoirseachta do na húdaráis inniúla agus maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  20. #2345685

    Má shuíonn an Bord Bainistíochta, de bharr moladh ó thrian dá chomhaltaí nó ón gCoimisiún, nach gcomhlíonann comhalta nó comhalta malartach ar leith critéir an neamhspleáchais a thuilleadh, ceapfaidh an páirtí lena mbaineann comhalta nua nó comhalta malartach nua ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige freisin.

    The party concerned shall also appoint a new member or a new alternate member for the remaining term of office if the Management Board has established, based on a proposal of one third of its members or of the Commission, that the respective member or alternate member no longer meets the criteria of independence.

    Rialachán (AE) 2022/555 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

  21. #2765343

    Taiscí seachas taiscí inaistrithe, a mbeidh fágtha den téarma tréimhse níos lú ná 1 bhliain amháin nó cothrom le 1 bhliain amháin nach féidir a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh ag aon tráth agus nach bhfuil inaistrithe ar airgeadra nó taiscí inaistrithe gan aon chineál sriain ná pionóis mhóir.

    Deposits other than transferable deposits, with remaining maturity inferior or equal to 1 year, that cannot be used to make payments at any time and that are not exchangeable for currency or transferable deposits without any kind of significant restriction or penalty.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun an fhaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh orthu a chur faoi bhráid a n-údarás maoirseachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  22. #2765344

    Taiscí seachas taiscí inaistrithe, a mbeidh fágtha den téarma tréimhse níos faide ná 1 bhliain amháin, nach féidir a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh ag aon tráth agus nach bhfuil inaistrithe ar airgeadra nó taiscí inaistrithe gan aon chineál sriain ná pionóis mhóir.

    Deposits other than transferable deposits, with remaining maturity superior to 1 year, that cannot be used to make payments at any time and that are not exchangeable for currency or transferable deposits without any kind of significant restriction or penalty.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/894 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na teimpléid le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais chun an fhaisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh orthu a chur faoi bhráid a n-údarás maoirseachta, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2450 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)